Dearbhú comhréireachta a shíniú

Cad é dearbhú comhréireachta?

Doiciméad dlíthiúil éigeantach atá i nDearbhú Comhréireachta an Aontais (DoC) nach mór duit a shíniú i do cháil mar mhonaróir (nó mar ionadaí údaraithe) chun a dhearbhú go gcomhlíonann do tháirgí ceanglais uile an Aontais.

Ní shínítear an DoC ach amháin tar éis duit na ceanglais dhlíthiúla do do tháirge bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a chomhlíonadh, i.e. an measúnú comhréireachta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv ábhartha a dhéanamh, agus an doiciméadacht theicniúil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv tacaíochta uile a chur i dtoll a chéile.

Is ionann DoC a shíniú agus a rá go nglacann tú freagrachtiomlán as do tháirge dlí an Aontais a chomhlíonadh mar is infheidhme.

Cé atá freagrach as an dearbhú comhréireachta?

Tá freagracht dhlíthiúil ar mhonaróirí a chinntiú go gcomhlíonann a dtáirge ceanglais uile an Aontais agus as an dearbhú comhréireachta a eisiúint, is cuma cé acu laistigh nó lasmuigh den Aontas atá siad bunaithe.

Meastar gur tusa an monaróir má dhéanann tú féin táirge, nó má dhéantar an táirge ar do shon agus má dhíolann tú é faoi d’ainm nó faoi do bhranda féin. I do cháil mar mhonaróir, féadfaidh tú ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas a cheapadh chun cúraimí sonracha a dhéanamh thar do cheann, amhail:

  • comhar le húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh
  • an doiciméadacht is gá a sholáthar (e.g. DoC agus comhaid theicniúla)
  • tacú le gníomhaíochtaí ceartaitheacha más gá

Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do mhonaróirí nach den Aontas iad a dhíolann táirgí san Aontas.

Má tá comhpháirteanna ó sholáthraithe iomadúla i do tháirge, braitheann an fhreagracht ó thaobh DoC de ar an ról atá agat:

  • Má chuireann tú an táirge deiridh ar mhargadh an Aontais, ní mór duit DoC a eisiúint lena gcumhdófar an táirge iomlán, fiú má tá marcáil CE ar chomhpháirteanna aonair cheana féin.
  • Mura soláthraíonn tú ach comhpháirt, is tusa amháin atá freagrach as comhlíonadh na comhpháirte sin, agus í sin amháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá fós le DoC chun críoch ‘gnólacht le gnólacht’ nó chun críoch comhtháthaithe.

Warning

Is ar an bpáirtí a chuireann an táirge deiridh ar an margadh faoina ainm nó faoina bhranda féin atá an oibleagáid dhlíthiúil i leith an DoC.

An méid atá le cur san áireamh i ndearbhú comhréireachta

Ní mór an t-eolas seo a leanas a bheith i ndearbhú comhréireachta en an Aontais en :dearbhú comhréireachta an Aontais

Riachtanais teanga agus aistriúcháin

Ní mór duit dearbhú comhréireachta an Aontais a aistriú go teanga/teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndíoltar do tháirge. Ní mór é a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin, cé go gceanglaítear le roinnt rialacha táirge de chuid an Aontais go ngabhfaidh DoC leis an táirge (e.g. trealamh raidió).

Cé atá in ann an dearbhú comhréireachta a shíniú?

Ní mór do dhuine a bhfuil údarás dlíthiúil aige ionadaíocht a dhéanamh don mhonaróir nó don ionadaí údaraithe an dearbhú a shíniú:

  • stiúrthóir, oifigeach comhlíontachta, nó bainisteoir sinsearach de ghnáth
  • ní gá don sínitheoir a bheith ina shaoránach den Aontas ná cónaí san Aontas a bheith air
  • deimhnítear leis an síniú go gcomhlíonann an táirge ceanglais ábhartha uile an Aontais

Ní mór ainm, post, agus síniú an tsínitheora, agus an dáta eisiúna, a bheith san áireamh sa dearbhú.

An dearbhú comhréireachta a choinneáil cothrom le dáta

Ní mór DoC a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta chun aon athruithe a léiriú, ina measc sin:

  • modhnuithe ar an táirge (e.g. dearadh, comhpháirteanna, ábhair)
  • nuashonruithe ar an reachtaíocht AE is infheidhme nó ar chaighdeáin chomhchuibhithe
  • athruithe ar shonraí teagmhála an mhonaróra nó an ionadaí údaraithe
  • malartuithe i gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta nó i nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

Warning

Má dhéanann tú modhnuithe substaintiúla ar tháirge a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá chomhlíontacht (i.e. an t-athrú ar na rioscaí a bhaineann leis), ba cheart duit measúnú comhréireachta nua a dhéanamh sula gcuirfidh tú ar an margadh arís é.

Ní mór cóip den dearbhú is déanaí a choinneáil go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar mhargadh an Aontais, agus sin a chur ar fáil do na húdaráis arna hiarraidh sin dóibh.

See also

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 24/11/2025
Share this page