Éigeandálaí
112: an uimhir éigeandála aonair Eorpach
Is í 112 an uimhir éigeandála Eorpach is féidir leat glaoch uirthi saor in aisce ó fhóin sheasta agus ó fhóin phóca i ngach áit san Aontas. Cuirfidh sé ar aghaidh caol díreach thú chuig na seirbhísí éigeandála – póilíní, otharcharr, briogáid dóiteáin.
I roinnt de na Ballstáit, tá uimhreacha éigeandála náisiúnta fós in úsáid in éineacht le 112. Ach is í 112 an t-aon uimhir is féidir leat a úsáid chun rochtain a fháil ar na seirbhísí éigeandála i mBallstáit uile an Aontais agus in go leor tíortha eile san Eoraip agus ar fud an domhain.
Scéal samplach
Tubaiste a chosc
Tharla dóiteán san árasán a bhí ag Anasthassios ón nGréig i bPáras díreach tar éis dó bogadh ann chun freastal ar an ollscoil. Ní raibh uimhir sheirbhísí éigeandála na Fraince ar eolas aige, ach chuimhnigh sé gurbh fhéidir leis an uimhir éigeandála 112 a úsáid sa Fhrainc díreach mar ab fhéidir ina thír dhúchais nó áit ar bith eile san Aontas. Ghlaoigh sé ar 112 agus bhí sé i dteagmháil ar an toirt le seirbhís éigeandála Pháras, agus cuireadh an bhriogáid dóiteáin go dtí a árasán láithreach bonn.
Cúram leighis éigeandála
Nuair a bhíonn tú ag taisteal san Aontas, ná déan dearmad do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) a thabhairt leat. Má theastaíonn cúram leighis éigeandála uait, simpleoidh cárta EHIC an páipéarachas agus cuideoidh sé leat aisíocaíocht a fháil ar aon chostas cúraim sláinte poiblí.
116000: an bheolíne do leanaí atá ar iarraidh
Má théann do leanbh ar iarraidh, sa bhaile nó i dtír eile den Aontas, is féidir leat glaoch ar 116000, an bheolíne do leanaí atá ar iarraidh. I gcomhréir le rialacha an Aontais, tá an bheolíne 116000 ar fáil i dtíortha uile an Aontais.
Is féidir leat an bheolíne a úsáid chun leanbh atá ar iarraidh a thuairisciú; cuireann sé treoir agus tacaíocht ar fáil freisin do theaghlaigh leanaí atá ar iarraidh.
Scéal samplach
Conas leanbh atá ar iarraidh a thuairisciú
Is lánúin as an nGearmáin iad Andreas agus Kirsten. Nuair a bhí siad ar saoire sa Fhrainc, chuaigh a n-iníon ar iarraidh agus iad ar thuras. Bhí siad trína chéile. Roinnt uaireanta an chloig níos déanaí, ní raibh siad fós tar éis teacht uirthi. Thuairiscigh siad an cás do na póilíní ach chuimhnigh siad freisin ar an uimhir atá ar fáil sa Ghearmáin chun cásanna leanaí atá ar iarraidh a thuairisciú. Bhí a fhios acu gur oibrigh an bheolíne 116000 sa Fhrainc freisin, mar sin, ghlaoigh siad ar an uimhir agus fuair siad comhairle maidir le conas a gcás a láimhseáil le húdaráis na Fraince.
Faigh tuilleadh eolais faoi 112 agus uimhreacha éigeandála eile a úsáid i dtíortha uile an Aontais.