Oibrithe ar postú - obair shealadach thar lear

Is féidir le d’fhostóir tú a chur ag obair go sealadach i dtír eile den Aontas Eorpach. Le linn na tréimhse sin, gheobhaidh tú an stádas oibrí ar postú agus beidh na bundálaí oibre agus na bunchearta oibre céanna agat agus atá ag oibrithe i do thír óstach.

Féadfaidh postú maireachtáil chomh fada agus is gá chun tasc ar leith a chur i gcrích. Nuair a bheidh do phostú críochnaithe, ba cheart duit filleadh ar d’ionad oibre sa tír den Aontas ónar postaíodh thú.

Eolas nach mór d’fhostóirí a chur ar fáil roimh an bpostú

Faoi rialacha an Aontais, sula dtosaíonn do phostú, tá oibleagáidí ar fhostóirí eolas áirithe a chur ar fáil duit agus d’údaráis inniúla na tíre óstaí.

Má mhaireann do phostú tréimhse níos faide ná 4 seachtaine as a chéile, ní mór do d’fhostóir an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil duit i scríbhinn sula n-imíonn tú:

  • an tír nó na tíortha ina mbeidh tú ag obair (tír óstach)
  • fad measta an phostaithe thar lear
  • an t-airgeadra ina n-íocfar an luach saothair
  • aon sochair (in airgead tirim nó sochair eile) a bhaineann leis an sannachán oibre
  • eolas faoi aisdúichiú: an bhfuil sé ar fáil agus, má tá, cé na coinníollacha atá ann
  • luach saothair de réir dhlí infheidhme na tíre óstaí
  • aon liúntas sonrach a bhaineann leis an bpostú
  • socruithe maidir le speansas taistil, béilí agus lóistín a aisíoc
  • nasc chuig suíomh gréasáin oifigiúil náisiúnta na tíre óstaí maidir le hoibrithe ar postú

Warning

Is faoi thíortha an Aontais atá sé a chinneadh conas a thugann d’fhostóir an t-eolas sin duit. Mar sin féin, is iondúil go ndéantar é trí iarscríbhinn a chur le do chonradh atá ann cheana.

Is féidir le postú maireachtáil suas le 12 mhí, nó 18 mí má chuirtear fógra réasúnaithe faoi bhráid na tíre óstaí. Mar sin féin, má tá an postú níos faide ná 12-18 mí, measfar é mar phostú fadtéarmach.

Warning

Cuimhnigh, má mhaireann an postú níos mó ná 24 mhí, is féidir leat leanúint de do chuid oibre ach d’fhéadfadh sé nach measfaidh na hinstitiúidí inniúla slándála sóisialta tú mar oibrí ar postú a thuilleadh, agus mura ndeonaítear síneadh, seans go mbeidh ort clárú leis an gcóras slándála sóisialta thar lear.

I bhformhór na gcásanna, ní mór do d’fhostóir fógra (dearbhú maidir le postú) a sheoladh chuig na húdaráis inniúla sa tír óstach sula dtosaíonn an postú (nó nuair a thosaíonn sé, ar a dhéanaí) agus na sonraí seo a leanas san áireamh ann:

  • céannacht an fhostóra
  • líon na n-oibrithe ar postú
  • seoladh ionad oibre an phostaithe
  • fad measta an phostaithe, dátaí tosaigh agus deiridh san áireamh
  • an cineál seirbhíse atá á chur ar fáil le linn an phostaithe
  • teagmhálaí a dhéanfaidh idirchaidreamh leis na húdaráis sa tír óstach.

Ina theannta sin, ba cheart do d’fhostóir institiúid inniúil na tíre óstaí a chur ar an eolas má bhíonn aon athrú ann, cuir i gcás mura dtarlaíonn an postú nó má chuirtear isteach ar an bpostú. Léigh tuilleadh faoi na hoibleagáidí maidir le dearbhú ar shuíomh gréasáin na tíre óstaí.

