Ceadú le haghaidh tionscadail amhábhar criticiúil
Má tá sé beartaithe ag do ghnólacht saoráid a thógáil, a leathnú nó a athchuspórú chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil, d’fhéadfadh ceadanna a bheith ag teastáil uait sular féidir leat dul ar aghaidh le do thionscadal. D’fhéadfadh cuid de na tionscadail sin a bheith incháilithe mar thionscadail straitéiseacha, agus dá bharr sin, d'fhéadfá tairbhe a bhaint as próiseas ceadúcháin níos tapúla, rochtain ar sheirbhísí tacaíochta agus cuidiú chun deiseanna maoiniúcháin a shainaithint.
Cad is tionscadal amhábhar criticiúil ann?
Tionscadal amhábhar criticiúil is ea tionscadal lena ndéantar saoráid nua a thógáil, nó saoráid atá ann cheana a leathnú nó a athchuspórú go mór, chun amhábhair chriticiúla a eastóscadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil. I measc na samplaí tá mianaigh, scaglanna, gléasraí próiseála, agus saoráidí athchúrsála.
Warning
Is amhábhair iad amhábhair chriticiúla a mheastar a bheith fíor-riachtanach do gheilleagar an Aontais agus lena mbaineann ardriosca go gcuirfear isteach ar a soláthar. Ainmnítear amhábhair chriticiúla ar leibhéal an Aontais, agus is féidir an liosta atá ann faoi láthair a cheadú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir le hÁbhair Chriticiúla agus Straitéiseacha en.Cad iad na ceadanna atá ag teastáil?
Cinntear na ceadanna agus na húdaruithe a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait chun tionscadal amhábhar criticiúil a fhorbairt de réir chineál agus shuíomh do thionscadail. Mar shampla:
- ceadanna tógála
- ceadanna ceimiceacha
- ceadanna nasctha eangaí
- measúnuithe agus údaruithe comhshaoil
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag ceanglais bhreise náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla freisin, de réir an Bhallstáit agus shaintréithe sonracha an tionscadail.
An chaoi a n-oibríonn an próiseas ceadúcháin
Eisítear ceadanna ar an leibhéal náisiúnta, agus i gcásanna áirithe, ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Chun do thionscadal a bhogadh ar aghaidh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an bPointe Teagmhála Aonair maidir le hamhábhair chriticiúla en don Bhallstát ina bhfuil do thionscadal lonnaithe.
Tá an Pointe Teagmhála Aonair ann chun tú a threorú tríd an bpróiseas ceadúcháin. Déanann an Pointe Teagmhála Aonair an méid seo a leanas:
- feidhmíonn sé mar phríomh-chomhéadan riaracháin
- cuireann sé in iúl duit cé na ceadanna a bhfuil feidhm acu maidir le do thionscadal
- míníonn sé nósanna imeachta agus amlínte le haghaidh formheasanna comhshaoil, tógála agus fuinnimh
- cuidíonn sé chun comhordú a dhéanamh ar na húdaráis a bhfuil baint acu le ceadanna agus formheasanna éagsúla a eisiúint
Trí theagmháil a dhéanamh le do Phointe Teagmhála Aonair en go luath, is féidir moilleanna a sheachaint agus tacú le próiseas ceadúcháin níos rianúla.
Cad is Tionscadal Straitéiseach ann?
Is tionscadal amhábhar criticiúil é Tionscadal Straitéiseach a aithníonn an Coimisiún Eorpach mar thionscadal a rannchuidíonn go mór le soláthar amhábhar straitéiseach an Aontais a chinntiú. Is féidir na tionscadail sin a lonnú laistigh den Aontas, nó lasmuigh di.
Tairbhí i gcás Tionscadail Straitéiseacha
Féadfaidh tionscadail straitéiseacha tairbhe a bhaint as na nithe seo a leanas:
- próiseas ceadúcháin níos tapúla agus níos intuartha do thionscadail atá lonnaithe san Aontas
- amlínte ceadúcháin uasta suas le 27 mí le haghaidh tionscadail eastósctha agus suas le 15 mhí le haghaidh tionscadail phróiseála agus athchúrsála
- tacaíocht chun deiseanna maoiniúcháin a shainaithint
- rochtain níos éasca ar sheirbhísí tacaíochta gnó.
Critéir le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha
Chun go mbeadh sé ina Thionscadal Straitéiseach, ba cheart an méid seo a leanas a bheith fíor i dtaobh do thionscadail:
- cuideoidh sé le soláthar amhábhar straitéiseach an Aontais a neartú
- beidh sé indéanta go teicniúil agus in ann bogadh ar aghaidh laistigh de thréimhse ama réasúnta
- déanfar é a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe
- beidh tairbhí trasteorann do thionscadail atá bunaithe san Aontas nó tairbhí frithpháirteacha do thionscadail atá bunaithe i dtríú tíortha ann a bhuí leis
Féach liosta an Choimisiúin de thionscadail straitéiseacha fhormheasta en chun féachaint cén cineál tionscadal atá roghnaithe cheana.
Conas iarratas a dhéanamh ar stádas Tionscadail Straitéisigh
Cuirtear iarratais ar stádas Tionscadail Straitéisigh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh trí úsáid a bhaint as foirm iarratais ar líne. Chun iarratas a dhéanamh ar stádas Tionscadail Straitéisigh, lean na céimeanna thíos.
D’iarratas a ullmhú
Sula ndéanfaidh tú iarratas, déan cinnte go bhfuil an t-eolas agus na doiciméid tacaíochta ar fad is gá agat chun a léiriú go gcomhlíonann do thionscadal na critéir maidir le Tionscadail Straitéiseacha.
Is iondúil go mbíonn eolas faoi na nithe seo a leanas san áireamh sna hiarratais:
- amlíne an tionscadail
- na ceadanna is gá agus stádas an phróisis ceadúcháin
- inmharthanacht theicniúil agus airgeadais an tionscadail
- tionchair chomhshaoil agus shóisialta
- rannpháirtíocht le pobail áitiúla i gcás inarb ábhartha
Tá treoraíocht mhionsonraithe agus an fhoirm iarratais en ar fáil ón gCoimisiún Eorpach.
D’iarratas a chur isteach
Ní mór iarratais a chur isteach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais en a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil.
Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar iomláine na n-iarratas agus féadfaidh sé eolas breise a iarraidh i gcás inar gá.
Nuair a mheastar go bhfuil an t-iarratas iomlán:
- déantar é a mheasúnú de réir chritéir an Tionscadail Straitéisigh
- téitear i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta ábhartha agus leis an mBord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla
- is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann cinneadh deiridh.
De ghnáth, ba cheart don Choimisiún cinneadh a ghlacadh laistigh de 90 lá tar éis dó a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas líonta isteach ina iomláine.
Warning
Féach treoir oifigiúil an Tionscadail Straitéisigh d’iarratasóirí en, ina bhfuil an t-eolas faoin bpróiseas iarratais, eolas tacaíochta maidir leis an bhfoirm iarratais ar líne agus an próiseas measúnaithe.Maoiniú agus tacaíocht
Féadfaidh Tionscadail Straitéiseacha Amhábhar Criticiúil tacaíocht a fháil chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú agus chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sa tacaíocht:
- deiseanna chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh
- maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta en agus ó institiúidí airgeadais eile
- cláir mhaoiniúcháin agus scéimeanna tacaíochta náisiúnta
- Cláir mhaoiniúcháin agus chistiúcháin an Aontais