Earraí ar ais

An ceart chun tarraingt siar: tréimhse mharana 14 lá

Má cheannaíonn tú táirge nó seirbhís ar líne, ar an bhfón nó ó dhíoltóir ar leac an dorais agat (i dtéarmaí dlíthiúla ‘cianchonradh’ nó ‘conradh seacháitribh’) tá sé an ceart chun tarraingt siar agat. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat an conradh a chealú laistigh de 14 lá gan aon údar a thabhairt (an ‘tréimhse mharana’). I gcás earraí, ciallaíonn sé sin 14 lá ó dháta an tseachadta, agus i gcás seirbhísí, 14 lá tar éis an lá a comhaontaíodh an conradh. Má théann an tréimhse mharana in éag ar lá nach lá oibre é, cuirtear síneadh le do chonradh go dtí an chéad lá oibre eile.
Tugann roinnt Ballstát den Aontas 30 lá duit chun conradh a chur ar ceal a cuireadh i gcrích le linn díolacháin gan iarraidh ar leac an dorais agat nó turais tráchtála.

An costas chun earraí a sheoladh ar ais

Má chinneann tú an táirge a sheoladh ar ais laistigh den tréimhse mharana 14 lá, is tusa atá freagrach as costais an phoist agus an phacáistithe. Níl aon eisceacht ann seachas na cinn seo a leanas: má thairgeann an díoltóir íoc as, nó más rud é nach gcuireann an díoltóir ar an eolas thú faoi na costais sin sula gceannaí tú an t-earra. Ba cheart thú a chur ar an eolas i gcónaí faoi na coinníollacha sula gceannaí tú an t-earra.

Eisceachtaí

Tabhair faoi deara: níl feidhm ag an tréimhse mharana 14 lá maidir leis an méid seo a leanas:

  • ticéid eitleáin agus traenach, chomh maith le ticéid cheolchoirme, áirithintí óstáin, áirithintí carranna ar cíos agus seirbhísí lónadóireachta ar dhátaí sonracha
  • earraí meatacha a théann in éag go tapa, amhail bia nó deochanna le ‘dáta éagtha’ gearr
  • earraí a dhéantar ar ordú nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad – cuir i gcás culaith tháilliúra
  • earraí nó seirbhísí lena mbaineann praghsanna luaineacha de réir margaí domhanda, amhail breosla téimh teaghlaigh
  • seirbhísí a seachadadh go hiomlán, mar shampla lochtán a ghlanadh, i gcás inar aontaigh tú go sainráite tosú láithreach ag admháil go gcaillfeá an ceart tarraingt siar
  • bogearraí fuaime, físe nó ríomhaireachta, ar nós DVDanna, ar bhain tú an séala díobh
  • ábhar digiteach ar líne, amhail amhrán nó scannán, a thosaigh tú a íoslódáil nó a shruthú i gcás inar aontaigh tú go sainráite do cheart tarraingt siar a chailleadh tríd an taibhiú a thosú
  • conarthaí deisiúcháin agus cothabhála práinneacha, cuir i gcás pluiméir a fhostú chun cithfholcadh atá ag sceitheadh a dheisiú

Warning

I roinnt Ballstát den Aontas, coimeádann tú an ceart chun tarraingt siar i gcás roinnt de na hearraí agus seirbhísí sin má cheannaítear iad le linn díolachán gan iarraidh ar leac an dorais agat nó turais tráchtála.

Ní chuimsítear earraí a ceannaíodh ó dhuine príobháideach leis an gceart chun tarraingt siar. Mar sin, bíodh aird ar leith agat ar stádas an díoltóra (gairmiúil nó príobháideach) agus siopadóireacht á déanamh agat ar mhargaí ar líne.

Conas cabhair a fháil

Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoi do chearta faoin dlí náisiúnta, seiceáil na rialacha sonracha maidir le ráthaíochtaí dlíthiúla agus barántaí tráchtála sa tír inar cheannaigh tú an táirge nó seirbhís.

Má bhíonn fadhb agat le conradh a chealú nó deisiúchán nó aisíocaíocht a fháil i dtír eile den Aontas, is féidir leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí i do thír féin cabhrú leat.

Mura bhfuil tú cinnte cén cás a bhaineann leatsa, is féidir leat triail a bhaint as ár n-uirlis um chearta tomhaltóirí bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun cuidiú leat do chearta a thuiscint nuair a bhíonn tú ag siopadóireacht san Aontas Eorpach.

CCanna

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 24/09/2025
Share this page