Dálaí oibre

Mar oibrí ar postú, tá tú i dteideal dálaí fostaíochta na tíre óstaí aon uair a bhíonn siad níos fabhraí ná dálaí do thíre baile.

  • gnéithe bunúsacha uile an luacha saothair mar atá sainithe sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch
  • cúiteamh ragoibre
  • liúntais nó aisíocaíocht speansas chun costais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach sa tír óstach le linn an phostaithe (más gá duit taisteal le linn an tsannacháin postaithe)
  • tréimhsí uasta oibre
  • tréimhsí íosta sosa
  • saoire bhliantúil íoctha íosta
  • an tsláinte, an tsábháilteacht agus an sláinteachas ag an obair
  • aon choinníoll a bhaineann go sonrach le daoine a fhostú trí ghníomhaireachtaí a chuireann foireann shealadach ar fáil
  • bearta cosanta do mhná torracha, mná ar rugadh leanbh dóibh le déanaí, agus daoine óga (faoi bhun 18 mbliana d’aois)
  • cóir chomhionann d’fhir agus do mhná agus rialacha eile chun idirdhealú a chosc
  • na dálaí lóistín agus tú ag obair lasmuigh de do ghnátháit oibre, má chuireann d’fhostóir lóistín ar fáil duit.

Warning

Más rud é go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha i do thír bhaile níos fabhraí ná téarmaí agus coinníollacha na tíre óstaí, ní mór do d’fhostóir coinníollacha na tíre baile a choinneáil ar bun le linn an phostaithe.

Cumhdach slándála sóisialta agus tú thar lear

Mar oibrí ar postú, tá tú fós cumhdaithe faoi chóras slándála sóisialta do thíre baile. Chun a chinntiú go leanfaidh tú de bheith cumhdaithe, ní mór do d’fhostóir Doiciméad Iniompartha A1 (foirm PD A1) PDF a fháil ón institiúid slándála sóisialta i do thír bhaile. Cuirfidh do thír bhaile údaráis inniúla na tíre óstaí ar an eolas.

  • ní gá duit clárú le húdaráis slándála sóisialta na tíre óstaí
  • ní charnann tú aon cheart slándála sóisialta breise mar shampla pinsin ná ní bhíonn an ceart chun sochar dífhostaíochta agat sa tír inar postaíodh thú.
  • ní mór do d’fhostóir PD A1 a iarraidh ar an institiúid slándála sóisialta i do thír bhaile.

Warning

Cuirfidh d’fhostóir dáta tosaigh agus dáta deiridh an phostaithe i do PD A1 in iúl do chóras slándála sóisialta do thíre baile. Is é 24 mhí an uastréimhse a cheadaítear ar PD A1.

Mar sin féin, más faide ná 24 mhí do phostú, féadfaidh tú ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:

  • Aistriú chuig córas slándála sóisialta na tíre ina bhfuil tú ar postú. Cé gur féidir leat leanúint de do chuid oibre, ní mheasfar mar oibrí ar postú thú a thuilleadh faoi rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta.
  • A iarraidh ar d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar shíneadh a chur le bailíochta na foirmePD A1 i leith do thréimhse postaithe chun go mbeidh tú cumhdaithe i do thír bhaile go fóill. Deonófar an síneadh má thagann na húdaráis sa dá thír ar chomhaontú frithpháirteach agus más chun do leasa é.

Tuilleadh eolais faoin gcumhdach slándála sóisialta atá agat agus tú ar postú i dtír eile den Aontas.

Postú fadtéarmach

Má sháraítear an tréimhse chaighdeánach postaithe (12-18 mí), cuirfear tús leis an bpostú a mheas mar thréimhse fhadtéarmach. Ón tráth sin, ráthófar na bundálaí agus na bunchearta oibre uile duit, cé is moite díobh siúd a bhaineann le conarthaí a fhoirceannadh; agus pinsin oibre fhorlíontacha.

Níl teorainn ama leis an bpostú fadtéarmach, agus beidh feidhm ag a rialacha uile fad a bheidh an postú ar siúl.

