Cearta cónaithe
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá sé de cheart agat cónaí i dtír eile den Aontas bíodh tú fostaithe, i do mhac léinn, i do phinsinéir nó i do chuardaitheoir poist. Faigh amach thíos faoi na nósanna imeachta riaracháin nach mór duit cloí leo.
Roghnaigh cás
Mar shaoránach den Aontas, tá an ceart agat bogadh go dtí aon tír eile san Aontas chun cónaí ann, chun obair nó staidéar a dhéanamh ann, chun post a lorg nó chun dul ar scor ann.
Is féidir leat fanacht i dtír eile den Aontas ar feadh suas le 3 mhí gan clárú mar chónaitheoir, ach d’fhéadfadh sé go n-éileodh roinnt tíortha den Aontas ort do láithreacht sa tír a thuairisciú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv. Más mian leat fanacht ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort do chuid cónaithe a chlárú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Ní mór duit cárta aitheantais náisiúnta nó pas bailí a bheith agat. I roinnt mhaith tíortha den Aontas, ní mór duit cárta aitheantais nó pas a bheith leat i gcónaí. Sna tíortha sin, d’fhéadfaí fíneáil a ghearradh ort nó tú a choinneáil go sealadach má fhágann tú do dhoiciméid aitheantais sa bhaile. Mar sin féin, ní féidir iallach a chur ort filleadh ar do thír dhúchais ar an gcúis sin amháin.
Féach an gá duit aitheantas nó pas a bheith leat i gcónaí i do thír óstach:
Roghnaigh tír
Buanchónaí
Má tá cónaí ort go dleathach i dtír eile den Aontas ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana, faigheann tú an ceart buanchónaithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv sa tír sin go huathoibríoch. Féach na cearta atá agat ag brath ar do chás:
Is mian liom:
- obair a dhéanamh
- staidéar a dhéanamh
- post a lorg
- dul scor
- a bheith le mo theaghlach
- rud éigin eile a dhéanamh
obair a dhéanamh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
staidéar a dhéanamh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
dul ar scor bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
post a lorg bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
a bheith le mo theaghlach bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
rud éigin eile a dhéanamh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Mura bhfuil tú i do shaoránach den Aontas agus más mian leat bogadh go dtí an tAontas chun obair nó staidéar a dhéanamh ann, is féidir leat an t-eolas praiticiúil uile a fháil ar Thairseach inimirce an Aontais en.
Gaolta den Aontas bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Eadóirseacht
Má tá ceisteanna agat maidir le bheith i do shaoránach eadóirsithe (an próiseas chun saoránacht a fháil i do thír óstach), is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar ár leathanach eadóirseachta.