Cearta paisinéirí iarnróid

Tá feidhm ag rialacha an Aontais maidir le cearta paisinéirí iarnróid nuair a thaistealaíonn tú d’iarnród laistigh den Aontas Eorpach, agus tá feidhm acu go ginearálta maidir le gach turas iarnróid agus seirbhís iarnróid.

Warning

Féadfaidh tíortha an Aontais cinneadh a dhéanamh roinnt seirbhísí iarnróid a dhíolmhú. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na heisceachtaí sin maidir le traenacha uirbeacha, fo-uirbeacha, réigiúnacha agus fad-achair a oibrítear chun críoch stairiúil nó turasóireachta amháin. Féadfaidh tíortha an Aontais díolmhú a dhéanamh freisin ar thraenacha idirnáisiúnta a thaistealaíonn óna gcríoch chuig tíortha nach bhfuil san Aontas, i gcás ina dtarlaíonn an chuid is mó den turas lasmuigh den Aontas agus ina bhfuil ar a laghad stad sceidealaithe amháin i dtír nach bhfuil san Aontas. Ní féidir le tíortha an Aontais, áfach, turais trasteorann idirnáisiúnta iarnróid a dhíolmhú idir tíortha an Aontais. Déan seiceáil i gcónaí sula gcuireann tú do thuras iarnróid in áirithe.

Nuair a cheannaíonn tú do thicéad, ní mór don chuideachta iarnróid nó don díoltóir ticéad eolas soiléir a thabhairt duit maidir leis an méid seo a leanas:

  • coinníollacha ginearálta a bhaineann le do thuras
  • turais ina bhfuil nasc amháin nó níos mó, más tréthicéad é an ticéad (nó na ticéid) a cheannaigh tú
  • amchláir agus coinníollacha do na táillí go léir atá ar fáil, go háirithe na táillí is ísle, chomh maith le hamchláir agus coinníollacha don turas is tapúla
  • aon bhriseadh nó aon mhoill (nuashonruithe beartaithe agus nuashonruithe fíor-ama)
  • inrochtaineacht, coinníollacha rochtana agus saoráidí ar bord do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
  • seirbhísí atá ar fáil ar bord (Wi-Fi agus leithris san áireamh)
  • an méid spáis atá ar fáil le haghaidh rothar, agus rialacha maidir le taisteal le rothar
  • nósanna imeachta chun bagáiste caillte a éileamh ar ais
  • nósanna imeachta gearán
  • do chearta mar phaisinéir faoi rialacha an Aontais agus an méid is ceart a dhéanamh má chuirtear do thraein ar ceal nó má tá moill uirthi

Le linn do thurais, ní mór don oibreoir traenach eolas a thabhairt faoi sheirbhísí ar bord (Wi-Fi san áireamh), an chéad stáisiún eile, cur isteach agus moilleanna, fadhbanna slándála agus sábháilteachta agus príomhsheirbhísí ceangail. Má chuirtear moill ar do thraein nó má chuirtear ar ceal í, ní mór don oibreoir eolas a thabhairt duit faoin staid i bhfíor-am agus eolas a thabhairt faoi do chearta agus d’oibleagáidí.

Cad é a chuaigh amú?

Conas do chearta a éileamh

Má shíleann tú nár urramaíodh do chearta, ba cheart duit do ghearán a sheoladh (laistigh de 3 mhí ón teagmhas) chuig an gcuideachta iarnróid ar dtús. Ní mór don chuideachta freagra réasúnaithe a thabhairt duit laistigh de 1 mhí amháin. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an chuideachta iarnróid freagra a thabhairt laistigh de 3 mhí.

Mura bhfaigheann tú freagra ón gcuideachta iarnróid, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an údarás náisiúnta ábhartha i do thír féin en . Má fuair tú freagra ón gcuideachta iarnróid nach raibh tú sásta leis, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an údarás náisiúnta ábhartha i do thír féin laistigh de 3 mhí ó dhiúltaigh an chuideachta iarnróid do ghearán. Ba cheart duit do ghearán a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta a dheonaigh ceadúnas na cuideachta iarnróid. Ba cheart nach nglacfadh nós imeachta láimhseála gearán an údaráis náisiúnta níos mó ná 3 mhí (nó sé mhí i gcásanna casta). Ba cheart don údarás náisiúnta tuairim dhlíthiúil neamhcheangailteach a thabhairt duit maidir le conas dul ar aghaidh le d’éileamh.