Má phostaítear thú i dtír eile san Aontas, b’fhéidir go dteastódh uait go mbeadh do theaghlach in éineacht leat ansin. Is féidir le do theaghlach sin a dhéanamh de bhun a gceart féin mar shaoránaigh den Aontas, ach ní mar chleithiúnaithe agat.

Cáin ioncaim

Má oibríonn tú i do thír óstach ar feadh níos mó ná 6 mhí, meastar mar chónaitheoir cánach thú agus íocann tú cáin ioncaim sa tír sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh do thír bhaile cáin a ghearradh ort más rud é:

  • go gcoinníonn tú do sheoladh buan i do thír bhaile;
  • go bhfuil do naisc phearsanta agus eacnamaíocha leis an tír sin níos láidre.

Mar sin féin, ní ann do rialacha uile-Aontais lena leagtar amach cén tír a fhéadfaidh cáin a ghearradh ar d’ioncam le linn postaithe. D’fhéadfadh sé go bhfuil sé sin leagtha amach i ndlíthe náisiúnta nó i gcomhaontuithe cánach idir na tíortha san Aontas. Déan seiceáil i gcónaí ar na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leatsa, trí theagmháil a dhéanamh le húdaráis chánach do thíre baile agus do thíre óstaí araon.

Warning

Féach an t-eolas is déanaí faoi chánachas dúbailte ionas nach ngearrfar cáin faoi dhó ar d’ioncam.

Scéal samplach

Is altra é Pere atá fostaithe ag ospidéal sa Spáinn agus seoltar chun bheith ag obair sa tSualainn é ar feadh 11 mhí ar thréimhse shealadach. Coinneoidh sé a áit chónaithe bhuan ina thír bhaile.

Sula bhfágann sé, iarrann fostóir Pere foirm PD A1 ar údarás inniúil na Spáinne chun a léiriú go bhfuil sé fós cumhdaithe ag slándáil shóisialta na Spáinne le linn an phostaithe. Cuirfidh údaráis na Spáinne údaráis na Sualainne ar an eolas ansin faoin bpostú.

Agus é ag obair sa tSualainn, fanann sé faoi árachas sa Spáinn le haghaidh ranníocaíochtaí agus sochair slándála sóisialta. An tráth céanna, ní mór dó na dálaí oibre a bhfuil feidhm acu sa tSualainn a fháil, cuir i gcás rialacha maidir le pá, am oibre agus an tsláinte agus an tsábháilteacht, má tá na dálaí sin níos fabhraí.

De ghnáth, bheadh ar Pere a cháin ioncaim a íoc sa tSualainn, toisc go bhfuil sé ag fanacht níos faide ná 6 mhí. D’fhéadfadh sé go mbeadh air fós cánacha ioncaim a íoc sa Spáinn, áfach, ós rud é go bhfuil a áit chónaithe bhuan á choinneáil aige sa tír sin. Ós rud é go bhfuil na rialacha sin tírshonrach, is fiú do Pere an áit ar cheart dó cáin ioncaim a íoc agus conas cánachas dúbailte a sheachaint a sheiceáil le húdaráis chánach na Sualainne agus na Spáinne.

Suíomhanna gréasáin náisiúnta maidir le postú

Déan seiceáil ar shuíomh gréasáin náisiúnta do thíre óstaí chun téarmaí agus coinníollacha oibre na n-oibrithe ar postú a fháil amach, chomh maith le sonraí teagmhála na n-údarás áitiúil.

Suíomhanna gréasáin náisiúnta maidir le postú

Oifigigh Idirchaidrimh Náisiúnta

Tá údarás inniúil ag gach tír a fhéadfaidh ceisteanna a fhreagairt maidir le hoibrithe a phostú. Tá sonraí teagmhála na nOifigí Idirchaidrimh Náisiúnta seo ar fáil faoin gcnaipe ‘Cuir ceist ar údaráis riaracháin náisiúnta’ thíos.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil féach treoir ghearr an Aontais maidir le hoibrithe a phostú

Féach chomh maith treoir phraiticiúil an Aontais maidir le postú

CCanna

See also

Léigh faoi na rialacha slándála sóisialta nua a bheidh i bhfeidhm ó 2028 ar aghaidh.

