Gearáin agus réiteach díospóidí
Má cheapann tú gur sháraigh an chuideachta a sholáthraíonn do ghás nó do leictreachas do chearta (coinníollacha conartha, cáilíocht seirbhíse, etc.), is féidir leat gearán a dhéanamh leis an soláthróir. Ní mór don soláthróir a insint duit conas an gearán a chomhdú, rud a chuirfidh ar do chumas do dhíospóid a réiteach go pras agus aisíocaíocht agus/nó cúiteamh a fháil, más infheidhme.
Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar láimhseáladh do ghearán, tá sé de cheart agat freisin iarracht a dhéanamh an díospóid a réiteach le cuidiú ó chomhlacht neamhspleách chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt, cuir i gcás ombudsman fuinnimh.
Ní dhéanann sé sin difear do do cheart cás a thabhairt os comhair cúirte ina dhiaidh sin, más gá.
Scéal samplach
Féadfaidh ombudsman cabhrú le do ghearán
Ní raibh Helen ón Fhrainc sásta lena bille leictreachais. Níor thuig sí conas ar tháinig an chuideachta ar an méid a bhí le híoc agus shíl sí go raibh sé iomarcach.
Rinne sí gearán i scríbhinn lena soláthraí leictreachais ach ní raibh an freagra a fuair sí sásúil. Ocht seachtaine tar éis an gearán a dhéanamh, gearán nár réitigh an chuideachta, chinn Helen a cás a thuairisciú don ombudsman fuinnimh. D’iarr an t-ombudsman ar an gcuideachta míniú a thabhairt ar an méid a tharla agus d’iarr sé orthu an fhadhb a chur ina ceart. D’admhaigh an chuideachta go ndearna siad earráid agus bille Helen á ríomh acu. D’athraigh siad formáid chaighdeánach a mbillí freisin, chun an t-eolas a dhéanamh níos soiléir do thomhaltóirí.
Pointí teagmhála náisiúnta don fhuinneamh
Tá pointí teagmhála náisiúnta ag gach tír san Aontas inar féidir leat eolas a fháil faoi do chearta fuinnimh, faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair, agus faoin gcaoi le déileáil go héifeachtach le díospóid a bhaineann le soláthróir gáis nó leictreachais. Cuireann cuid acu uirlisí comparáide praghsanna ar fáil freisin.
Aimsigh pointe teagmhála náisiúnta do thíre féin.