Is féidir leat iarracht a dhéanamh do dhíospóid a réiteach trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta lasmuigh den chúirt nó as eintiteas um Réiteach Malartach Díospóide (ADR) bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Más ar líne a cheannaigh tú do thicéad, féadfaidh tú do ghearán a chur isteach tríd an gClár Réitigh Díospóide ar líne (ODR) bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Is do chónaitheoirí an Aontais Eorpaigh atá ADR agus ODR ar fáil, agus dóibhsean amháin.

B’fhéidir gur mhian leat dul i muinín caingean dlí foirmiúil agus éileamh ar chúiteamh a chur isteach faoi rialacha an Aontais trí úsáid a bhaint as an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Féadfaidh tú an t-ábhar a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa tír ina bhfuil an t-oibreoir iarnróid cláraithe chomh maith. Na teorainneacha ama maidir le caingean a thabhairt i gcoinne oibreoir iarnróid i gcúirt náisiúnta, sainítear iad i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le teorannú caingne i ngach tír den Aontas.

Féadfaidh tú dul i gcomhairle le do Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv áitiúil chun cabhair agus comhairle a fháil faoi fhadhbanna a bhaineann le cearta paisinéirí iarnróid.

Cuireadh do thraein ar ceal

Má chuirtear moill ort mar gheall ar thraein a cuireadh ar ceal, rud a d’fhágfadh go dtiocfá chuig do cheann scríbe deiridh níos mó ná 60 nóiméad mall, tá sé de cheart agat rogha a dhéanamh idir:

  • aisíocaíocht ar do thicéad laistigh de 30 lá – aisíocaíocht iomlán nó aisíocaíocht pháirteach (rud a chumhdaíonn an chuid den turas nár cuireadh i gcrích) a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus turas fillte chuig do chéad phointe imeachta más rud é nach féidir leat cuspóir do thurais a bhaint amach de bharr mhoill na traenach cealaithe, sin nó
  • leanúint ar aghaidh le do thuras nó malairt slí a dhéanamh air faoi choinníollacha inchomparáide chun do cheann scríbe deiridh a bhaint amach a luaithe is féidir, gan aon chostas breise, sin nó
  • leanúint ar aghaidh le do thuras nó malairt slí a dhéanamh air ar dháta níos déanaí is rogha leat féin faoi choinníollacha inchomparáide, gan aon chostas breise. Áirítear leis sin iompar malartach chun go mbainfidh tú do cheann scríbe deiridh amach nuair a bhíonn an traein blocáilte agus nuair a chuirtear an tseirbhís ar fionraí.

Cúnamh agus socruithe taistil malartacha

Ina theannta sin, tá tú i dteideal cúnamh a fháil i bhfoirm béilí agus sólaistí (atá comhréireach leis an am feithimh). Tá sé de cheart agat óstán nó lóistín eile a fháil freisin – i gcás inar féidir agus nuair is féidir go fisiciúil – más gá duit fanacht thar oíche nó más gá fanacht sa bhreis a dhéanamh mar gheall ar an traein a cuireadh ar ceal. Áirítear leis sin ceart chun iompair idir an t-óstán/lóistín agus an stáisiún.

I gcás cealaithe, féadfaidh an chuideachta iarnróid cead a thabhairt duit, arna iarraidh sin, do shocruithe taistil malartacha féin a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí iompair eile (modhanna iompair iarnróid agus modhanna eile iompair san áireamh) a chuirfeadh ar do chumas do cheann scríbe deiridh a bhaint amach faoi choinníollacha inchomparáide. Sa chás sin, aisíocfaidh an chuideachta iarnróid na costais a bhí ort a íoc.

