Cearta aerphaisinéirí

Bíonn feidhm ag cearta aerphaisinéirí an Aontais sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá d’eitilt laistigh den Aontas agus má oibríonn aerlíne den Aontas í nó aerlíne nach den Aontas í
  • Má thagann d’eitilt isteach san Aontas ó lasmuigh den Aontas agus má oibríonn aerlíne de chuid an Aontais í
  • Má imíonn d’eitilt ón Aontas chuig tír nach den Aontas í agus má oibríonn aerlíne den Aontas í nó aerlíne nach den Aontas í
  • Mura bhfuil sochair faighte agat cheana féin (cúiteamh, athródú, cúnamh ón aerlíne) le haghaidh fadhbanna a bhaineann le heitiltí don turas sin faoin dlí ábhartha i dtír nach den Aontas í.

Ciallaíonn an tAontas na 27 dtír den Aontas, ina measc Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion, Saint-Barthélemy, Saint-Martin (Aintillí na Fraince), na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha, ach ní Oileáin Fharó. Tá feidhm ag rialacha an Aontais freisin maidir le heitiltí chuig an Íoslainn Open as an external link , an Iorua en agus an Eilvéis, agus ó na tíortha sin freisin.

Warning

Ní mór fógra clóite nó leictreonach lena gcuirtear cearta aerphaisinéirí an Aontais in iúl duit a bheith ar taispeáint go soiléir ag deasc seiceála isteach an aerfoirt, ag bothanna seiceála isteach agus ar líne. Má diúltaíodh cead bordála duit, má cuireadh d’eitilt ar ceal, má bhí moill níos mó ná 2 uair an chloig ort ag imeacht nó má bhíonn moill fhada ort ag teacht isteach chuig do cheann scríbe deiridh, ní mór don aerlíne fógra i scríbhinn a thabhairt duit ina leagtar amach na rialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh.

Cad é a chuaigh amú?

Conas do chearta a éileamh

Déan do chearta a éileamh!

Cead bordála a dhiúltú

D’fhéadfadh an aerlíne cead bordála a dhiúltú duit sna cásanna seo a leanas:

  • Ar chúiseanna sábháilteachta, slándála nó sláinte (mar shampla, murar chuir tú an aerlíne ar an eolas roimh ré faoi aon ghalar tógálach tromchúiseach nó aon ailléirge thromchúiseach) nó mura bhfuil na doiciméid taistil chearta agat (tuilleadh eolais maidir leis na doiciméid a theastaíonn uait chun taisteal san Eoraip bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv )
  • Murar thóg tú an eitilt amach a bhí mar chuid d’áirithint a raibh eitilt fillte ag gabháil léi
  • Murar thóg tú an eitilt/na heitiltí eile a bhí san áireamh mar chuid d’áirithint a raibh eitiltí leantacha ag gabháil léi
  • Mura bhfuil na doiciméid ábhartha agat do do pheata agus é ag taisteal leat

Má tá tú in am chun seiceáil isteach, agus áirithint eitilte agus doiciméadacht taistil bhailí agat, agus má dhiúltaíonn an aerlíne cead bordála duit i ngeall ar ró-áirithint nó ar chúiseanna oibríochtúla, agus mura dtugann tú do shuíochán suas go deonach, tá tú i dteideal an méid seo a leanas:

Eitilt a cuireadh ar ceal

Cuirtear eitilt ar ceal sna cásanna seo a leanas:

  • caitear sceideal na heitilte in aer, agus aistrítear chuig eitilt sceidealta eile thú
  • tugtar am imeachta d’eitilte chun tosaigh níos mó ná 1 uair an chloig
  • d’éirigh an t-aerárthach de thalamh ach b’éigean dó filleadh ar an aerfort imeachta agus aistríodh chuig eitilt eile thú
  • tagann d’eitilt isteach chuig aerfort nach é an ceann scríbe deiridh é atá luaite ar do thicéad, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
    • Ghlac tú le hathródú (faoi choinníollacha iompair inchomparáide a luaithe is féidir) chuig aerfort do chinn scríbe bhunaidh nó chuig aon cheann scríbe eile a chomhaontaigh tú eitilt isteach ann. Sa chás sin, meastar gur moill é, ní cealú.
    • Freastalaíonn an t-aerfort teacht isteach agus aerfort an chinn scríbe deiridh bhunaidh ar an mbaile, ar an gcathair nó ar an réigiún céanna. Sa chás sin, meastar gur moill é, ní cealú.

Má chuirtear d’eitilt ar ceal, tá an ceart agat chun rogha a dhéanamh idir aisíocaíocht, athródú nó filleadh. Tá tú i dteideal cúnamh ag an aerfort freisin.

Má cuireadh ar an eolas thú faoin gcealú níos lú ná 14 lá roimh an dáta imeachta sceidealta, tá an ceart agat chun cúiteamh a fháil. Tá oibleagáid ar an aerlíne a chruthú ar cuireadh in iúl duit go pearsanta gur cuireadh an eitilt ar ceal agus cathain a cuireadh é sin in iúl duit. Murab amhlaidh an cás, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás náisiúnta PDF en chun tuilleadh cúnaimh a fháil.

