Gnólacht a dhúnadh
Má tá sé beartaithe agat gnólacht a dhúnadh san Aontas, bíodh sin mar chinneadh deonach nó mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais, tá sé tábhachtach a thuiscint cé na rialacha atá i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus cén áit ar féidir leat cabhair agus comhairle a fháil.
Dúnadh deonach
Má tá do ghnólacht sócmhainneach agus má roghnaíonn tú é a dhúnadh, beidh an nós imeachta ag brath den chuid is mó ar rialacha náisiúnta na tíre ina bhfuil do ghnólacht cláraithe. De ghnáth, beidh ort fógra a thabhairt don chlárlann ghnó ábhartha, aon fhiachas agus oibleagáid chánach atá gan íoc a shocrú, cuntais chríochnaitheacha a chomhdú, agus díchlárú go foirmiúil ó chórais slándála sóisialta agus chánach. Cinneann gach Ballstát na céimeanna sin, na doiciméid agus na hamlínte is gá san áireamh.
Dúnadh mar gheall ar strus airgeadais nó dócmhainneacht
Má tá do ghnólacht ag streachailt chun fiacha a íoc, cuir i gcás, ní féidir leat párolla a íoc, sonraisc a shocrú, nó coinneáil suas le híocaíochtaí cánach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó roghanna luath-athstruchtúraithe a mheas. Braitheann na céimeanna agus na hiarmhairtí beachta ar na rialacha náisiúnta i do thír féin, ach cuireann rialacha uile-Aontais cearta tábhachtacha ar fáil freisin, go háirithe má dhéanann tú gnó thar theorainneacha.
Roghanna chun do ghnólacht a shábháil
Má tá deacracht airgeadais agat, tugann rialacha an Aontais an ceart duit rochtain a fháil ar bhearta luath-athstruchtúraithe atá ceaptha chun cabhrú leat gníomhú sula mbeidh tú dócmhainneach go foirmiúil agus do ghnólacht a choinneáil ar bun má tá sé fós inmharthana.
D’fhéadfá a bheith in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Aisghabháil fiach a chur ar sos go sealadach: Reo a iarraidh ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ar feadh suas le 4 mhí (ar féidir síneadh a chur leis i gcásanna áirithe) agus tú i mbun caibidlíochta maidir le plean athstruchtúraithe
- Dul i mbun caibidlíochta maidir le plean athstruchtúraithe: Oibriú le do chreidiúnaithe chun fiacha a laghdú nó a athsceidealú faoi phlean nach mór do chúirt nó d’údarás riaracháin a fhormheas. Is iondúil gur féidir leat smacht a choinneáil ar oibríochtaí laethúla le linn an phróisis sin
- Uirlisí luathrabhaidh a úsáid: Cuireann go leor tíortha foláirimh uathoibríocha ar fáil maidir le híocaíochtaí a chailltear, seirbhísí comhairleacha poiblí, nó tacaíocht ó chuntasóirí agus ó chomhlachais tráchtála chun cabhrú leat gníomhú go luath
Is iad do chúirt náisiúnta, d’údarás dócmhainneachta, nó do chlárlann ghnó a láimhseálann iarratais ar athstruchtúrú, go minic le cabhair ó dhlíodóir nó ó chuntasóir. D’fhéadfadh cabhair saor in aisce nó ar chostas íseal a bheith ar fáil trí sheirbhísí náisiúnta luathrabhaidh nó comhairleacha. Tá naisc chuig nósanna imeachta náisiúnta le fáil ar Thairseach an Aontais Eorpaigh don ríomh-Cheartas.
