Eadóirseacht

Aon duine a éiríonn ina shaoránach eadóirsithe de thír den Aontas, is saoránach den Aontas Eorpach é go huathoibríoch. Ní hionann na coinníollacha agus an próiseas iarratais le haghaidh eadóirseachta i gcás gach tíre.

De ghnáth, is féidir leat a bheith i do shaoránach eadóirsithe de thír den Aontas má tá cónaí ort sa tír sin agus má tá tú ag obair inti le líon íosta blianta anuas. De rogha air sin, is féidir leat a bheith i do shaoránach eadóirsithe trí shaoránach den Aontas a phósadh, nó d’oidhreacht, rud a fhágann gur féidir leat a bheith i do shaoránach más saoránach é do thuismitheoir nó do seantuismitheoir.

Éilíonn roinnt tíortha den Aontas go dtabharfaidh tú suas an tsaoránacht atá agat cheana féin chun saoránacht a fháil sa tír sin. Déan seiceáil maidir leis an tír féin chun tuilleadh sonraí a fháil ina leith sin.

Buanchónaí

Is féidir eolas a fháil ar thairseach inimirce an Aontais Eorpaigh en es fr pt faoi chearta cónaithe fhadtéarmaigh do dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad agus nach féidir leo iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht.

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 22/01/2024
Share this page