Ceadúnas tiomána a mhalartú agus aitheantas a fháil dó san Aontas
Ceadúnas tiomána a mhalartú san Aontas
Ní féidir leat ach ceadúnas tiomána amháin de chuid an Aontais a bheith agat ag aon am amháin. Má bhogann tú go Ballstát eile den Aontas, de ghnáth ní gá duit do cheadúnas tiomána a mhalartú ná iarratas a dhéanamh ar cheann áitiúil. Ach ní féidir leat ach aon cheadúnas tiomána amháin de chuid an Aontais a bheith agat ag aon am amháin. Mar sin féin, tá cúinsí ann a fhágann gur gá duit do cheadúnas tiomána a mhalartú.
Ní mór duit do cheadúnas tiomána a mhalartú sna cásanna seo a leanas:
- má cailleadh, goideadh nó rinneadh damáiste do do cheadúnas
- tar éis duit gnáthchónaí a bheith agat i dtír ar feadh dhá bhliain, agus má tá ceadúnas tiomána agat a bhfuil tréimhse bhailíochta éiginnte aige má éilíonn na húdaráis náisiúnta sa tír ina bhfuil cónaí ort anois é sin, agus sa chás sin amháin
- má dhéanann tú cion tráchta i do thír chónaithe.
Do cheadúnas tiomána a mhalartú go deonach i mBallstát eile den Aontas
Fiú mura bhfuil ceangal ort do cheadúnas a mhalartú sa Bhallstát nua den Aontas ina bhfuil cónaí ort, is féidir é sin a dhéanamh ar bhonn deonach más cónaitheoir oifigiúil den Bhallstát sin thú agus má chomhlíonann tú na coinníollacha chun ceadúnas tiomána a bheith agat bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv (e.g. tá an aois íosta sroichte agat, tá tú i ndea-shláinte le bheith ag tiomáint, etc.).
Sula malartaíonn na húdaráis do cheadúnas tiomána, déanfaidh siad teagmháil leis na húdaráis sa tír ina raibh cónaí ort roimhe seo chun a chinntiú nár cuireadh srian air, nár cuireadh ar fionraí é ná nár tarraingíodh siar é. Má mhalartaíonn tú ceadúnas sean-stíle, eiseofar ceann nua duit i bhformáid chaighdeánach an Aontais (cárta grianghraf plaisteach, atá ar chóimhéid le cárta creidmheasa).
Má bhogann tú go Ballstát eile den Aontas agus má dhéanann tú iarratas chun do cheadúnas tiomána a athnuachan nó a mhalartú, d’fhéadfaí doiciméad sealadach a thabhairt duit le linn do na húdaráis d’iarratas a phróiseáil.
Warning
Tabhair do d’aire nach n-aithníonn roinnt Ballstát den Aontas na doiciméid shealadacha sin. D’fhéadfadh sé sin fadhbanna ar leith a chruthú do thiománaithe gairmiúla a oibríonn thar theorainneacha. Déan cinnte de go seiceálann tú na rialacha sa Bhallstát den Aontas is ábhartha.Warning
Nuair a mhalartaíonn tú do cheadúnas tiomána bunaidh ar cheadúnas áitiúil, beidh tú faoi réir rialacha na tíre sin maidir le ceadúnais tiomána (mar shampla maidir le tréimhsí bailíochta agus seiceálacha leighis).Scéal samplach
Tá cónaí ar Monica sa Chipir agus tá ceadúnas tiomána Iodálach aici. Rinneadh damáiste don cheadúnas sin. Chun ceadúnas nuair a fháil, beidh uirthi a ceadúnas Iodálach a mhalartú ar cheadúnas Cipireach. Gheobhaidh sí ceadúnas ón gCipir atá bailí ar feadh 15 bliana, in ionad 10 mbliana mar atá san Iodáil.