Mar sin féin, níl cúiteamh ag dul duit más féidir leis an aerlíne a chruthú gur cúinsí eisceachtúla nárbh fhéadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta ab fhéidir ba chúis leis an gcealú. Chun é sin a chruthú, ní mór don aerlíne sleachta as logleabhair nó as tuarascálacha teagmhais a chur ar fáil, mar shampla. Ba cheart don aerlíne an fhianaise sin a thabhairt don chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe ábhartha agus do na paisinéirí lena mbaineann i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid.

Déan do chearta a éileamh!

Moill

Má bíonn moill ar d’eitilt agus tú ag imeacht, tá an ceart agat chun cúnamh, aisíocaíocht agus eitilt fillte a fháil, ag brath ar fhad na moille agus ar achar na heitilte.

Má shroich tú do cheann scríbe deiridh agus moill 3 uair an chloig nó níos mó ort, tá tú i dteideal cúiteamh a fháil, ach amháin más cúinsí eisceachtúla ba chúis leis an moill. Chun é sin a chruthú, ní mór don aerlíne sleachta as logleabhair nó as tuarascálacha teagmhais a chur ar fáil, mar shampla. Ba cheart don aerlíne an fhianaise sin a thabhairt don chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe ábhartha agus do na paisinéirí lena mbaineann i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid.

Déan do chearta a éileamh!

Rinneadh ró-áirithint ar d’eitilt

Má tá tú in am chun seiceáil isteach, agus áirithint eitilte agus doiciméadacht taistil bhailí agat, agus má dhiúltaítear cead bordála duit i ngeall ar ró-áirithint nó ar chúiseanna oibríochtúla, agus mura dtugann tú do shuíochán suas go deonach, tá tú i dteideal an méid seo a leanas:

Uasghrádú nó íosghrádú

Má uasghrádaítear thú, ní féidir leis an aerlíne aon íocaíocht bhreise a iarraidh.

Má íosghrádaítear thú, tá tú i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chéatadán de phraghas do thicéid, ag brath ar achar na heitilte mar seo a leanas:

a) 30% - eitiltí 1,500 km nó níos giorra

b) 50% - eitiltí laistigh den Aontas ar faide iad ná 1,500 km (seachas eitiltí idir an tAontas agus na ranna Francacha thar lear), agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km

c) 75% - eitiltí nach dtagann faoi (a) ná (b), eitiltí idir an tAontas agus ranna Francacha thar lear ina measc

Má tá dhá nasceitilt nó níos mó san áireamh mar chuid d’aon ticéad aonair, ní féidir aisíocaíocht a fháil ach amháin i leith na heitilte a íosghrádaíodh agus ní i leith an turais ar fad. Ba cheart an aisíocaíocht a íoc laistigh de 7 lá.

Déan do chearta a éileamh!

Chaill tú do nasceitilt

Is éard is nasceitiltí ann turais inar gá duit níos mó ná aon eitilt amháin a thógáil chun do cheann scríbe deiridh a bhaint amach.

Má chailleann tú nasceitilt, agus má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill níos mó ná 3 uair an chloig ort, tá tú i dteideal cúiteamh a fháil. Déantar an cúiteamh a ríomh de réir fhad na moille agus an achair go dtí do cheann scríbe deiridh.

Tá an ceart agat chun cúiteamh a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • má cuireadh d’eitiltí in áirithe mar chuid d’áirithint aonair agus
  • go mbíonn feidhm ag cearta aerphaisinéirí an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv agus
  • nárbh iad cúinsí eisceachtúla ba chúis leis an moill ar d’am teachta

Warning

Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil má chailleann tú do nasceitilt mar gheall ar mhoilleanna ag seiceálacha slándála ná murar chloígh tú le ham bordála d’eitilte ag aerfort an aistrithe.

Déan do chearta a éileamh!

Bagáiste a cailleadh, a rinneadh damáiste dó nó cuireadh moill air

Bagáiste a seiceáladh isteach

Má chailltear do bhagáiste a seiceáladh isteach, má rinneadh damáiste dó nó má cuireadh moill air, tá an aerlíne faoi dhliteanas agus tá tú i dteideal cúiteamh suas le thart ar €1,300 a fháil. Mar sin féin, más fabht bunúsach sa bhagáiste féin ba chúis leis an damáiste, níl tú i dteideal aon chúiteamh a fháil.

Bagáiste láimhe

Má dhéantar damáiste do do bhagáiste láimhe, is í an aerlíne atá faoi dhliteanas má bhí sí freagrach as an damáiste.

Árachas taistil

Chun a chinntiú go bhfuil cumhdach leordhóthanach agat agus tú ag taisteal le hearraí costasacha, tá sé inmholta árachas príobháideach a fháil. Mura mian leat é sin a dhéanamh, is féidir leat teorainn chúitimh níos airde (os cionn €1,300) a iarraidh ar an aerlíne a bhfuil tú ag taisteal léi. Ní mór é sin a dhéanamh roimh ré agus ar a dhéanaí nuair a sheiceálann tú isteach.

