Uchtú
Ní rialaítear le dlí an Aontais na ceanglais agus na nósanna imeachta a bhaineann le huchtú intíre ná idirnáisiúnta a dhéanamh i mBallstát den Aontas. Mar sin féin, is féidir leanbh a uchtú i mBallstáit uile an Aontais, faoina ndlíthe náisiúnta faoi seach. Cuireann gach Ballstát den Aontas a riachtanais agus a nósanna imeachta féin i bhfeidhm maidir le huchtú, ar féidir leo a bheith ina n-uchtuithe intíre, idirnáisiúnta (leanbh a uchtú ó Bhallstát eile den Aontas nó ó thír nach Ballstát den Aontas í), nó uchtú dara tuismitheoir. I gcás uchtú dara tuismitheoir (ar a dtugtar uchtú leas-tuismitheora freisin), uchtaíonn leas-tuismitheoir leanbh a chéile nó a pháirtí (nach bhfuil aon naisc bhitheolaíocha acu leis) agus, dá bhrí sin, beidh beirt tuismitheoirí dlíthiúla ag an leanbh.
Tá prionsabail áirithe ag Ballstáit uile an Aontais atá cumhdaithe i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le huchtú, cuir i gcás:
- tuismitheoirí bitheolaíocha an linbh, má mhaireann siad i gcónaí, ní mór dóibh aontú leis an uchtú faoi shaoirse
- ní mór an t-uchtú a chinneadh ar mhaithe le leas an linbh
- ní mór do chúirt nó d’údarás riaracháin an t-uchtú a cheadú.
I mBallstáit uile den Aontas, beidh na cearta céanna ag an leanbh uchtaithe agus atá ag leanbh bitheolaíoch, cuir i gcás an ceart sloinne na dtuismitheoirí uchtaíocha a ghlacadh, agus cearta oidhreachta. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tuismitheoirí uchtaíocha i leith a linbh uchtaithe agus a bheadh acu i leith linbh bhitheolaíoch.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le huchtú, féach suíomh gréasáin an Bhallstáit ábhartha den Aontas thíos.