Toghcháin, achainíocha agus comhairliúcháin

Toghcháin

Más náisiúnach den Aontas thú atá ina chónaí i mBallstát eile den Aontas, tá an ceart agat vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Eorpacha a reáchtáiltear sa tír sin. Is ionann na coinníollacha duitse agus do náisiúnaigh na tíre sin.

Tá rialacha náisiúnta ar leith ag gach Ballstát maidir le páirt a ghlacadh i dtoghcháin ó thír eile.

Achainíocha agus comhairliúcháin

Is féidir le saoránach, eagraíocht nó gnólacht ar bith san Aontas rannchuidiú le próiseas reachtóireachta an Aontais trí pháirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí. Is féidir leat achainí a sheoladh freisin chun a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlí nua a mholadh, nó a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa feasacht a mhúscailt nó seasamh a ghlacadh maidir le hábhar imní.

Last checked: 21/06/2024
Share this page