Ag leathnú thar theorainneacha

Má tá sé beartaithe agat infheistíocht a dhéanamh i dtír eile den Aontas, is féidir leat brath ar rialacha an Aontais maidir le cosaint na n-infheistíochtaí. Faigh tuilleadh eolais faoi na cineálacha infheistíochtaí trasteorann atá san áireamh agus faoin gcaoi a n-oibríonn na rialacha sin.

Má tá sé beartaithe agat do ghnólacht a leathnú thar theorainneacha an Aontais, seans go smaoineofá ar Chuideachta Eorpach (Societas Europaea, SE) a bhunú. Saghas cuideachta poiblí faoi dhliteanas teoranta is ea í a rialaítear faoi dhlí an Aontais, agus tá roinnt buntáistí ag baint léi.

Má tá tú ag smaoineamh ar do chomharchumann a leathnú thar theorainneacha an Aontais, beidh ort tuilleadh a fhoghlaim faoi Chomharchumann Eorpach (ECS) a bhunú. Leis an bhformáid ghnó sin, is éasca a bhíonn sé oibriú i roinnt tíortha den Aontas trína chur ar do chumas baill ó thíortha éagsúla a ghrúpáil, acmhainní a chomhthiomsú, agus sraith aonair rialacha ar leibhéal an Aontais a leanúint.

Last checked: 17/08/2026
Share this page