Conas gearán a dhéanamh

Má theastaíonn uait éileamh a chur isteach ar bhagáiste a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó, ba cheart duit sin a dhéanamh i scríbhinn chuig an aerlíne laistigh de 7 lá, nó laistigh de 21 lá ó fuarthas do bhagáiste má bhí moill air. Níl aon fhoirm chaighdeánach ar fud an Aontais.

Cúiteamh má dhiúltaítear cead bordála duit

Méid in € Achar

250

1,500 km nó níos giorra

400

Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km

600

Níos faide ná 3,500 km

Má bhíonn tú in am don tseiceáil isteach, ba cheart duit cúiteamh a fháil i gcónaí má dhiúltaítear cead bordála duit. Is é an t-aon eisceacht amháin atá leis sin má bhí cúiseanna réasúnacha ann chun cead bordála a dhiúltú duit, cuir i gcás ábhair imní sláinte, sábháilteachta nó slándála. Sin nó mura raibh na doiciméid taistil riachtanacha agat.

Fiú i gcásanna inarb ann do chúiseanna den sórt sin, d’fhéadfadh aerlínte cúiteamh a thairiscint duit fós ag brath ar na téarmaí agus na coinníollacha sonracha a ghabhann le do thicéad.

Nasceitilt - áirithint amháin le seiceáil isteach aonair

Má dhiúltaítear cead bordála duit toisc gur mheas an aerlíne a oibríonn an nasceitilt go dtiocfadh tú isteach ródhéanach chun dul ar bord na heitilte sin (toisc gur cuireadh moill ar do chéad eitilt) tá cúiteamh ag dul duit.

Má thairgeann an aerlíne athródú duit agus má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill ort, féadfar an cúiteamh a laghdú 50% mar a léirítear sa tábla thíos.

Cúiteamh má dhéantar d’eitilt a athródú

Méid in EUR Achar na heitilte An mhoill chun an ceann scríbe a bhaint amach
125 1,500 km nó níos giorra 2 uair an chloig nó níos lú
200 Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km 3 uair an chloig nó níos lú
300 Níos faide ná 3,500 km 4 uair an chloig nó níos lú

Déan do chearta a éileamh!

Cúiteamh - cealú

Méid in € Achar

250

1,500 km nó níos giorra

400

Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km

600

Níos faide ná 3,500 km

Má chuirtear d’eitilt ar ceal, ar bhonn aonuaire, ní mór don aerlíne ceann de na roghanna seo a leanas a thairiscint duit:

  1. aisíocaíocht ar do thicéad agus, má tá nasceitilt agat, eitilt fillte chuig an aerfort imeachta a luaithe is féidir
  2. athródú chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir, nó,
  3. athródú ar dháta níos déanaí ar do chaoithiúlacht faoi choinníollacha iompair inchomparáide, faoi réir suíocháin a bheith ar fáil.

A luaithe a bheidh ceann amháin de na trí rogha sin roghnaithe agat, níl cearta agat a thuilleadh i ndáil leis an dá rogha eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an aerlíne cúiteamh a íoc leat fós:

  • má roghnaíonn tú aisíocaíocht a fháil ar do thicéad, beidh an cúiteamh atá dlite ag brath ar fhad d’eitilte
  • má roghnaíonn tú athródú, beidh an cúiteamh atá dlite ag brath ar fhad d’eitilte agus ar an moill ar do cheann scríbe deiridh a bhaint amach, tar éis an ama teachta sceidealta bhunaidh.

Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • má chuirtear ar an eolas thú níos mó ná 14 lá roimh ré
  • má chuirtear ar an eolas thú idir coicís agus 7 lá roimh an imeacht sceidealta agus má thairgtear athródú duit a chuirfeadh ar do chumas:
    • imeacht 2 uair an chloig ar a mhéad roimh an am imeachta sceidealta bunaidh, agus
    • do cheann scríbe deiridh a bhaint amach níos lú ná 4 uair an chloig tar éis an ama teachta sceidealta bhunaidh
  • má chuirtear ar an eolas thú níos lú ná 7 lá roimh an imeacht sceidealta agus má thairgtear athródú duit a chuirfeadh ar do chumas:
    • imeacht 1 uair an chloig ar a mhéad roimh an am imeachta sceidealta bunaidh, agus
    • do cheann scríbe deiridh a bhaint amach níos lú ná 2 uair an chloig tar éis an ama teachta sceidealta bhunaidh.

Má thairgeann an aerlíne athródú duit agus má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill ort, féadfar an cúiteamh a laghdú 50% mar a léirítear sa tábla thíos.

Cúiteamh má dhéantar d’eitilt a athródú

Méid in € Achar na heitilte An mhoill chun an ceann scríbe a bhaint amach
125 1,500 km nó níos giorra 2 uair an chloig nó níos lú
200 Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km 3 uair an chloig nó níos lú
300 Níos faide ná 3,500 km 4 uair an chloig nó níos lú

Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil i gcás cúinsí eisceachtúla bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv nárbh fhéadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.

Déan do chearta a éileamh!

