Lipéid fuinnimh

Má tá tú ag siopadóireacht le haghaidh fearas leictreach, nó aon earra tí a úsáideann fuinneamh, féach an ann don lipéad éifeachtúlachta fuinnimh.

Léiríonn an lipéad (féach an sampla thíos) an chomparáid idir an fearas agus cinn eile ar an margadh ó thaobh úsáid fuinnimh de. Is iad na fearais lena ngabhann an dathchód ‘glas’ is lú a úsáideann fuinneamh, agus léiríonn dath dearg úsáid mhór fuinnimh. Comhfhreagraíonn gach dath freisin do litir a léiríonn úsáid fuinnimh, ó A (úsáid íseal) go G (úsáid ard).

Warning

Is féidir go bhfeicfidh tú lipéad ar sheanfhearais ar a bhfuil an tsiombail +. Níl an tsiombail sin á húsáid a thuilleadh ar na catagóirí earraí seo a leanas (ó bhí 2021 ann):

  • cuisneoirí
  • miasniteoirí
  • meaisíní níocháin
  • teilifíseáin, scáileáin, etc.
  • bolgáin solais agus lampaí

Conas a chuidíonn an Lipéad Fuinnimh leat agus tú ag siopadóireacht | Blag SEAI | SEAI

Ní hamháin go bhfuil feidhm ag rialacha lipéid fuinnimh an Aontais Eorpaigh maidir le fearais teaghlaigh ach le táirgí a bhaineann le fuinneamh freisin, mar shampla earraí nó córais a mbíonn tionchar acu ar thomhaltas fuinnimh le linn a n-úsáide, e.g. téitheoirí uisce, aerchóiritheoirí, coirí, etc. Mar sin féin, níl feidhm ag na rialacha maidir le táirgí athláimhe ná leis an iompar.

Tuilleadh eolais faoi úsáid fuinnimh

Soláthraíonn bunachar sonraí ar a dtugtar an Bunachar Sonraí Táirgí Eorpach um Lipéadú Fuinnimh en (EPREL) eolas maidir le húsáid fuinnimh na bhfearas a dhíoltar ar mhargadh an Aontais.Tá tuilleadh eolas táirgeshonrach le fáil ar an liosta seo de cheanglais lipéadaithe fuinnimh agus éicidhearthóireachta en .

Roghnaigh an tír ábhartha thíos chun tuilleadh a fhoghlaim faoi do chearta mar thomhaltóir.

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 30/03/2026
Share this page