Cineálacha socruithe fostaíochta
Chomh maith le conarthaí lánaimseartha, is féidir leat cineálacha eile conarthaí oibre a thairiscint do do bhaill foirne. Ní mór duit cloí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta á n-úsáid agat. D’fhéadfadh na cineálacha socruithe oibre seo a leanas a chuimsiú mar chonarthaí neamhchaighdeánacha nó mar chineálacha eile conarthaí:
- Obair théarma shocraithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
- Obair pháirtaimseartha
- Obair ghníomhaireachta shealadach bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Má fhostaíonn tú oibrithe óga, ní mór duit cloí le rialacha sonracha maidir le hoibrithe faoi bhun 18 mbliana d’aois a fhostú. Tá rialacha sonracha de chuid an Aontais ann freisin a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe séasúracha nach oibrithe den Aontas iad a fhostú.
D’fhéadfadh roinnt Ballstát den Aontas leibhéil níos airde cosanta a thabhairt d’oibrithe. Chun a chinntiú go dtuigeann tú go hiomlán na hoibleagáidí atá ort mar fhostóir, déan teagmháil leis an údarás náisiúnta fostaíochta i do thír féin.