Cúiteamh - moill ar theacht isteach

Méid in € Achar Moill ar theacht isteach chuig an gceann scríbe deiridh

250

1,500 km nó níos giorra

Níos mó ná 3 uair an chloig

300

Níos faide ná 3,500 km i gcás eitiltí:
(a) a imíonn ón Aontas chuig tír nach den Aontas í, nó
(b) a imíonn ó thír nach den Aontas í chuig tír den Aontas agus atá á n-oibriú ag aerlíne den Aontas

3 uair an chloig ar a laghad ach níos lú ná 4 uair an chloig

400

Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km

Níos mó ná 3 uair an chloig

600

Níos faide ná 3,500 km (tíortha nach den Aontas iad)

Níos mó ná 4 uair an chloig
  • Má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill 3 uair an chloig nó níos mó ort, tá tú i dteideal cúiteamh a fháil mura cúinsí eisceachtúla is cúis leis an moill.
  • Má chailleann tú nasceitilt agus tú ag taisteal laistigh den Aontas nó lasmuigh den Aontas ar eitilt a thagann ó thír den Aontas, ba cheart go mbeifeá i dteideal cúiteamh a fháil má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill níos mó ná 3 uair an chloig ort. Níl sé ábhartha más aerlíne den Aontas nó aerlíne nach den Aontais í an t-iompróir a oibríonn an nasceitilt.
  • Má imíonn tú ó thír nach den Aontas í chuig do cheann scríbe deiridh i dtír den Aontas, agus nasceitiltí agat atá á n-oibriú i ndiaidh a chéile ag aerlínte nach den Aontas iad agus aerlínte den Aontas araon, sin nó ag aerlínte den Aontas amháin, ní chuirtear san áireamh ach na heitiltí atá á n-oibriú ag aerlínte den Aontas i dtaca leis an gceart chun cúiteamh a fháil i gcás moill fhada ar theacht isteach chuig an gceann scríbe deiridh.
  • Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil má chailleann tú nasceitiltí mar gheall ar mhoilleanna ag seiceálacha slándála ná murar chloígh tú le ham bordála d’eitilte ag aerfort an aistrithe.
  • Má ghlacann tú le heitilt chuig aerfort eile seachas an t-aerfort a bhí san áirithint bhunaidh agus má thagann sí isteach déanach, tá tú i dteideal cúiteamh a fháil. Is é an t-am teachta a úsáidtear chun an mhoill a ríomh an t-am teachta ag an aerfort a luaitear san áirithint bhunaidh nó an ceann scríbe a comhaontaíodh leis an aerlíne. Ba cheart don aerlíne na costais iompair a íoc idir an t-aerfort malartach agus an t-aerfort san áirithint bhunaidh nó an ceann scríbe ar ar comhaontaíodh.

Má thairgeann an aerlíne athródú duit agus má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill ort, féadfar an cúiteamh a laghdú 50% mar a léirítear sa tábla thíos.

Cúiteamh má dhéantar d’eitilt a athródú

Méid in EUR Achar na heitilte An mhoill chun an ceann scríbe a bhaint amach
125 1,500 km nó níos giorra 2 uair an chloig nó níos lú
200 Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km 3 uair an chloig nó níos lú
300 Níos faide ná 3,500 km 4 uair an chloig nó níos lú

Déan do chearta a éileamh!

Cúiteamh - diúltaíodh cead bórdála i ngeall ar ró-áirithint

Méid in EUR Achar

250

1,500 km nó níos giorra

400

Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km

600

Níos faide ná 3,500 km

Ba cheart duit cúiteamh a fháil i gcónaí má dhiúltaítear cead bordála duit.

Nasceitilt - áirithint amháin le seiceáil isteach aonair

Má dhiúltaítear cead bordála duit toisc gur mheas an aerlíne a oibríonn an nasceitilt go dtiocfadh tú isteach ródhéanach chun dul ar bord na heitilte sin (toisc gur cuireadh moill ar do chéad eitilt) tá cúiteamh ag dul duit.

Má thairgeann an aerlíne athródú duit agus má shroicheann tú do cheann scríbe deiridh agus moill ort, féadfar an cúiteamh a laghdú 50% mar a léirítear sa tábla thíos.

Cúiteamh má dhéantar d’eitilt a athródú

Méid in EUR Achar na heitilte An mhoill chun an ceann scríbe a bhaint amach
125 1,500 km nó níos giorra 2 uair an chloig nó níos lú
200 Níos faide ná 1,500 km laistigh den Aontas agus gach eitilt eile idir 1,500 km agus 3,500 km 3 uair an chloig nó níos lú
300 Níos faide ná 3,500 km 4 uair an chloig nó níos lú

Déan do chearta a éileamh!

