Lipéad DTLL
Cad é an lipéad WEEE?
Cuireann an tsiombail in iúl nár cheart fáil réidh leis an táirge mar a bheadh dhramhaíl neamhshórtáilte ann, agus nach mór é a sheoladh chuig saoráidí bailithe ar leithligh lena aisghabháil agus lena athchúrsáil. Ní mór an mharcáil DTLL a bheith ar aon trealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
An bhfuil sé éigeantach?
Cé is moite de roinnt eisceachtaí, ní mór marcáil shonrach a bheith ar an gcuid is mó den trealamh leictreach agus leictreonach a dhíoltar san Aontas. Tá lipéid DTLL éigeantach le haghaidh na gcatagóirí táirgí seo a leanas:
- trealamh malartaithe teochta, amhail cuisneoirí agus aonaid aerchóiriúcháin
- scáileáin, monatóirí agus trealamh ina bhfuil scáileáin ar mó ná 100 cm² a ndromchla
- lampaí
- trealamh mór (aon toise seachtrach ar mó ná 50 cm é) amhail meaisíní níocháin, meaisíní cóipeála, grianphainéil ar an díon
- trealamh beag (toise seachtrach ar lú ná 50 cm é) amhail folúsghlantóirí, brathadóirí deataigh, cloig agus uaireadóirí
- trealamh beag TF agus teileachumarsáide (gan aon toise seachtrach ar mó ná 50 cm é)
Tá liosta mionsonraithe de na fearais a thagann faoi gach catagóir táirge ar fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir de chuid an Aontais.
Cén dóigh a ngreamaítear an lipéad?
Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar do threalamh leictreach agus leictreonach:
- siombail den araid rothaí agus líne tríthi
- do mharc aitheantais, amhail an t-ainm branda nó trádmharc
Má cuireadh do tháirge ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005, féadfaidh tú ceachtar díobh seo a leanas a dhéanamh:
- barra a chur faoin tsiombail den araid rothaí agus líne tríthi, sin nó
- an dáta a cuireadh an táirge ar an margadh a shonrú
Ní mór na hinscríbhinní sin a phriontáil ar an táirge féin agus ba cheart iad a bheith buan sofheicthe inléite. Is féidir an lipéad a phriontáil ar an bpacáistiú, ar na treoracha nó ar an mbileog bharánta seachas ar an táirge féin más amhlaidh atá méid an táirge ró-bheag nó dá gcuirfeadh an mharcáil isteach ar a fheidhm.
Cé na costais a bhaineann leis an lipéad DTLL?
Tá clárú agus tuairisciú don chlár náisiúnta saor in aisce. Mar sin féin, tá oibleagáidí airgeadais ann a bhaineann le freagrachtaí i leith na dramhaíola, agus d’fhéadfadh siad a bheith éagsúil ó thír go tír san Aontas.
Freagrachtaí i leith na dramhaíola
Chomh maith leis an lipéad DTLL a chlárú agus a ghreamú, baineann do chuid oibleagáidí freisin le céim dheireadh ré do tháirgí.
Tuilleadh eolais faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi do fhreagrachtaí i leith dramhaíola i gcás trealamh leictreach agus leictreonach.
Is féidir eolas náisiúnta a rochtain thíos.