Réiteach díospóidí tomhaltóirí
Má bhíonn fadhb agat le hearra nó seirbhís a ceannaíodh i do thír féin nó i dtír eile den Aontas, is cuma cé acu ar líne nó i siopa fisiciúil a cheannaigh tú é, tá bealaí éagsúla ann inar féidir leat iarracht a dhéanamh do chuid airgid a fháil ar ais/d’éileamh a dhéanamh ar shásamh, mar atá:
- Réiteach malartach díospóidí: mura féidir leat do dhíospóid a réiteach go díreach leis an trádálaí, faigh cabhair ó sheirbhís um réiteach malartach díospóidí nó déan teagmháil le Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net)
- Caingean dlí: d’fhéadfá smaoineamh ar nós imeachta cúirte, caingean ionadaíoch, nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga agus sásraí simplithe um éilimh thrasteorann, mar atá an t-ordú íocaíochta Eorpach.
Last checked: 28/04/2026