Mar sin féin, mura gcuireann an chuideachta iarnróid na roghanna athródaithe atá ar fáil laistigh de 100 nóiméad ó imeacht sceidealaithe na traenach cealaithe, tá tú i dteideal do chuid socruithe taistil malartacha a dhéanamh gan aontú na cuideachta iarnróid le seirbhísí iompair phoiblí, i.e. iarnród, cóiste nó bus. Ansin, na costais riachtanacha iomchuí agus réasúnta a bhí ortsa a íoc agus na socruithe malartacha sin á ndéanamh agat, ní mór don chuideachta iarnróid iad sin a aisíoc.

Fiú má shocraíonn tú leanúint ar aghaidh le do thuras mar a bhí beartaithe nó má ghlacann tú le hiompar eile chuig do cheann scríbe, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúitimh má chuirtear moill 60 nóiméad nó níos mó ort agus tú ag teacht isteach. Tabhair do d’aire go bhféadfaí coinníollacha athródaithe níos fabhraí a dheonú do phaisinéirí leis na rialacha náisiúnta i roinnt tíortha den Aontas.

Cúiteamh – cealú

  • 25% de phraghas an ticéid más moill idir 1 uair agus 2 uair an chloig atá ann
  • 50% de phraghas an ticéid más moill 2 uair an chloig nó níos faide atá ann

Ní bhfaighidh tú cúiteamh sna cásanna seo a leanas:

  • cuireadh in iúl duit go mbeadh moill ann de bharr cealú traenach sular cheannaigh tú do thicéad
  • is moill níos lú ná 1 uair an chloig atá ann i ngeall gur lean tú le do thuras le seirbhís éagsúil nó trí mhalairt slí
  • roghnaigh tú aisíocaíocht a fháil ar do thicéad
  • cúinsí urghnácha ba chúis leis an gcealú

Cúinsí urghnácha – cealú


Ní bhíonn cúiteamh dlite más féidir leis an gcuideachta iarnróid a chruthú gurbh éard ba chúis leis an gcealú teagmhais nárbh fhéidir leis an gcuideachta iarnróid a n-iarmhairtí a chosc nó a sheachaint, fiú má rinneadh gach beart réasúnach, mar shampla:

  • Dálaí adhaimsire, tubaistí nádúrtha móra nó paindéimí – teagmhais nach mbaineann le hoibriú an iarnróid.
  • Daoine a bheith ar an iarnród, cábla a ghoid, éigeandálaí ar bord, gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, sabaitéireacht nó sceimhlitheoireacht – imeachtaí a bhaineann le hiompar tríú páirtí.

Sna cásanna sin níl tú i dteideal cúiteamh a fháil, ach beidh feidhm go fóill le do chearta eile, i.e. maidir le haisíocaíocht ar do thicéad nó athródú agus cúnamh. Tabhair faoi deara nach meastar gur cúinsí urghnácha iad stailceanna bhaill foirne na cuideachta iarnróid.

Cuireadh moill ar do thraein

Má chuirtear in iúl duit ar imeacht duit go sroichfidh do thraein do cheann scríbe deiridh agus í 60 nóiméad mall nó níos faide, tá an méid seo a leanas de cheart agat:

  • aisíocaíocht ar do thicéad laistigh de 30 lá – aisíocaíocht iomlán nó aisíocaíocht pháirteach (rud a chumhdaíonn an chuid den turas nár cuireadh i gcrích) a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus turas fillte chuig do chéad phointe imeachta más rud é nach féidir leat cuspóir do thurais a bhaint amach de bharr na moille, sin nó
  • leanúint ar aghaidh le do thuras nó malairt slí a dhéanamh air faoi choinníollacha inchomparáide chun do cheann scríbe deiridh a bhaint amach a luaithe is féidir, gan aon chostas breise, sin nó
  • leanúint ar aghaidh le do thuras nó malairt slí a dhéanamh air ar dháta níos déanaí is rogha leat féin faoi choinníollacha inchomparáide, gan aon chostas breise. Áirítear leis sin iompar malartach chun go mbainfidh tú do cheann scríbe deiridh amach nuair a bhíonn an traein blocáilte agus nuair a chuirtear an tseirbhís ar fionraí.