Faigh amach cad is gá duit a dhéanamh má chailltear nó má ghoidtear do cheadúnas tiomána agus tú ag taisteal i dtír eile bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .
Aitheantas a fháil do cheadúnas tiomána san Aontas
D’fhéadfadh an próiseas chun aitheantas a fháil do cheadúnais tiomána áirithe a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag aon choinníoll speisialta maidir leis an gceadúnas:
Ceadúnas tiomána sean-stíle a eisíodh san Aontas
Má tá ceadúnas sean-stíle de chuid an Aontais agat, is féidir leat é a úsáid fós i ngach Ballstát den Aontas. Má dhéanann tú é a athnuachan, eiseofar leagan caighdeánach ceadúnais an Aontais duit. Seachas sin, ní mór duit é a mhalartú faoi 2033 ar a dhéanaí.
Ceadúnas tiomána atá bailí ar feadh an tsaoil
Aithnítear ceadúnais tiomána de chuid an Aontais atá bailí ar feadh an tsaoil i ngach Ballstát den Aontas. Mar sin féin, ní mór duit a chinntiú leis na húdaráis náisiúnta cén uair is gá duit é a mhalartú ar an leagan caighdeánach.
Ceadúnas tiomána sealadach agat
Ní rialaítear ceadúnais shealadacha ná ceadanna tiomána idirnáisiúnta (ná aon deimhnithe eile a eisítear i do thír dhúchais) ar leibhéal an Aontais agus d’fhéadfadh sé nach n-aithneofaí iad i mBallstáit eile den Aontas.
Má tá ceadúnas tiomána sealadach agat agus má tá tú ag bogadh go Ballstát eile den Aontas, ba cheart duit na rialacha a chinntiú leis an údarás náisiúnta ceadúnas tiomána sa tír a bhfuil tú ag bogadh chuici.
Ceadúnas tiomána a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í
Féadfaidh roinnt Ballstát den Aontas ceadúnais a eisíodh i roinnt tíortha nach Ballstáit den Aontais iad a aithint. Má tá ceadúnas tiomána de chuid an Aontais agat a eisíodh mar mhalairt ar cheadúnas nach ceadúnas den Aontas é, agus más mian leat bogadh go Ballstát eile den Aontas, ba cheart duit a bheith ar an eolas go bhféadfadh sé nach n-aithneofaí do cheadúnas nua ansin.
Scéal samplach
Is náisiúnach de chuid na Sile í Angeles a bhog go dtí an Spáinn cúpla bliain ó shin. Ó tharla go n-aithníonn an Spáinn ceadúnais tiomána Shileacha, bhí Angeles in ann a ceadúnas féin a mhalartú ar cheadúnas Spáinneach tar éis di roinnt foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh.
Tá cead ag Angeles tiomáint san Aontas leis an gceadúnas nua sin. Mar sin féin, má bhogann sí ón Spáinn go dtí Ballstát eile den Aontas, beidh uirthi a chinntiú go n-aithníonn na húdaráis ansin a ceadúnas Spáinneach.
Má aithníonn an tír nua an ceadúnas bunaidh ón tSile go huathoibríoch, beidh sí in ann leanúint ar aghaidh ag tiomáint lena ceadúnas Spáinneach. Mura n-aithníonn, d’fhéadfadh sé go mbeidh uirthi aitheantas foirmiúil a fháil dá ceadúnas Sileach, sin nó é a mhalartú sa tír nua.
Cinntigh na coinníollacha chun ceadúnais nach ceadúnais den Aontas iad a aithint leis na húdaráis áitiúla i do thír nua. Má tá ceadúnas tiomána de chuid na Ríochta Aontaithe agat, léigh na rialacha maidir lena mhalartú ar shuíomh gréasáin rialtas na Ríochta Aontaithe en .
Eolas tír-shonrach
Féach na rialacha maidir le ceadúnas tiomána a mhalartú nó aitheantas a fháil dó sa tír ina bhfuil cónaí ort: