Toghcháin Eorpacha

Mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá sé de cheart agat vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Déantar an vótáil gach cúig bliana. I mí an Mheithimh 2024 a reáchtáladh na toghcháin is déanaí. Chun eolas beacht a fháil, téigh i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta sa tír ábhartha thíos, nó féach torthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024.

  • An Bheilgen
  • An Bhulgáiren
  • An Chipiren
  • An Chróiten
  • An Danmhairgen
  • An Eastóinen
  • An Fhionlainnensv
  • An Fhraincfr
  • An Ghearmáindeen
  • An Ghréigen
  • An Iodáilen
  • An Ísiltíren
  • An Laitviaen
  • An Liotuáinen
  • An Ostairen
  • An Pholainnen
  • An Phortaingéilen
  • An Rómáinen
  • An Spáinnen
  • An tSeiciaen
  • An tSlóivéinen
  • An tSlóvaicen
  • An tSualainnenfi
  • An Ungáiren
  • Éireen
  • Lucsamburgen
  • Máltaen

Do cheart chun vóta a chaitheamh

Má tá cónaí ort i do thír féin, ní féidir leat vóta a chaitheamh ach amháin d’iarrthóirí an Aontais atá ag seasamh i dtoghchán i do thír féin. Má tá tú cláraithe agus má tá cónaí ort i dtír eile san Aontas, is féidir leat:

  • vóta a chaitheamh d’iarrthóirí atá ag seasamh i do thír féin, nó
  • vóta a chaitheamh d’iarrthóirí atá ag seasamh i do thír óstach.

Warning

Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach uair amháin sna toghcháin Eorpacha.

Coinníollacha vótála i do thír óstach

Is féidir go mbeidh ort clárú leis na húdaráis náisiúnta chun vóta a chaitheamh i do thír óstach chun gur féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha. I roinnt tíortha den Aontas, cuirtear ar rolla na dtoghthóirí thú go huathoibríoch nuair a chláraíonn tú d’áit chónaithe. Mar sin féin, mura ndéantar amhlaidh agus más gá duit clárú, féach na spriocdhátaí clárúcháin i do thír óstach i bhfad roimh ré mar go mbíonn siad éagsúil ó thír go tír.

Vóta a chaitheamh d’iarrthóir atá ag seasamh i dtoghchán i do thír féin

Cuireann tíortha éagsúla san Aontas roghanna éagsúla ar fáil do vótálaithe a bhfuil cónaí orthu thar lear. Ag brath ar do thír féin, tá tú:

  • cláraithe fós chun vóta a chaitheamh i do thír féin, nó
  • cláraithe ar rolla speisialta le haghaidh cónaitheoirí thar lear, nó
  • bainte de rolla na dtoghthóirí tar éis cónaí a bheith ort thar lear ar feadh tréimhse áirithe.

Má tá cónaí ort i dtír eile, agus más mian leat vóta a chaitheamh le haghaidh iarrthóir i do thír dhúchais, is féidir leat na coinníollacha go léir a sheiceáil i do chonsalacht nó d’ambasáid áitiúil. Féach liosta consalachtaí agus ambasáidí bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

Warning

Mura bhfuil cónaí ort i do thír féin níos mó, is féidir nach mbeidh tú in ann vóta a chaitheamh i dtoghcháin an Aontais sa tír sin. Féach leat na rialacha náisiúnta.

Vóta a chaitheamh d’iarrthóir atá ag seasamh i dtoghchán i do thír óstach

Mar shaoránach den Aontas, is féidir leat vóta a chaitheamh faoi na coinníollacha céanna le saoránaigh na tíre ina bhfuil cónaí ort. Más amhlaidh a bhíonn ar shaoránaigh cónaí a bheith orthu sa tír ar feadh tréimhse áirithe chun cead vótála a fháil, is amhlaidh a bheidh feidhm ag na coinníollacha céanna duitse. Is féidir go mbeidh ort doiciméad a chur ar fáil a chruthaíonn nach bhfuil taifead coiriúil agat bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

Mar sin féin, ba cheart na tréimhsí a chaith tú i dtíortha eile san Aontas, seachas do thír féin, a chur san áireamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh.

Éigeantach vóta a chaitheamh

Má tá sé éigeantach vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha ann i do thír óstach, agus má cuireadh ar rolla toghthóirí na tíre sin thú tar éis duit clárú, tá dualgas ort vóta a chaitheamh, go díreach mar atá dualgas ar shaoránaigh na tíre sin. Féach leat rialacha náisiúnta na tíre inar mian leat vóta a chaitheamh.

Vóta a chaitheamh ó lasmuigh den Aontas

Má tá cónaí ort lasmuigh den Aontas Eorpach, is iondúil gur féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghcháin an Aontais in ambasáid nó i gconsalacht do thíre féin. Mar sin féin, tá roinnt tíortha ann nach gceadaíonn duit vóta a chaitheamh ó lasmuigh de do thír féin.

Do cheart chun seasamh mar iarrthóir

Agus tú ag seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Eorpacha, beidh ort a dhearbhú nach bhfuil tú dícháilithe ó bheith ag seasamh mar iarrthóir agus nach bhfuil tú ag seasamh in aon tír eile san Aontas. Is féidir go mbeidh ort doiciméad a chur ar fáil a chruthaíonn nach bhfuil taifead coiriúil agat bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Má roghnaíonn tú vóta chaitheamh nó seasamh mar iarrthóir sa tír ina bhfuil cónaí ort, ní féidir leat déanamh amhlaidh i do thír féin.

Warning

Ní féidir leat seasamh mar iarrthóir ach in aon tír amháin i dtoghcháin an Aontais.

Coinníollacha chun seasamh mar iarrthóir

Mar shaoránach den Aontas, is féidir leat seasamh mar iarrthóir faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le saoránaigh na tíre ina bhfuil cónaí ort. Más amhlaidh a bhíonn ar shaoránaigh cónaí a bheith orthu sa tír ar feadh tréimhse áirithe chun seasamh i dtoghchán den Aontas, is amhlaidh a bheidh feidhm ag na coinníollacha céanna duitse.

Mar sin féin, ba cheart na tréimhsí a chaith tú i dtíortha eile san Aontas, seachas do thír féin, a chur san áireamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh. Chun eolas níos beaichte a fháil, téigh i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta sa tír ábhartha.

  • An Bheilgen
  • An Bhulgáiren
  • An Chipiren
  • An Chróiten
  • An Danmhairgen
  • An Eastóinen
  • An Fhionlainnensv
  • An Fhraincfr
  • An Ghearmáindeen
  • An Ghréigen
  • An Iodáilen
  • An Ísiltíren
  • An Laitviaen
  • An Liotuáinen
  • An Ostairen
  • An Pholainnen
  • An Phortaingéilen
  • An Rómáinen
  • An Spáinnen
  • An tSeiciaen
  • An tSlóivéinen
  • An tSlóvaicen
  • An tSualainnen
  • An Ungáiren
  • Lucsamburgenfr
  • Máltaen

FAQs

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 10/06/2024
Share this page