Cúnamh agus socruithe malartacha

Má tá moill 60 nóiméad nó níos mó ar imeacht nó ar theacht do sheirbhíse iarnróid, tá tú i dteideal cúnamh a fháil i bhfoirm béilí agus sólaistí (atá comhréireach leis an am feithimh). Tá sé de cheart agat óstán nó lóistín eile a fháil freisin – i gcás inar féidir agus nuair is féidir go fisiciúil – más gá duit fanacht thar oíche nó más gá fanacht sa bhreis a dhéanamh mar gheall ar an traein ar cuireadh moill uirthi. Áirítear leis sin ceart chun iompair idir an t-óstán/lóistín agus an stáisiún.

Má chuirtear in iúl duit ag imeacht duit go sroichfidh do thraein do cheann scríbe deiridh agus í 60 nóiméad mall nó níos faide, féadfaidh an chuideachta iarnróid cead a thabhairt duit, arna iarraidh sin, do shocruithe taistil malartacha féin a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí iompair eile (modhanna iompair iarnróid agus modhanna eile iompair san áireamh) a chuirfeadh ar do chumas do cheann scríbe deiridh a bhaint amach faoi choinníollacha inchomparáide. Sa chás sin, aisíocfaidh an chuideachta iarnróid na costais a bhí ort a íoc.

Mar sin féin, mura gcuireann an chuideachta iarnróid na roghanna athródaithe atá ar fáil laistigh de 100 nóiméad ó imeacht sceidealaithe na traenach moillithe, tá tú i dteideal do chuid socruithe taistil malartacha a dhéanamh gan aontú na cuideachta iarnróid le seirbhísí iompair phoiblí, i.e. iarnród, cóiste nó bus. Ansin, na costais riachtanacha iomchuí agus réasúnta a bhí ortsa a íoc agus na socruithe malartacha sin á ndéanamh agat, ní mór don chuideachta iarnróid iad sin a aisíoc.

Fiú má shocraíonn tú leanúint ar aghaidh le do thuras mar a bhí beartaithe nó má ghlacann tú le hiompar eile chuig do cheann scríbe, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúitimh má chuirtear moill 60 nóiméad nó níos mó ort agus tú ag teacht isteach. Tabhair do d’aire go bhféadfaí coinníollacha athródaithe níos fabhraí a dheonú do phaisinéirí leis na rialacha náisiúnta i roinnt tíortha den Aontas.

Cúiteamh – moill

  • 25% de phraghas an ticéid más moill idir 1 uair agus 2 uair an chloig atá ann
  • 50% de phraghas an ticéid más moill 2 uair an chloig nó níos faide atá ann

Ní bhfaighidh tú cúiteamh sna cásanna seo a leanas:

  • cuireadh an mhoill in iúl duit sular cheannaigh tú do thicéad
  • is moill níos lú ná 1 uair an chloig atá ann i ngeall gur lean tú le do thuras le seirbhís éagsúil nó trí mhalairt slí
  • roghnaigh tú aisíocaíocht a fháil ar do thicéad
  • cúinsí urghnácha ba chúis leis an gcealú

Tabhair do d’aire go bhféadfaí coinníollacha athródaithe níos fabhraí a dheonú do phaisinéirí leis na rialacha náisiúnta i roinnt tíortha den Aontas agus/nó na téarmaí agus coinníollacha atá ag roinnt cuideachtaí iarnróid.

Cúinsí urghnácha – moill


Ní bhíonn cúiteamh dlite más féidir leis an gcuideachta iarnróid a chruthú gurbh éard ba chúis leis an moill teagmhais nárbh fhéidir leis an gcuideachta iarnróid a n-iarmhairtí a chosc nó a sheachaint, fiú má rinneadh gach beart réasúnach, mar shampla:

  • Dálaí adhaimsire, tubaistí nádúrtha móra nó paindéimí – teagmhais nach mbaineann le hoibriú an iarnróid
  • Daoine a bheith ar an iarnród, cábla a ghoid, éigeandálaí ar bord, gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, sabaitéireacht nó sceimhlitheoireacht – imeachtaí a bhaineann le hiompar tríú páirtí.

