Cosaint chonsalach
Cabhair do shaoránaigh den Aontas Eorpach lasmuigh den Aontas Eorpach
Má theastaíonn cúnamh consalach uait agus tú i dtír eile, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh ar dtús le hambasáid nó consalacht áitiúil do thíre náisiúntachta den Aontas, nó le d’aireacht eachtrach.
Má tá cúnamh uait i dtír lasmuigh den Aontas nach bhfuil ambasáid ná consalacht ag do Bhallstát féin den Aontas inti, is féidir leat cúnamh a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon Bhallstáit eile. Tá tú i dteideal an tacaíocht chéanna a fháil agus a fhaigheann saoránaigh an Bhallstáit den Aontas Eorpach a ndéanann tú teagmháil lena n-ambasáid nó a gconsalacht.
Sa chás sin, beidh ort do chuid céannachta a chruthú (le pas nó le cárta aitheantais). Má cailleadh nó má goideadh do dhoiciméid taistil, seiceálfar do náisiúntacht ar bhealaí eile (amhail trí sheiceáil le húdaráis do Bhallstáit náisiúntachta den Aontas Eorpach).
I gcásanna áirithe, beidh socrú tugtha i gcrích ag do Bhallstát den Aontas le Ballstát sonrach eile chun cúnamh consalach a chur ar fáil. Sa chás sin, b’fhéidir go n-iarrfaí ort dul i dteagmháil leis an mBallstát sin, ach amháin má tá cúnamh práinneach ag teastáil.
Na cineálacha cúnaimh
Féadfaidh an ambasáid nó an chonsalacht cúnamh a thabhairt duit, mar shampla, má chailleann tú do dhoiciméad taistil, i gcás tionóiscí tromchúiseacha nó breoiteacht thromchúiseach, más íospartach coire thú nó má ghabhtar thú, nó má theastaíonn aisdúichiú uait i gcás éigeandála.
Má chaill tú do dhoiciméid taistil, eiseofar Doiciméad Taistil Éigeandála an Aontais en duit a chuirfidh ar do chumas filleadh abhaile.
Is féidir le baill foirne na hAmbasáide nó na consalachta tacaíocht agus cabhair a chur ar fáil freisin má fhaigheann duine muinteartha bás (clárú, an neasghaol a chur ar an eolas, aisdúichiú taisí).
Bí ar an eolas go bhfuil teorainneacha leis an méid is féidir le hambasáidí agus consalachtaí a dhéanamh duitse, go háirithe i gcásanna géarchéime.
Sula dtéann tú ag taisteal
Sula dtéann tú ag taisteal, seiceáil an bhfuil ambasáid nó consalacht ag do Bhallstát den Aontas sa tír nach bhfuil san Aontas agus a bhfuil tú ag taisteal chuici. Mura bhfuil ionadaíocht ag do thír, seiceáil sonraí ambasáidí agus consalachtaí Bhallstáit eile den Aontas en agus coinnigh an t-eolas sin leat ar fhaitíos go mbeidh sé ag teastáil.
Ba cheart duit freisin na riachtanais iontrála a dheimhniú (mar shampla, bailíocht pas, víosa) agus aon srianta eile a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm sa tír a bhfuil tú ag taisteal chuici agus aon choinníollacha nuair a fhilleann tú ar do thír dhúchais. Ar deireadh, déan cinnte de go seiceálfaidh tú an chomhairle taistil is déanaí en (a chuireann na húdaráis náisiúnta ar fáil) do Bhallstáit den Aontas maidir le do cheann scríbe agus cláraigh do thuras le do Bhallstát den Aontas, má tá ardán ar fáil chun é sin a dhéanamh.
Féach freisin:
Bileog eolais maidir le cosaint chonsalach en
Cosaint chonsalach - An Coimisiún Eorpach bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Cosaint chonsalach - SEGS en
Doiciméid taistil do náisiúnaigh den Aontas Eorpach bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv