Réiteach neamhfhoirmiúil/malartach díospóidí le haghaidh tomhaltóirí

Díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt

Ní gá dul chun na cúirte i gcónaí chun díospóid maidir le conradh nó ceannachán a réiteach. Tá roghanna eile ann ar féidir triail a bhaint astu ar dtús:

  • Iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach go díreach leis an trádálaí
  • Teagmháil a dhéanamh le seirbhís um réiteach malartach díospóidí
  • Teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí.

Iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach go díreach leis an trádálaí

Ar an gcéad dul síos, déan iarracht an díospóid a réiteach go díreach leis an trádálaí. Is é seo an chéad chéim riachtanach sula ndéanfaí teagmháil le haon seirbhís/comhlacht um réiteach malartach díospóidí lasmuigh den chúirt. Cuardaigh sonraí roinn seirbhíse custaiméara an trádálaí ar a shuíomh gréasáin.

Tacaigh le d’éileamh le fianaise amhail d’admháil, do shonrasc, do chonradh, etc.

Mura n-oibríonn sé sin, is féidir leat cabhair a iarraidh ó sheirbhís neodrach um réiteach malartach díospóidí lasmuigh den chúirt. Tá na seirbhísí sin ar fáil i leith díospóidí i ngach earnáil den mhargadh, i do thír féin nó i dtír eile den Aontas.

Teagmháil a dhéanamh le seirbhís um réiteach malartach díospóidí

Má rinne tú iarracht, agus murar éirigh leat, teacht ar réiteach ar d’fhadhb go díreach leis an trádálaí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís/comhlacht um réiteach malartach díospóidí. Chun a fháil amach cé leis ar cheart teagmháil a dhéanamh, ní mór a fhios a bheith agat cén áit a bhfuil an trádálaí lonnaithe. De ghnáth is féidir an méid sin a fháil amach ach amharc ar a shuíomh gréasáin. Cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid ar an trádálaí a bheith rannpháirteach, nó cé acu atá nó nach bhfuil táille i gceist, is ar an reachtaíocht náisiúnta a bhraitheann sé sin.

1. Is i do thír féin atá an trádálaí

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís um réiteach malartach díospóidí i do thír féin. Tá comhlacht neodrach um réiteach malartach díospóidí (RMD) lasmuigh den chúirt ag gach Ballstát a bunaíodh chun

  • cuidiú leat teacht ar réiteach ar do dhíospóid maidir le ceannachán nó conradh
  • réiteach a mholadh, nó a fhorchur, b’fhéidir
  • cuidiú leat ar chostas íseal
  • teacht ar thoradh laistigh de 90 lá.

Comhlacht um réiteach malartach díospóidí a aimsiú i do thír féin.

2. Is i dtír eile san Aontas (nó san Íoslainn nó san Iorua) atá an trádálaí

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís um réiteach malartach díospóidí sa tír ina bhfuil an trádálaí lonnaithe. Comhlacht um réiteach malartach díospóidí a aimsiú sa tír lena mbaineann.

Teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí freisin i do thír féin (ach ní sa tír ina bhfuil an trádálaí lonnaithe). Tá Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí ann i dtíortha uile an Aontais, san Iorua agus san Íoslainn.

Is féidir leo cuidiú leat má bhí fadhb agat tar éis duit táirge nó seirbhís a cheannach sna tíortha sin, in aon earnáil den mhargadh (iompar, baincéireacht, teileachumarsáid, fuinneamh, earraí leictreonacha, fearais tí, carr ar cíos, tirimghlanadh, etc.).

Is féidir leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i do thír féin

  • d’fhiosrú a fhreagairt i do theanga féin
  • do chearta mar thomhaltóir faoi dhlí an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta maidir le tomhaltóirí a chur in iúl duit
  • comhairle a chur ort maidir le bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun dul ar aghaidh le do ghearán
  • cuidiú leat teacht ar réiteach cairdiúil le trádálaí i dtír eile
  • tú a atreorú chuig an gcomhlacht ceart mura féidir leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí cuidiú leat.

Teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i do thír féin.

Warning

Seiceálfaidh an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí ar dtús cé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh tú i dteagmháil leis an trádálaí cheana féin chun iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach. Mura ndeachaigh, molfar duit déanamh amhlaidh.

Scéal samplach

Do dhíospóid leis an trádálaí a réiteach

Ní raibh Jutta, arb as an Iodáil di, sásta le luas a naisc idirlín, arbh ísle é ná an luas a luadh sa chonradh. Chuaigh sí i dteagmháil lena soláthraí idirlín chun gearán a dhéanamh, rud a spreag iad chun luas a naisc a mhéadú. Níorbh éigean do Jutta aon ghníomhaíocht eile a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Scéal samplach

Teagmháil a dhéanamh le seirbhís um réiteach malartach díospóidí

Fuair Armin, arb as an nGearmáin dó, bille óna sholáthraí idirlín a bhí níos airde ná mar a luadh sa chonradh. Tar éis dó iarracht gan rath a dhéanamh an fhadhb leis an trádálaí a réiteach, chuaigh Armin i dteagmháil leis an gcomhlacht ábhartha um réiteach malartach díospóidí sa Ghearmáin, áit a raibh sé in ann teacht ar réiteach ar a laghad míchaoithiúlachta dó.

Scéal samplach

Déan teagmháil leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí

Cheannaigh Sofia, arb as an bPortaingéil di, ríomhaire glúine ó mhiondíoltóir Spáinneach ar líne. Ar an drochuair, nuair a tháinig an ríomhaire glúine, fuair sí amach nach raibh sé ag feidhmiú i gceart. Mhol an trádálaí di é a sheoladh ar ais chuig an monaróir lena dheisiú. Rinne sí amhlaidh, ach níorbh fhada go raibh an fhadhb chéanna aici.

Chuaigh Sofia i dteagmháil leis an trádálaí arís chun aisíocaíocht a iarraidh, ach dúradh léi nach dtabharfaí aon aisíocaíocht go dtí go ndéanfaí an ríomhaire glúine a dheisiú faoi thrí. Chinn sí dul i dteagmháil leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí sa Phortaingéil chun cuidiú a iarraidh. Chomhroinn an oifig sa Phortaingéil an cás lena contrapháirt sa Spáinn, agus chuaigh siadsan i dteagmháil leis an trádálaí. Tar éis don Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí sa Spáinn idirghabháil a dhéanamh, bhailigh an trádálaí an ríomhaire glúine agus thug sé aisíocaíocht iomlán do Sofia.

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 28/04/2026
Share this page