Sna cásanna sin níl tú i dteideal cúiteamh a fháil, ach beidh feidhm go fóill le do chearta eile maidir le haisíocaíocht ar do thicéad nó athródú agus cúnamh. Tabhair faoi deara nach meastar gur cúinsí urghnácha iad stailceanna bhaill foirne na cuideachta iarnróid.

Chaill tú do nasc

Má tá tréthicéad agat le haghaidh turas traenach a bhfuil nasc traenach amháin nó níos mó i gceist leis (chun do cheann scríbe deiridh a bhaint amach) agus má chailleann tú na(i)sc, agus má mheastar go sroichfidh tú do cheann scríbe deiridh 60 nóiméad mall nó níos faide mar gheall ar an nasc caillte sin, tá sé an méid seo a leanas de cheart agat:

  • aisíocaíocht ar do thicéad laistigh de 30 lá – aisíocaíocht iomlán nó aisíocaíocht pháirteach (rud a chumhdaíonn an chuid den turas nár cuireadh i gcrích) a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus turas fillte chuig do chéad phointe imeachta más rud é nach féidir leat cuspóir do thurais a bhaint amach de bharr an naisc chaillte, sin nó
  • leanúint ar aghaidh le do thuras nó malairt slí a dhéanamh air faoi choinníollacha inchomparáide chun do cheann scríbe deiridh a bhaint amach a luaithe is féidir, gan aon chostas breise, sin nó
  • leanúint ar aghaidh le do thuras nó malairt slí a dhéanamh air ar dháta níos déanaí is rogha leat féin faoi choinníollacha inchomparáide, gan aon chostas breise. Áirítear leis sin iompar malartach chun go mbainfidh tú do cheann scríbe deiridh amach nuair a bhíonn an traein blocáilte agus nuair a chuirtear an tseirbhís ar fionraí.

Cúnamh agus socruithe malartacha

Má tá moill 60 nóiméad nó níos mó ar imeacht nó ar theacht do sheirbhíse iarnróid, tá tú i dteideal cúnamh a fháil i bhfoirm béilí agus sólaistí (atá comhréireach leis an am feithimh). Tá sé de cheart agat óstán nó lóistín eile a fháil freisin – i gcás inar féidir agus nuair is féidir go fisiciúil – más gá duit fanacht thar oíche nó más gá fanacht sa bhreis a dhéanamh mar gheall ar an nasc caillte. Áirítear leis sin ceart chun iompair idir an t-óstán/lóistín agus an stáisiún.

Beidh feidhm ag do chearta má chailltear nasc má tá tréthicéad agat le haghaidh do thurais traenach. Ba cheart thú a chur ar an eolas sula gceannaíonn tú do thicéad (nó ticéid) más tréthicéad atá sa ticéad. Más ar thicéid aonair atá tú ag taisteal níl feidhm ag na cearta sin, ach d’fhéadfadh socruithe a bheith i bhfeidhm idir do chuideachta iarnróid agus cuideachtaí iarnróid eile chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh le do thuras i gcás ina gcaillfear nasc (e.g. ‘Léim ar an gcéad traein eile atá ar fáil’ (HOTNAT) nó an ‘Comhaontú maidir le Leanúint den Turas’ (AJC)).

Má chuirtear in iúl duit ag imeacht duit go sroichfidh do thraein do cheann scríbe deiridh agus í 60 nóiméad mall nó níos faide, féadfaidh an chuideachta iarnróid cead a thabhairt duit, arna iarraidh sin, do shocruithe taistil malartacha féin a dhéanamh le soláthraithe seirbhísí iompair eile (modhanna iompair iarnróid agus modhanna eile iompair san áireamh) a chuirfidh ar do chumas do cheann scríbe deiridh a bhaint amach faoi choinníollacha inchomparáide. Sa chás sin, aisíocfaidh an chuideachta iarnróid na costais a bhí ort a íoc.

