Comaitéirí trasteorann a fhostú

Má fhostaíonn tú oibrí atá ina chónaí i mBallstát amháin den Aontas ach atá ag obair i mBallstát eile, meastar gur comaitéirí trasteorann iad (ar a dtugtar freisin oibrithe trasteorann nó oibrithe teorann), fiú mura dtaistealaíonn siad chun na hoibre ach uair amháin in aghaidh na seachtaine i mBallstát eile.

Cé na dlíthe a bhfuil feidhm acu

Tá comaitéirí trasteorann faoi réir dhlíthe saothair agus chearta slándála sóisialta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv an Bhallstáit ina bhfuil a n-ionad oibre lonnaithe. Mar sin féin, ní mór dóibh cloí leis na rialacha cónaithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv agus leis an gcóras cánach (i gcás fhormhór na gcánacha) sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu.

Ina theannta sin, cosnaítear iad faoi rialacha an Aontais in aghaidh idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht. Ciallaíonn sé sin nach mór caitheamh go cothrom leo sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair ó thaobh rochtain ar fhostaíocht, luach saothair, dálaí oibre agus dífhostú agus gach buntáiste sóisialta agus cánach eile leis na hoibrithe ar náisiúnaigh den Bhallstát sin iad.

Tuarastal comaitéara trasteorann a íoc

B‘fhéidir gur mhaith leat go n-osclódh d’fhostaí cuntas bainc sa Bhallstát ina bhfuil do ghnó bunaithe ionas nach mbeidh ort táillí aistrithe bainc idirnáisiúnta a íoc. Mar sin féin, má tá an t-aistriú creidmheasa in euro, tá oibleagáid ort glacadh le gach cuntas íocaíochta atá lonnaithe in aon Bhallstát den Aontas.

Is féidir leat tuarastal d’oibrí a íoc in euro isteach in aon chuntas bainc san Aontas trí úsáid a bhaint as a n-uimhreacha IBAN, agus ní bheidh an táille aistrithe creidmheasa níos airde ná an táille a ghearrtar ar aistrithe náisiúnta.

Is féidir rochtain a fháil ar eolas náisiúnta thíos.

See also

For consumers & employees

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 02/05/2025
Share this page