Measúnú comhréireachta
I do cháil mar mhonaróir, ní mór duit anailís riosca a dhéanamh agus cinnte a dhéanamh de go gcloíonn do tháirgí le rialacha áirithe sula gcuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh iad.
Measúnú comhréireachta a thugtar ar an nós imeachta sin agus déantar é le linn chéim an deartha agus chéim an táirgthe araon. Fiú má dhéanann tú dearadh nó táirgeadh do tháirgí a chur amach ar fochonradh, is ortsa atá an fhreagracht fós a chinntiú go ndéantar an measúnú comhréireachta.
Ní mór an t-eolas a fhaightear ón measúnú comhréireachta a chur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil.
Conas a léiriú go bhfuil rialacha an Aontais á gcomhlíonadh
Ba cheart duit a sheiceáil an bhfuil aon rialacha de chuid an Aontais is infheidhme maidir le do tháirge, agus má tá, ní mór duit a chinntiú go gcloíonn do tháirge leo sular féidir é a thrádáil gan bhac san Aontas.
Is féidir le caighdeáin chomhchuibhithe, i gcás inarb ann dóibh, cuidiú leat a léiriú go bhfuiltear ag cloí le rialacha an Aontais.
Cad is caighdeáin chomhchuibhithe ann?
Is éard is caighdeáin chomhchuibhithe ann caighdeáin a fhorbraíonn Eagraíochtaí Eorpacha aitheanta um Chaighdeánú: CEN , CENELEC nó ETSI . Trí chaighdeáin chomhchuibhithe a leanúint agus do tháirge á dhearadh agus á mhonarú, déanfar a chinntiú go bhfuil do tháirgí i gcomhréir le rialacha comhfhreagracha an Aontais; ‘toimhde comhréireachta’ a thugtar air sin.
An gá caighdeáin chomhchuibhithe a leanúint?
Ní gá, is ar bhonn deonach i gcónaí a úsáidtear caighdeáin chomhchuibhithe. Is agatsa atá an rogha réiteach teicniúil eile a roghnú chun a léiriú go bhfuiltear ag cloí leis na ceanglais dhlíthiúla éigeantacha.
Má roghnaíonn tú gan caighdeáin chomhchuibhithe a leanúint i do mheasúnú, is féidir leat comhlíonadh a chruthú trí thagairt a dhéanamh do shonraíochtaí teicniúla amhail caighdeáin náisiúnta, do chaighdeáin neamh-chomhchuibhithe Eorpacha agus idirnáisiúnta, nó do do shonraíochtaí teicniúla féin. Sna cásanna sin, beidh ort tuilleadh sonraí a chur ar fáil i do cháipéisíocht theicniúil lena mhíniú conas a chloíonn do tháirgí le riachtanais dhlíthiúla.
Comhréireacht do tháirgí a mheasúnú
I gcásanna áirithe, i do cháil mar mhonaróir, is féidir leat féinmheasúnú a dhéanamh ar do tháirge. I gcásanna eile, beidh gá le heagraíocht um measúnú comhréireachta (ar a dtugtar comhlacht faoina dtugtar fógra freisin) a bheith páirteach ann chun cabhrú leat.
Ba cheart duit seiceáil a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha an Aontais a bhaineann leis na táirgí ar mian leat measúnú a dhéanamh orthu chun a fháil amach an gá duit cúnamh a iarraidh.
Eagraíochtaí um measúnú comhréireachta
Is eagraíochtaí iad na comhlachtaí faoina dtugtar fógra sin atá ainmnithe ag tíortha an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí áirithe sular féidir iad a chur ar an margadh. Is féidir leat comhlacht faoina dtugtar fógra a roghnú ón liosta ar shuíomh gréasáin NANDO (rud a sheasann do ‘New Approach Notified and Designated Organisations’ i mBéarla).
Warning
Bí san airdeall ar dheimhnithe deonacha!
Faoi dhlí an Aontais ní féidir ach le comhlachtaí faoina dtugtar fógra en deimhnithe comhlíontachta a eisiúint le haghaidh táirgí comhchuibhithe, sa réimse
faoina dtugtar fógra ina leith agus sa réimse sin amháin. Ar an drochuair, eisíonn
roinnt comhlachtaí deimhniúcháin deimhnithe i réimsí lasmuigh dá n-inniúlacht, agus
‘deimhnithe deonacha’ a thugann siad orthu. Is míthreorach an cleachtas é sin toisc
nach n-aithnítear na deimhnithe sin go dlíthiúil chun comhlíontacht a chruthú. Mar
shampla, má thugtar fógra faoi chomhlacht maidir le hinnealra, níor cheart dó deimhnithe
a eisiúint (deimhnithe ‘deonacha’ nó eile) le haghaidh táirgí nach innealra iad (amhail
trealamh cosanta pearsanta). Is é an t-aon ‘deimhniú deonach’ bailí atá ann deimhniú
sna réimsí sin ina bhforáiltear sa reachtaíocht nach bhfuil deimhniú éigeantach, ach
nach féidir ach le comhlachtaí faoina dtugtar fógra cuí é a eisiúint iontu.
An measúnú comhréireachta a dhéanamh leat féin
Más rud é nach gá do chomhlacht neamhspleách do tháirge a fhíorú, is fútsa atá sé an measúnú comhréireachta a dhéanamh. San áireamh leis sin tá meastachán agus doiciméadú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus do tháirge á úsáid.
An cháipéisíocht theicniúil a chur i dtoll a chéile
Ba cheart na doiciméid uile a chruthaíonn go gcloíonn do tháirge leis na ceanglais theicniúla a bheith san áireamh i do shainchomhad teicniúil. Féach leat conas an cháipéisíocht theicniúil a chur i dtoll a chéile.