Cúnamh má dhiúltaítear cead bordála duit

Ba cheart d’aerlínte cúnamh a chur ar fáil saor in aisce agus tú ag fanacht. I gcás ina gcuirtear isteach ar thaisteal, ba cheart duit tú féin a chur in iúl don aerlíne agus ar an gcaoi sin, ní bheidh ort do shocruithe féin a dhéanamh. I gcás ina bhfuil fáil uirthi, ba cheart d’aerlínte a chinntiú go bhfuil lóistín inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus dá madraí seirbhíse. Cuimsítear an méid seo a leanas ar an gcúnamh atá le cur ar fáil:

  • Soláistí
  • Bia
  • Lóistín (má chuirtear eitilt in áirithe duit an athuair chun taisteal an lá dar gcionn)
  • Iompar chuig do lóistín agus ar ais chuig an aerfort
  • 2 ghlaoch gutháin, teiléacs, teachtaireacht facs nó ríomhphost

Mura dtairgtear cúnamh duit agus má d’íoc tú as aon cheann de na nithe thuas as do phóca féin, ba cheart don aerlíne aisíocaíocht a dhéanamh leat, ar choinníoll go raibh na costais riachtanach, réasúnach agus iomchuí. Ba cheart duit na hadmhálacha uile a choinneáil chun na críche sin. Níl an ceart agat chun cúnamh a fháil ach amháin fad is a bheidh ort fanacht ar athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir nó ar eitilt fillte.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an aerlíne cinneadh a dhéanamh srian a chur leis an gcúnamh nó é a dhiúltú dá gcuirfeadh sé moill bhreise ar phaisinéirí atá ag fanacht ar eitilt mhalartach nó ar eitilt ar cuireadh moill uirthi.

Warning

Mura sonraítear a mhalairt i dtéarmaí agus coinníollacha do thicéid, níl tú i dteideal cúnamh a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • diúltaíodh cead bordála duit ar chúiseanna réasúnacha sláinte, sábháilteachta nó slándála
  • ní raibh na doiciméid taistil riachtanacha agat

Déan do chearta a éileamh!

Cúnamh má chuirtear d’eitilt ar ceal

Ba cheart d’aerlínte cúnamh a thairgeadh agus a chur ar fáil saor in aisce agus tú ag fanacht. I gcás ina gcuirtear isteach ar thaisteal, ba cheart duit tú féin a chur in iúl don aerlíne agus ar an gcaoi sin, ní bheidh ort do shocruithe féin a dhéanamh. I gcás ina bhfuil fáil uirthi, ba cheart d’aerlínte a chinntiú go bhfuil lóistín inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus dá madraí seirbhíse. Cuimsítear an méid seo a leanas ar an gcúnamh atá le cur ar fáil:

  • Soláistí
  • Bia
  • Lóistín (má chuirtear eitilt in áirithe duit an athuair chun taisteal an lá dar gcionn)
  • Iompar chuig do lóistín agus ar ais chuig an aerfort
  • 2 ghlaoch gutháin, teiléacs, teachtaireacht facs nó ríomhphost

Mura dtairgtear cúnamh duit agus má d’íoc tú as do chuid béilí agus sólaistí féin etc., ba cheart don aerlíne aisíocaíocht a dhéanamh leat, ar choinníoll go raibh na costais riachtanach, réasúnach agus iomchuí. Ba cheart duit na hadmhálacha uile a choinneáil chun na críche sin. Níl an ceart agat chun cúnamh a fháil ach amháin fad is a bheidh ort fanacht ar athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir nó ar eitilt fillte.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an aerlíne cinneadh a dhéanamh srian a chur leis an gcúnamh nó é a dhiúltú dá gcuirfeadh sé moill bhreise ar phaisinéirí atá ag fanacht ar eitilt mhalartach nó ar eitilt ar cuireadh moill uirthi.

Déan do chearta a éileamh!

Cúnamh má bhíonn moill ar an eitilt agus tú ag imeacht

Má tá aerlíne ag súil go gcuirfear moill ar d’eitilt tar éis an ama imeachta sceidealta, tá tú i dteideal béilí agus sólaistí, i gcomhréir leis an am feithimh, sin agus dhá ghlaoch gutháin, ríomhphost nó facs saor in aisce. Braitheann an tráth a bheidh tú i dteideal na gceart sin ar fhad na moille agus ar achar na heitilte mar seo a leanas:

  • moill dhá uair an chloig nó níos faide i gcás eitiltí 1,500 km nó níos giorra
  • moill 3 uair an chloig nó níos faide i gcás eitiltí laistigh den Aontas atá níos faide ná 1,500 km agus i gcás na n-eitiltí eile uile idir 1,500 km agus 3,000 km
  • moill 4 uair an chloig nó níos mó i gcás gach eitilte eile

I gcás inarb ionann an t-am imeachta nua a bhfuiltear ag súil leis agus an lá tar éis an ama imeachta a bhí sceidealta ar dtús, tá tú i dteideal lóistín óstáin agus iompar chuig an aerfort agus uaidh agus do lóistín (más gá duit fanacht thar oíche).

Ba cheart d’aerlínte cúnamh a thairgeadh agus a chur ar fáil saor in aisce agus tú ag fanacht. I gcás ina gcuirtear isteach ar thaisteal, ba cheart duit tú féin a chur in iúl don aerlíne agus ar an gcaoi sin, ní bheidh ort do shocruithe féin a dhéanamh. I gcás ina bhfuil fáil uirthi, ba cheart d’aerlínte a chinntiú go bhfuil lóistín inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus dá madraí seirbhíse.