Warning
Más dócha go mbeidh dócmhainneacht ann, ní mór do stiúrthóirí cuideachta leasanna creidiúnaithe a chosaint, glacadh fiachas neamh-inbhuanaithe nua a sheachaint, agus bearta réasúnacha a dhéanamh chun tuilleadh dochair airgeadais a chosc.An dara deis a fháil
Mura féidir do ghnólacht a shábháil agus má tá tú faoi dhliteanas pearsanta, cuir i gcás, mar thrádálaí aonair, tugann rialacha an Aontais an ceart duit an dara deis a fháil. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat iarratas a dhéanamh chun na fiacha gan íoc atá fágtha agat a ghlanadh.
Ní mór an díluchtú iomlán a dhéanamh laistigh de 3 bliana ó thús an phróisis. Cuireann sé sin ar chumas fiontraithe macánta tosú arís gan fiachas fadtéarmach.
Is iondúil gurb iad na húdaráis náisiúnta dócmhainneachta nó na cúirteanna a láimhseálann na hiarratais. Tá treoir agus teagmhálacha le fáil ar Thairseach an Aontais Eorpaigh don ríomh-Cheartas.
Warning
Athraíonn na nósanna imeachta maidir le hathstruchtúrú agus an dara deis, de réir tíre. Déanann sé sin difear don chaoi a sainmhíníonn gach tír cad a áirítear mar ‘féimheacht mhacánta’, fad na dtréimhsí urscaoilte sula ndéantar fiacha a ghlanadh, agus an chaoi a ndéantar próisis chúirte nó riaracháin a struchtúrú. Tá sé tábhachtach seiceáil a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil feidhm ag na rialacha sin i do thír shonrach.Dócmhainneacht trasteorann
Má tá oibríochtaí, sócmhainní nó creidiúnaithe agat i níos mó ná Ballstát amháin, cinntear le rialacha an Aontais cén tír a bhfuil feidhm ag dlí dócmhainneachta na tíre sin ina leith. Is é an príomhfhachtóir an áit a bhfuil a phríomhionad leasa ag do ghnólacht. Go hiondúil, is é sin an áit a bhfuil do cheannoifig agus do bhainistíocht laethúil lonnaithe. Is í an tír sin a stiúrfaidh an cás de ghnáth, agus beidh feidhm ag a rialacha maidir leis an gcuid is mó den phróiseas.
Ní mór do Bhallstáit eile den Aontas an príomhchás dócmhainneachta a aithint agus comhoibriú leis. I gcásanna áirithe, féadfaidh údaráis náisiúnta i mBallstát eile déileáil le sócmhainní nó creidiúnaithe áitiúla, ach ar bhonn teoranta amháin.
Oibleagáidí i leith fostaithe
Agus do ghnólacht á dhúnadh agat, ní mór duit cloí leis na rialacha náisiúnta maidir
le deireadh a chur le conarthaí fostaíochta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv agus fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Má éiríonn do ghnólacht dócmhainneach agus mura féidir leis pá nó teidlíochtaí eile
a íoc, cumhdóidh institiúidí náisiúnta ráthaíochta, a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, pá neamhíoctha fostaithe agus sochair áirithe
ar feadh tréimhse theoranta. Tá feidhm ag an gcosaint sin i ngach Ballstát den Aontas.
Cáin, cuntasaíocht agus díchlárú
Is ar an leibhéal náisiúnta a shocraítear formhór na gcéimeanna a bhaineann le cáin, cuntasaíocht agus díchlárú. Mar sin féin, má bhí do ghnólacht cláraithe le haghaidh trádáil trasteorann, ní mór duit tuairisceáin CBL deiridh a chomhlánú agus fógra a thabhairt do na húdaráis chánach faoi do chlárúcháin CBL san Aontas a dhúnadh. I gcás inar oibrigh tú i níos mó ná Ballstát amháin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort na clárlanna gnó agus na hoifigí cánach i ngach Ballstát ina raibh tú gníomhach a chur ar an eolas freisin chun do láithreacht a dhúnadh i gceart ansin.
Faigh rochtain thíos ar eolas náisiúnta maidir le dócmhainneacht agus ceisteanna eile a bhaineann le do ghnólacht a dhúnadh.