Doiciméadacht theicniúil a ullmhú
Mar mhonaróir, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- doiciméadacht theicniúil a ullmhú sulagcuire tú táirge ar an margadh
- a chinntiú go gcuirfear an doiciméadacht theicniúil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna hiarraidh sin dóibh
- an doiciméadacht theicniúil a choinneáil go ceann 10 mbliana ón dáta a chuirtear an táirge ar anmargadh (mura sonraítear a mhalairt go sainráite sa reachtaíocht ábhartha)
Cuirtear eolas mionsonraithe ar fáil sa doiciméadacht theicniúil maidir le dearadh,monarúagus oibriú táirge. Ní mór di a léiriú go gcomhlíonann an táirge ceanglais uile an Aontais.
Tá gá le doiciméadacht theicniúil chun a chruthú go gcomhlíonann an táirge ceanglais riachtanacha faoi rialacha comhchuibhithe an Aontais agus chun údar agus tacaíocht a thabhairt do dhearbhú comhréireachta an Aontais. Tá an doiciméadacht sin de dhíth ort freisin chun marcáil CE a chur ar do tháirge nuair is gá.Marcáil CE
An méid atá le cur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil
Ní mór anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca/na rioscaí a bheith sa doiciméadacht theicniúil agus ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh inti:
- ainm agus seoladh an mhonaróra, nó ainm agus seoladh aon ionadaí údaraithe
- cur síos gairid ar an táirge
- aitheantas táirge, e.g. sraithuimhir
- ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na saoráidí a raibh baint acu le dearadh agus monarú an táirge
- ainm agus seoladh aon chomhlachta faoina dtugtar fógra a raibh baint aige le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge (más infheidhme)
- an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leanadh
- rialacha infheidhme an Aontais a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu, ina measc sin cur síos ar cé acu de na ceanglais riachtanacha atá ábhartha
- sainaithint na gcaighdeán teicniúil a úsáidtear chun comhlíonadh a léiriú (e.g. EN, ISO, IEC)
- measúnú riosca agus míniú ar an gcaoi a dtugtar aghaidh ar rioscaí aitheanta (e.g. trí dhearadh nó trí chaighdeáin)
- liosta de chomhpháirteanna criticiúla agus d’ábhair chriticiúla a dhéanann difear d’fhianaise maidir le comhlíonadh na gcaighdeán is infheidhme (e.g. tuarascálacha tástála)
- lipéad táirge agus treoracha úsáideora
Comhlíontacht caighdeán le haghaidh táirgí casta
Má thagann do tháirge faoi dhlíthe éagsúla de chuid an Aontais, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh i do dhoiciméadacht theicniúil:
- a léiriú go soiléir cé na codanna nó na feidhmeanna den táirge atá faoi réir rialacha an Aontais, agus cé na rialacha sin
- a shainaithint cé na caighdeáin theicniúla (e.g. EN comhchuibhithe, ISO, IEC, caighdeáin náisiúnta) a úsáideadh le haghaidh gach gné den chomhlíontacht
- i gcás ina n-úsáidtear caighdeáin neamh-chomhchuibhithe nó modhanna inmheánacha, údar a thabhairt leis sin agus míniú conas a léiríonn siad comhréireacht
- a chinntiú go léiríonn an struchtúr doiciméadachta an mhapáil sin go soiléir, ionas gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh measúnú a dhéanamh uirthi
Warning
Ceann de na rialacha is tábhachtaí sa reachtaíocht maidir le táirgí is ea gur ar bhonn deonach a úsáidtear caighdeáin chomhchuibhithe, ach go nglactar leo go bhfuil comhréir ann leis an dlí.Tuilleadh eolais maidir le caighdeáin .
Measúnú riosca
Ceanglaítear ar mhonaróirí na rioscaí uile a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena dtáirge a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Ina measc sin:
- guaiseacha a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge d’úsáideoirí, do mhaoin nó don chomhshaol
- a chinneadh cé na ceanglais riachtanacha a bhfuil feidhm acu (i.e. na buncheanglais sábháilteachta, sláinte, chomhshaoil agus buncheanglais eile lena gcosnaítear leas áirithe an phobail a leagtar amach i rialacha ábhartha an Aontais)
- tuairisc a thabhairt ar na bearta a rinneadh chun na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú (e.g. trí chaighdeáin chomhchuibhithe a chur i bhfeidhm)
Is gá an anailís sin a dhoiciméadú agus a chur san áireamh sa doiciméadacht theicniúil.
Teanga agus formáid
Féadfaidh tú an doiciméadacht theicniúil a ullmhú in aon cheann is rogha leat de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh en a cheangal go ndéanfar na codanna ábhartha den doiciméadacht a aistriú go teanga a thuigeann siad.
Féadfar an doiciméadacht a stóráil i bhformáid leictreonach, ar choinníoll go mbeidh sí inrochtana, dea-eagraithe agus ar fáil arna iarraidh sin.
I do cháil mar mhonaróir, ba cheart duit a bheith in ann a léiriú freisin cén áit agus conas a dhéantar an doiciméadacht a stóráil agus a chothabháil tar éis na tréimhse coinneála is gá de réir dlí (10 mbliana de ghnáth).