Comharchumann Eorpach a bhunú
Is éard is comharchumann ann gnó atá faoi úinéireacht grúpa daoine nó eintiteas dlítheanach agus arb iad a oibríonn é, a bhfuil idir thairbhí agus fhreagrachtaí cinnteoireachta acu. Murab ionann agus cuideachtaí traidisiúnta atá dírithe ar bhrabúis a uasmhéadú, is é is aidhm do na comharchumainn freastal ar riachtanais a gcomhaltaí.
Má tá tú páirteach i gcomharchumann atá ag iarraidh leathnú thar theorainneacha an Aontais, is rogha éifeachtach é Comharchumann Eorpach (Societas cooperativa Europaea, SCE) a bhunú. Cuireann an struchtúr dlíthiúil sin ar do chumas oibriú i dtíortha éagsúla faoi chreat aonair, rud a fhágann gur éasca a bhíonn sé rochtain a fháil ar mhargaí níos mó, comhoibriú go hidirnáisiúnta, agus barainneachtaí scála a bhaint amach.
Príomhcheanglais agus bunú
Tá an méid seo a leanas i measc na bpríomhcheanglas le haghaidh Comharchumann Eorpach (SCE):
- íoschaipiteal €30,000
- clárú sa Bhallstát ina bhfuil do phríomhoifig lonnaithe
- ballraíocht daoine aonair nó eintiteas ó dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad.
Is féidir SCE a chruthú ar thrí bhealach:
- trí thosú ón tús le cúigear aonair ar a laghad nó dhá eintiteas dhlíthiúla ó thíortha éagsúla san Aontas
- trí dhá chomharchumann nó níos mó atá ann cheana a chumasc
- sin nó trí chomharchumann atá ann cheana agus atá ag feidhmiú i dtír eile den Aontas le dhá bhliain ar a laghad a thiontú.
Scéal samplach
Ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal Eorpach: an dóigh ar tháinig trí chomharchumann le chéile ar son an fhuinnimh in-athnuaite
Theastaigh ó thrí chomharchumann um fhuinneamh in-athnuaite ón Spáinn, ón Danmhairg agus ón mBeilg comhoibriú chun tionscadail ghréine agus ghaoithe a fhorbairt ar fud na hEorpa. Chun oibríochtaí a shimpliú agus maoiniú a fháil, chinn siad Comharchumann Eorpach (SCE) a bhunú. I ngeall gur chomhlíon siad an ceanglas maidir le comhaltaí a bheith acu ó dhá Bhallstát ar a laghad, chomhthiomsaigh siad €30,000 i gcaipiteal agus chláraigh siad SCE sa Bheilg, an áit a roghnaigh siad chun a bpríomhoifig a bhunú inti. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le struchtúr rialachais le comhlacht bainistíochta a dhéanann maoirseacht ar oibríochtaí laethúla agus le comhlacht maoirseachta. Anois, mar eintiteas dlíthiúil aonair, is féidir leo conarthaí níos fearr a chaibidliú, a dtionscadail a leathnú, agus acmhainní a chomhroinnt ar bhealach níos éifeachtúla thar theorainneacha.
Rialachas
Is iondúil go leanann an vótáil prionsabal comhoibritheach ‘comhalta amháin, vóta amháin’, cé go gceadaítear vótáil ualaithe i gcásanna áirithe.
Ní mór duit cruinniú ginearálta a thionól uair amháin sa bhliain ar a laghad, le cinntí a dhéantar trí thromlach simplí, seachas i gcás athruithe ar na reachtanna inmheánacha, ar gá tromlach dhá thrian ina leith a bheith ann. Is féidir le do struchtúr bainistíochta a bheith ina chóras dhá leibhéal a bhfuil comhlacht bainistíochta agus comhlacht maoirseachta ann, sin nó a bheith ina chóras aon leibhéil a bhfuil comhlacht riaracháin aonair ann, rud a fhágann go mbíonn solúbthacht ann.
Ionadaíocht foirne
Sula gcláraítear SCE, ní mór Comhlacht Speisialta Caibidlíochta (SNB) a bhunú, ina bhfuil ionadaithe ar fostaithe iad ó na tíortha uile lena mbaineann. Oibríonn an SNB le bainistíocht SCE chun teacht ar chomhaontú maidir le leibhéal agus modhanna rannpháirtíochta na bhfostaithe, cuir i gcás eolas a chomhroinnt, comhairliúchán, agus i gcásanna áirithe, rannpháirtíocht i gcomhlachtaí cinnteoireachta.
Cánachas
Chun críoch cánach, caitear le SCE mar a chaitear le haon chuideachta ilnáisiúnta eile agus íocann sé cánacha i ngach tír ina bhfeidhmíonn sé.
Is féidir rochtain a fháil ar eolas náisiúnta thíos.