Mura dtairgtear cúnamh duit agus má d’íoc tú as do chuid béilí agus sólaistí féin, ba cheart don aerlíne aisíocaíocht a dhéanamh leat, ar choinníoll go raibh na costais riachtanach, réasúnach agus iomchuí. Ba cheart duit na hadmhálacha uile a choinneáil chun na críche sin. Níl an ceart agat chun cúnamh a fháil ach amháin fad is a bheidh ort fanacht ar athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir nó ar eitilt fillte.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an aerlíne cinneadh a dhéanamh srian a chur leis an gcúnamh nó é a dhiúltú dá gcuirfeadh sé moill bhreise ar phaisinéirí atá ag fanacht ar eitilt mhalartach nó ar eitilt ar cuireadh moill uirthi.

Déan do chearta a éileamh!

Cúnamh má dhiúltaítear cead bordála duit i ngeall ar ró-áirithint

Ba cheart d’aerlínte cúnamh a thairgeadh agus a chur ar fáil saor in aisce agus tú ag fanacht. I gcás ina gcuirtear isteach ar thaisteal, ba cheart duit tú féin a chur in iúl don aerlíne agus ar an gcaoi sin, ní bheidh ort do shocruithe féin a dhéanamh. I gcás ina bhfuil fáil uirthi, ba cheart d’aerlínte a chinntiú go bhfuil lóistín inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus dá madraí seirbhíse. Cuimsítear an méid seo a leanas ar an gcúnamh atá le cur ar fáil:

  • Soláistí
  • Bia
  • Lóistín (má chuirtear eitilt in áirithe duit an athuair chun taisteal an lá dar gcionn)
  • Iompar chuig do lóistín agus ar ais chuig an aerfort
  • 2 ghlaoch gutháin, teiléacs, teachtaireacht facs nó ríomhphost

Mura dtairgtear cúnamh duit agus má d’íoc tú as do chuid béilí agus sólaistí féin etc., ba cheart don aerlíne aisíocaíocht a dhéanamh leat, ar choinníoll go raibh na costais riachtanach, réasúnach agus iomchuí. Ba cheart duit na hadmhálacha uile a choinneáil chun na críche sin. Níl an ceart agat chun cúnamh a fháil ach amháin fad is a bheidh ort fanacht ar athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir nó ar eitilt fillte.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an aerlíne cinneadh a dhéanamh srian a chur leis an gcúnamh nó é a dhiúltú dá gcuirfeadh sé moill bhreise ar phaisinéirí atá ag fanacht ar eitilt mhalartach nó ar eitilt ar cuireadh moill uirthi.

Déan do chearta a éileamh!

Aisíocaíocht, athródú nó atháirithint má dhiúltaítear cead bordála duit

Ar bhonn aonuaire, ní mór don aerlíne ceann de na roghanna seo a leanas a thairgeadh duit:

  1. aisíocaíocht ar do thicéad agus, má tá nasceitilt agat, eitilt fillte chuig an aerfort imeachta a luaithe is féidir
  2. athródú chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir, nó,
  3. athródú ar dháta níos déanaí ar do chaoithiúlacht faoi choinníollacha iompair inchomparáide (i.e. atháirithint’), faoi réir suíocháin a bheith ar fáil.

A luaithe a bheidh ceann amháin de na trí rogha sin roghnaithe agat, níl cearta agat a thuilleadh i ndáil leis an dá rogha eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an aerlíne cúiteamh a chur ar fáil fós ag brath ar achar d’eitilte agus ar fhad na moille i ndiaidh an ama teachta bhunaidh a bhí beartaithe.

  • Mura gcomhlíonann an aerlíne an oibleagáid atá uirthi athródú nó filleadh a thairgeadh faoi choinníollacha iompair inchomparáide a luaithe is féidir, ní mór di do chostais eitilte a aisíoc.
  • Mura dtairgeann an aerlíne rogha duit idir aisíocaíocht agus athródú ach má chinneann sí go haontaobhach do thicéad bunaidh a aisíoc, tá tú i dteideal aisíocaíocht bhreise a fháil ar an difríocht sa phraghas idir an ticéad bunaidh agus an ticéad nua (faoi choinníollacha iompair inchomparáide).
  • Má chuir tú eitilt amach agus eitilt fillte in áirithe ar leithligh le haerlínte éagsúla agus má chuirtear an eitilt amach ar ceal, níl aisíocaíocht dlite ach i leith na heitilte a cuireadh ar ceal.

Mar sin féin, má tá an eitilt amach agus an eitilt fillte á n-oibriú ag aerlínte éagsúla, ach má bhí siad mar chuid d’áirithint aonair, i gcás inar cuireadh an eitilt amach ar ceal, tá na cearta seo a leanas agat:

  • Cúiteamh
  • Rogha idir aisíocaíocht a fháil ar do thicéad iomlán (an eitilt amach agus an eitilt fillte) nó athródú ar eitilt eile don eitilt amach

Warning

Mura sonraítear a mhalairt i dtéarmaí agus coinníollacha do thicéid, níl tú i dteideal aisíocaíocht a fháil ná athródú sna cásanna seo a leanas:

  • diúltaíodh cead bordála duit ar chúiseanna réasúnacha sláinte, sábháilteachta nó slándála
  • ní raibh na doiciméid taistil riachtanacha agat

Déan do chearta a éileamh!