EU legislation

Need more information on rules in a specific country?

Roghnaigh tír

An Ostair

Bundesministerium für Arbeit und Wirtschaft

Federal Ministry of Labour and Economy

Favoritenstraße 7

AT-1040 Wien

Contact form Open as an external link en

An Bheilg

FPS Employment, Labour and Social Dialogue, Belgian liaison office, Directorate-general labour law and legal studies

SPF Emploi, Travail et Concertation sociale, Bureau de liaison belge, Direction Générale Droit du travail et études juridiques

FOD Werkgelegenheid, Arbeid en Sociaal Overleg, Belgisch verbindingsbureau, Algemene directie arbeidsrecht en juridische studiën

Rue Ernest Blerot 1

BE-1070 Bruxelles/Brussel

Employment Belgium Open as an external link enfrnl

An Bhulgáir

Министерство на труда и социалната политика - ИА Главна инспекция по труда

Ministry of Labour and Social Policy - General Labour Inspectorate EA

3 Kniaz Aleksandar Dondukov blvd.

BG-1000 Sofia

Website Open as an external link en

An Chróit

Ministarstvo rada, mirovinskoga sustava, obitelji i socijalne politike

Ministry of Labour, Pension System, Family and Social Policy

Ulica grada Vukovara 78

HR-10000 Zagreb

Website Open as an external link hr

An Chipir

Υπουργείο Εργασίας , Πρόνοιας και Κοινωνικών Ασφαλίσεων - Τμήμα Εργασίας

Ministry of Labour, Welfare and Social Insurance - Department of Labour

9 Klimentos Str

CY-1480 Nicosia

Website Open as an external link en

An tSeicia

Ministerstvo práce a sociálních věcí

Ministry of Labour and Social Affairs

Na Poříčním právu 1

CZ-128 01 Praha 2

  • Posting and social security Open as an external link en
  • Posting a foreigner to the Czech republic Open as an external link en
An Danmhairg

Danish Working Environment Authority

Landskronagade 33

2100 København Ø

  • Posting regulations Open as an external link en
  • Social security cover Open as an external link en
An Eastóin

Tööinspektsioon; Ms Liis Naaber-Kalm

Labour Inspectorate

Mäealuse 2/2

EE-12618 Tallinn

Website Open as an external link en

An Fhionlainn

Tyosuojelu

Arbetarskyddsförvaltningen

Occupational Safety and Health Administration

Occupational Safety and Health Administration Open as an external link en

An Fhrainc

Bureau de liaison nationale - Direction générale du travail - Ministère du Travail

National Liaison Office - Directorate General for Labour - Ministry for Labour

39-45, quai André Citroën

FR-75902 Paris Cedex 15

Posting of employees - Ministry for Labour Open as an external link en

An Ghearmáin

Generalzolldirektion Direktion VII - Finanzkontrolle Schwarzarbeit

Directorate VII of the Central Customs Authority - Financial Control of Undeclared Work

Josef-Lammerting-Allee 24-34

DE-50933 Köln

Central Customs Authority Open as an external link en

An Ghréig

Ministry of Labour and Social Affairs, Directorate-General of Employment Relationships, Occupational Health and Safety and Labour Market Integration

Directorate of Individual Contractual Labour Arrangements, Section of Individual Labour Contract (D. Pantazidou, A. Revela)

29 Stadiou Str.

10559 Athens

Greece

ypergasias.gov.gr Open as an external link el

Ministry of Labour and Social Affairs, Directorate-General of Employment Relationships, Occupational Health and Safety and Labour Market Integration

Directorate of Health and Safety at Work, Section of Working Conditions and Strategic Planning (V. Papanastasiou, A. Mandalou)

29 Stadiou Str.

10559 Athens

Greece

ypergasias.gov.gr Open as an external link el

Labour Inspectorate, Independent Authority

Central Division, Directorate of Planning and Coordination of Labour Relations Inspection (A. Mpouzios, D. Souliotis)

10 Agisilaou Str.

10437 Athens

Greece

sepe.gov.gr Open as an external link el

An Ungáir

Nemzetgazdasági Minisztérium - Munkafelügyelet Foglalkoztatás-felügyelet

Ministry for National Economy - Hungarian Labour Inspectorate

P.O. Box 17.

HU 1358 Budapest

Website Open as an external link en

An Íoslainn

Velferðarráðuneytið

Ministry of Social Affairs

Skogarhlid 6

IS-150 Reykjavik

Website Open as an external link en

Éire

Workplace Relations

O'Brien Road

Carlow

Ireland

Website Open as an external link en

An Iodáil

Ministero del Lavoro e delle Politiche Sociali; Direzione Generale dei rapporti di lavoro e delle relazioni industriali

Ministry of Labour and Social Policy

Via Fornovo, 8

IT-00192 Roma

Website Open as an external link en

An Laitvia

Valsts darba inspekcija

State Labour Inspectorate

Kr. Valdemara Street 38

LV-1010 Rīga

Website Open as an external link en

Lichtinstéin

Amt für Volkswirtschaft - Abteilung Wirtschaft

Office of National Economy - Department of Economic Affairs

Haus der Wirtschaft

Poststrasse 1

LI-9494 Schaan

Website Open as an external link de

An Liotuáin

Valstybinė darbo inspekcija

State Labour Inspectorate

Algirdo Str. 19

LT-03607 Vilnius

Website Open as an external link en

Lucsamburg

Inspection du travail et des mines

Labour and Mines Inspectorate

3, rue des Primeurs

L-2361 Strassen

Website Open as an external link fr

Málta

Department for Industrial and Employment Relations

121, Melita Street

VLT 1121 Valletta

Website Open as an external link en

+356 23 97 51 99

Helpline

  • 1575 for Employees
  • 1576 for Employers
An Ísiltír

Ministerie van Sociale Zaken en Werkgelegenheid - Inspectie SZ

Ministry of Social Affairs and Employment - Labour Inspectorate

Parnassusplein 5, NL-2511 VX Den Haag

P.O Box 90801, NL-2509 LV Den Haag

  • postedworkers.nl Open as an external link nlende
  • wholandii.pl Open as an external link pl
  • nlarbeidsinspectie.nl Open as an external link nlen
An Iorua

Arbeidstilsynet

Labour Inspection Authority

Postboks 4720 Torgard

NO-7468 Trondheim

www.arbeidstilsynet.no Open as an external link enen

An Pholainn

Państwowa Inspekcja Pracy - Główny Inspektorat Pracy

National Labour Inspectorate - Chief Labour Inspectorate

ul. Barska 28/30

PL-02 315 Warszawa

Website Open as an external link en

An Phortaingéil

Autoridade para as Condições do Trabalho (ACT)

Authority for Working Conditions

Praca de Alvalade n. 1

1749-043 LISBON

  • Website Open as an external link pt
  • e-forms Open as an external link pt
An Rómáin

Inspecția Muncii

Labour Inspectorate

Strada Matei Voievod, nr. 14

RO-030167, Sector 2

București

An tSlóvaic

Národný inšpektorát práce

National Labour Inspectorate

Masarykova 10

SK-040 01 Kosice

Website Open as an external link en

An tSlóivéin

Ministrstvo za delo, družino, socialne zadeve in enake možnosti

Ministry of Labour, Family, Social Affairs and Equal Opportunities

Štukljeva cesta 44

SI-1000 Ljubljana

Website Open as an external link en

An Spáinn

Dirección General de Trabajo

General Directorate of Labour

Pío Baroja, 6

ES-28009 Madrid

  • Desplazamiento - Datos de contacto Open as an external link es
  • Desplazamiento Open as an external link es
An tSualainn

Arbetsmiljöverket

Swedish Work Environment Authority

Box 9082

SE-171 09 Solna

Website Open as an external link en

* Information not yet available.

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 29/09/2026
Share this page