Ráiteas inrochtaineachta

Is le hábhar a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin Your Europe san fhearann https://europa.eu/youreurope a bhaineann an ráiteas seo
Ní bhaineann sé le hábhar ná le suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar europa.eu. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.

Is í Ard-Stiúrthóireacht GROW an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá an suíomh gréasáin deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.

Ba chóir duit a bheith in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
  • codarsnacht dathanna leordhóthanach a fheiceáil
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí nua-aimseartha aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)

Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir den chuid is mó le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.2 Leibhéal ‘AA’. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 01 Márta 2025.

Ullmhúchán an ráitis seo

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 26 Márta 2025.
An modh a úsáidtear chun an ráiteas a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún ná féinmheasúnú arna dhéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin Your Europe. Cuir in iúl dúinn é má aimsíonn tú baic ar an inrochtaineacht.

  • Foirm aiseolais: Is féidir leat úsáid a bhaint as ár bhfoirm aiseolais ag bun aon leathanaigh (‘Aiseolas maidir le cáilíocht’). Tá an t-aiseolas sin anaithnid. Ná tabhair sonraí pearsanta agus bíodh a fhios agat nach bhfaighidh tú freagra.
  • Ríomhphost: Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ar your-europe@ec.europa.eu. Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas maidir le fadhbanna inrochtaineachta laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaighimid an fiosrúchán.

Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta

Tá suíomh gréasáin Your Europe deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha is mó a úsáidtear, mar atá:

  • an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome agus Apple Safari;
  • in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht shuíomh gréasáin Your Europe ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an teaglaim ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
• HTML
• WAI-ARIA
• CSS
• JavaScript

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht shuíomh gréasáin Your Europe a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Lochtanna a bhfuilimid ar an eolas fúthu ar shuíomh gréasáin Your Europe:

  1. d’fhéadfadh droch-chodarsnacht dathanna a bheith ann ar roinnt leathanach
  2. d’fhéadfadh sé nach mbeadh cuid den fheidhmiúlacht chomh inrochtana céanna trí úsáid a bhaint as méarchlár amháin
  3. tá roinnt gnéithe ceannteidil ann nach bhfuil in úsáid go comhsheasmhach
  4. tá roinnt teachtaireachtaí earráide ann nach bhfuil ceangal soiléir acu le rialtáin foirme
  5. is i bhformáid PDF atá roinnt doiciméad agus níl siad inrochtana
Last checked: 25/04/2025
Share this page