Eolas faoin suíomh seo

Is suíomh de chuid an Aontais é Your Europe a ceapadh chun cabhrú leat rudaí a dhéanamh i mBallstáit eile den Aontas agus míchaoithiúlacht agus rómhaorlathas nach bhfuil gá leo a sheachaint.

D’fhéadfadh cabhair chun bogadh nó maireachtáil i dtír eile a bheith i gceist, sin nó cabhair chun staidéar, obair, siopadóireacht nó taisteal a dhéanamh fiú. Nó, mar ghnólacht, cabhair chun gnó a dhéanamh i dtír eile.

Mar náisiúnach den Aontas Eorpach, nó mar náisiúnach den Íoslainn, de Lichtinstéin, nó den Iorua, tá cearta áirithe agat sna réimsí sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach n-urramófaí iad i gcónaí mura bhfuil dlí ábhartha an Aontais curtha i bhfeidhm ina iomláine ag tír go fóill.

Cén t-eolas atá le fáil ar an suíomh seo?

Cuireann Your Europe an méid seo a leanas ar fáil:

  • eolas faoi do chearta bunúsacha faoi dhlí an Aontais.
  • rochtain ar líonra tairseach náisiúnta lena gcuirtear eolas ar fáil faoin gcaoi a gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm i ngach Ballstát den Aontas le haghaidh úsáideoirí trasteorann (i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach).
  • teagmháil ríomhphoist nó ar an nguthán saor in aisce le seirbhísí cúnaimh an Aontais chun cabhair agus comhairle níos pearsantaithe nó níos mionsonraithe a fháil.

Na tíortha / náisiúntachtaí a chumhdaítear

Tá an t-eolas ar an suíomh seo dírithe go príomha ar náisiúnaigh den Aontas agus ar a dteaghlaigh (baill teaghlaigh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad san áireamh).

I bhformhór na gcásanna, na cearta sin de chuid an Aontais a ndéantar cur síos orthu ar Your Europe, baineann siad leis na Ballstáit uile den Aontais chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

Uaireanta, ach ní i gcónaí, bíonn feidhm ag cearta an Aontais san Eilvéis freisin ó tharla gur chláraigh sí le roinnt socruithe leis an Aontas ach ní le socruithe eile.

Luaitear go sonrach ar gach leathanach de Your Europe na tíortha nó na náisiúntachtaí a bhfuil feidhm ag an eolas ina leith.

Údair an tsuímh

Cuireann ranna ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh eolas ar Your Europe ar fáil agus déantar é a chomhlánú le hábhar a chuireann na húdaráis ar fáil i ngach tír a chumhdaítear leis.

2 roinn atá le fáil ar an suíomh, is iad sin:

  • saoránaigh
  • gnólachtaí

Is í an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide a bhainistíonn an dá roinn.

Tugtar samplaí sa dá roinn bunaithe ar thaithí fíorshaoil na saoránach den Aontas. Cumadh gach ainm agus náisiúntacht.

Cén chaoi a bhfeidhmíonn an cuardach?

Is féidir leat eochairfhocail nó ceisteanna a chur isteach sa bharra cuardaigh ar leathanach baile Your Europe. Má theastaíonn eolas uait i dtaca le tír ar leith, cuir ainm na tíre isteach i do chuardach.

Ach cliceáil ar dheilbhín an lionsa formhéadúcháin, déanfar cuardach ar an ábhar ar fad atá le fáil ar Your Europe, chomh maith le heolas údarásach ar thairseacha iontaofa rialtais náisiúnta a bhfuil baint acu le Your Europe.

Cuirfidh Your Europe freagra amháin nó níos mó ar fáil, i gcás gach freagra, taispeánfaidh sé naisc chuig an leathanach/na leathanaigh ar ar aimsíodh an t-eolas. D’fhéadfadh sé go gclúdóidh an freagra rialacha an Aontais (ó ábhar Your Europe), rialacha náisiúnta, (ó fhoinsí rialtais náisiúnta), nó an dá rud, ag brath ar do cheist.

Tabhair do d’aire go n-úsáideann an cuardach seo an intleacht shaorga, mar sin déan an t-eolas a fhíorú i gcónaí ach na leathanaigh fhoinseacha a sheiceáil trí na naisc faoin bhfreagra! Ná cuir isteach aon sonraí pearsanta. Má chuireann tú isteach sonraí pearsanta, scriosfaidh Your Europe iad ó do cheist, agus d’fhéadfadh sé go dteipfeadh ar do chuardach.

Clúdach teangacha

Cuireann Your Europe eolas ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

Mar sin féin, ag amanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt den ábhar ar fáil i do rogha teanga fad is a bheidh sé á aistriú.

An t-eolas a bhaineann go sonrach le tír ar leith, cuirtear ar fáil é i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre sin agus i mBéarla.

Níl an Coimisiún Eorpach freagrach as beartas teanga suíomhanna gréasáin seachtracha.

Hipearnascadh chuig Your Europe

Agus tú ag hipearnascadh chuig Youe Europe, cloígh leis an mbeartas hipearnasctha seo a leanas:

  • I gcás naisc théacsbhunaithe, is féidir leat cur i láthair an tsuímh en a úsáid
  • Ná cuir Your Europe i láthair mar shuíomh íoctha nó eisiach
  • Ná taispeáin Your Europe laistigh de fhráma atá á óstáil ar shuíomh eile
  • Ná tabhair le fios leis na hipearnaisc go bhformhuiníonn ná go dtacaíonn institiúidí an Aontais le cuspóirí ná le hábhar an tsuímh óstaigh ná leis an eagraíocht a bhainistíonn é

Féachaimid chuige go rialta go gcomhlíonann na naisc a chuireann tú in airde an beartas sin.

Your Europe a chur chun cinn

Más mian leat Your Europe a chur chun cinn, is féidir leat an t-ábhar fógraíochta ilteangach againn a úsáid.

Beartas príobháideachais

Cloíonn Your Europe le príobháideachas úsáideoirí agus leis na rialacha cosanta sonraí lena rialaítear suíomh gréasáin Europa.

Má úsáideann tú na seirbhísí cúnaimh a bhfuil rochtain orthu trí Your Europe, cuirfear ar an eolas thú faoi shonraí sonracha a mbeartais príobháideachais.

Last checked: 23/06/2026
Share this page