Aisíocaíocht, athródú nó atháirithint má chuirtear eitilt ar ceal

Ar bhonn aonuaire, ní mór don aerlíne ceann de na roghanna seo a leanas a thairgeadh duit:

  1. aisíocaíocht ar do thicéad agus, má tá nasceitilt agat, eitilt fillte chuig an aerfort imeachta a luaithe is féidir
  2. athródú chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir, nó,
  3. athródú ar dháta níos déanaí ar do chaoithiúlacht faoi choinníollacha iompair inchomparáide, faoi réir suíocháin a bheith ar fáil.

A luaithe a bheidh ceann amháin de na trí rogha sin roghnaithe agat, níl cearta agat a thuilleadh i ndáil leis an dá rogha eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an aerlíne cúiteamh a chur ar fáil fós ag brath ar achar d’eitilte agus ar fhad na moille i ndiaidh an ama teachta bhunaidh a bhí beartaithe.

  • Mura gcomhlíonann an aerlíne an oibleagáid atá uirthi athródú nó filleadh a thairgeadh faoi choinníollacha iompair inchomparáide a luaithe is féidir, ní mór di do chostais eitilte a aisíoc.
  • Mura dtairgeann an aerlíne rogha duit idir aisíocaíocht agus athródú ach má chinneann sí go haontaobhach do thicéad bunaidh a aisíoc, tá tú i dteideal aisíocaíocht bhreise a fháil ar an difríocht sa phraghas idir an ticéad bunaidh agus an ticéad nua (faoi choinníollacha iompair inchomparáide).
  • Má chuir tú eitilt amach agus eitilt fillte in áirithe ar leithligh le haerlínte éagsúla agus má chuirtear an eitilt amach ar ceal, níl aisíocaíocht dlite ach i leith na heitilte a cuireadh ar ceal.

Má tá an eitilt amach agus an eitilt fillte á n-oibriú ag aerlínte éagsúla, ach má bhí siad mar chuid d’áirithint aonair, i gcás inar cuireadh an eitilt amach ar ceal, tá na cearta seo a leanas agat:

  • Cúiteamh
  • Rogha idir aisíocaíocht a fháil ar do thicéad iomlán (an eitilt amach agus an eitilt fillte) nó athródú ar eitilt eile don eitilt amach

Déan do chearta a éileamh!

Aisíocaíocht agus eitilt fillte a fháil i gcás moill fhada (5 uair an chloig nó níos mó) tráth an imeachta

Má tá moill 5 uair an chloig ar a laghad ar d’eitilt tráth an imeachta, ní mór don aerlíne do thicéad a aisíoc leat agus, má tá nasceitilt agat, filleadh chuig an aerfort imeachta a luaithe is féidir a thairgeadh.

Déan do chearta a éileamh!

Aisíocaíocht, athródú nó atháirithint má dhiúltaítear cead bordála duit i ngeall ar ró-áirithint

Ar bhonn aonuaire, ní mór don aerlíne ceann de na roghanna seo a leanas a thairgeadh duit:

  1. aisíocaíocht ar do thicéad agus, má tá nasceitilt agat, eitilt fillte chuig an aerfort imeachta a luaithe is féidir
  2. athródú chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir, nó,
  3. athródú ar dháta níos déanaí ar do chaoithiúlacht faoi choinníollacha iompair inchomparáide, faoi réir suíocháin a bheith ar fáil.

A luaithe a bheidh ceann amháin de na trí rogha sin roghnaithe agat, níl cearta agat a thuilleadh i ndáil leis an dá rogha eile. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an aerlíne cúiteamh a chur ar fáil fós ag brath ar achar d’eitilte agus ar fhad na moille i ndiaidh an ama teachta bhunaidh a bhí beartaithe.

  • Mura gcomhlíonann an aerlíne an oibleagáid atá uirthi athródú nó filleadh a thairgeadh faoi choinníollacha iompair inchomparáide a luaithe is féidir, ní mór di do chostais eitilte a aisíoc.
  • Mura dtairgeann an aerlíne rogha duit idir aisíocaíocht agus athródú ach má chinneann sí go haontaobhach do thicéad bunaidh a aisíoc, tá tú i dteideal aisíocaíocht bhreise a fháil ar an difríocht sa phraghas idir an ticéad bunaidh agus an ticéad nua (faoi choinníollacha iompair inchomparáide).
  • Má chuir tú eitilt amach agus eitilt fillte in áirithe ar leithligh le haerlínte éagsúla agus má chuirtear an eitilt amach ar ceal, níl aisíocaíocht dlite ach i leith na heitilte a cuireadh ar ceal.

Mar sin féin, má tá an eitilt amach agus an eitilt fillte á n-oibriú ag aerlínte éagsúla, ach má bhí siad mar chuid d’áirithint aonair, i gcás inar cuireadh an eitilt amach ar ceal, tá na cearta seo a leanas agat:

  • Cúiteamh
  • Rogha idir aisíocaíocht a fháil ar do thicéad iomlán (an eitilt amach agus an eitilt fillte) nó athródú ar eitilt eile don eitilt amach

Déan do chearta a éileamh!

Cúinsí eisceachtúla - cealú

D’fhéadfadh cealú/cealuithe nó moill/moilleanna ag an gceann scríbe deiridh a bheith mar thoradh ar chúinsí eisceachtúla. Samplaí de tharluithe a shainítear mar chúinsí eisceachtúla is ea cinntí maidir le bainistiú aerthráchta, éagobhsaíocht pholaitiúil, drochaimsir agus rioscaí slándála.

Cuimsítear an méid seo a leanas ar chásanna nach meastar a bheith ina gcúinsí eisceachtúla:

  • formhór na bhfadhbanna teicniúla a thagann chun solais le linn cothabháil aerárthaí nó arb é is cúis leo gan aerárthach a chothabháil
  • imbhualadh an staighre bordála shoghluaiste leis an aerárthach
  • stailceanna bhaill foirne na haerlíne (gníomh inmheánach stailce)

Féadfar aon stailc lasmuigh de bhaill foirne na haerlíne a dhéanann difear d’oibriú na haerlíne a mheas mar chúinsí eisceachtúla. Mar sin féin, le bheith díolmhaithe ó chúiteamh a íoc, ní mór don aerlíne an méid seo a leanas a chruthú: i) go bhfuil nasc idir na cúinsí eisceachtúla agus an mhoill nó an cealú, agus ii) nárbh fhéidir an mhoill ná an cealú a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnach.

Mura dtugann an aerlíne míniú sásúil duit, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás náisiúnta PDF en chun tuilleadh cúnaimh a fháil.

Cúinsí urghnácha - Moill

Déan do chearta a éileamh

Má cheapann tú nár urramaíodh do chearta, tá roinnt cineálacha sásaimh ann is féidir leat a úsáid. Mar sin féin, ba cheart duit do ghearán a sheoladh chuig an aerlíne ar dtús i gcónaí. Féadfaidh tú dul i gcomhairle freisin le do Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí áitiúil chun cabhair agus comhairle a fháil faoi fhadhbanna a bhaineann le cearta aerphaisinéirí.

Ba cheart duit do ghearán a sheoladh chuig an aerlíne ar dtús i gcónaí trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin a chuireann an aerlíne ar fáil.

Warning

Meastar i gcónaí gur dhá eitilt ar leith iad an eitilt amach agus an eitilt fillte fiú má cuireadh in áirithe iad mar chuid d’aon áirithint amháin. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach ionann an aerlíne a bhfuil an eitilt á hoibriú aici (ar a dtugtar an aerlíne oibriúcháin freisin) agus an aerlíne ónar cheannaigh tú do thicéad. Má bhíonn deacracht ar bith agat, ní féidir freagracht a chur ach ar an aerlíne a bhfuil an eitilt á hoibriú aici. I gcásanna ina bhfaigheann aerlíne aerárthach agus criú ar cíos (faoi léas fliuch) ó aerlíne eile, tá freagracht oibríochtúil ar an aerlíne a fhaigheann an t-aerárthach ar cíos as an eitilt agus meastar gurb í an aerlíne oibriúcháin í faoi rialacha an Aontais (go sonrach Rialachán 261/2004).

Mura bhfaigheann tú freagra ón aerlíne laistigh de 2 mhí nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an údarás náisiúnta PDF en ábhartha sa tír inar tharla an teagmhas, laistigh de thréimhse ama réasúnta. Ba cheart don údarás náisiúnta tuairim dhlíthiúil neamhcheangailteach a thabhairt duit maidir le conas dul ar aghaidh le d’éileamh.

Is féidir leat iarracht a dhéanamh do dhíospóid a réiteach trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta lasmuigh den chúirt nó as eintiteas um réiteach malartach díospóide. Níl rochtain ar nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide ar fáil ach do chónaitheoirí an Aontais.

B’fhéidir gur mhian leat dul i muinín caingean dlí foirmiúil agus éileamh ar chúiteamh a chur i láthair faoi rialacha an Aontais trí úsáid a bhaint as an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. I gcás eitiltí a bhíonn á n-oibriú ag aerlíne den Aontas, is féidir leat d’éileamh a chur isteach ag an áit teachta nó imeachta. Tá feidhm ag an riail chéanna maidir le nasceitiltí, ar cuid d’áirithint aonair iad, ach a d'fhéadfadh a bheith á n-oibriú ag aerlínte éagsúla. Féadfaidh tú an t-ábhar a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa tír ina bhfuil an aerlíne cláraithe chomh maith.

Mura bhfuil an aerlíne cláraithe i dtír den Aontas, is féidir leat do chás a chur faoi bhráid na gcúirteanna sa tír den Aontas inar tháinig d’eitilt isteach, ónar imigh sí nó ina raibh an nasceitilt. Na teorainneacha ama maidir le caingean a thabhairt i gcoinne aerlíne os comhair na cúirte náisiúnta, sainítear iad i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le teorannú caingne i ngach tír den Aontas.

Warning

Eolas tábhachtach do dhaoine a chuireann éileamh isteach trí ghníomhaireacht éilimh: Fógra faisnéise PDF bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv faoi dhlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, margaíocht agus cosaint sonraí is infheidhme i dtaca le gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí éileamh i ndáil le Rialachán 261/2004 maidir le cearta aerphaisinéirí.

CCanna

EU legislation

Need more information on rules in a specific country?

Ask national administrations

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 21/09/2026
Share this page