Mar sin féin, mura gcuireann an chuideachta iarnróid na roghanna athródaithe atá ar fáil laistigh de 100 nóiméad ó imeacht sceidealaithe na traenach moillithe, tá tú i dteideal do chuid socruithe taistil malartacha a dhéanamh gan aontú na cuideachta iarnróid le seirbhísí iompair phoiblí, i.e. iarnród, cóiste nó bus. Ansin, na costais riachtanacha iomchuí agus réasúnta a bhí ortsa a íoc agus na socruithe malartacha sin á ndéanamh agat, ní mór don chuideachta iarnróid iad sin a aisíoc.

Fiú má shocraíonn tú leanúint ar aghaidh le do thuras mar a bhí beartaithe nó má ghlacann tú le hiompar eile chuig do cheann scríbe, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúitimh má chuirtear moill 60 nóiméad nó níos mó ort agus tú ag teacht isteach. Tabhair do d’aire go bhféadfaí coinníollacha athródaithe níos fabhraí a dheonú do phaisinéirí leis na rialacha náisiúnta i roinnt tíortha den Aontas.

Cúiteamh – moill de dheasca nasc caillte

  • 25% de phraghas an ticéid más moill idir 1 uair agus 2 uair an chloig atá ann
  • 50% de phraghas an ticéid más moill níos faide ná 2 uair an chloig ann

Ní bhfaighidh tú cúiteamh sna cásanna seo a leanas:

  • cuireadh an mhoill in iúl duit sular cheannaigh tú do thicéad
  • is moill níos lú ná 1 uair an chloig atá ann i ngeall gur lean tú le do thuras le seirbhís éagsúil nó trí mhalairt slí
  • roghnaigh tú aisíocaíocht a fháil ar do thicéad
  • cúinsí urghnácha ba chúis leis an gcealú

Tabhair do d’aire go bhféadfaí coinníollacha athródaithe níos fabhraí a dheonú do phaisinéirí leis na rialacha náisiúnta i roinnt tíortha den Aontas agus/nó na téarmaí agus coinníollacha atá ag roinnt cuideachtaí iarnróid.

Cúinsí urghnácha – nasc caillte mar gheall ar mhoill


Ní bhíonn cúiteamh dlite más féidir leis an gcuideachta iarnróid a chruthú gurbh éard ba chúis leis an moill, ar chaill tú do nasc dá toradh, teagmhais nárbh fhéidir leis an gcuideachta iarnróid a n-iarmhairtí a chosc nó a sheachaint, fiú má rinneadh gach beart réasúnach, mar shampla:

  • Dálaí adhaimsire, tubaistí nádúrtha móra nó paindéimí – teagmhais nach mbaineann le hoibriú an iarnróid
  • Daoine a bheith ar an iarnród, cábla a ghoid, éigeandálaí ar bord, gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, sabaitéireacht nó sceimhlitheoireacht – imeachtaí a bhaineann le hiompar tríú páirtí

Sna cásanna sin níl tú i dteideal cúiteamh a fháil, ach beidh feidhm go fóill le do chearta eile maidir le haisíocaíocht ar do thicéad nó athródú agus cúnamh. Tabhair faoi deara nach meastar gur cúinsí urghnácha iad stailceanna bhaill foirne na cuideachta iarnróid.

Cailleadh do bhagáiste nó do threalamh soghluaisteachta, nó rinneadh damáiste dó nó cuireadh moill air

Féadfaidh tú earraí bagáiste is féidir a láimhseáil go héasca (ainmhithe san áireamh) a ghlacadh ar bord leat. Ba cheart earraí móra nó téagartha eile, amhail earraí nó ainmhithe ar dócha go gcuirfidh siad isteach ar phaisinéirí nó go ndéanfaidh siad damáiste d’earraí phaisinéirí eile, a sheoladh mar bhagáiste cláraithe (i gcomhréir le coinníollacha ginearálta iompair d’oibreora iarnróid). Iomprófar na hearraí sin i gcarr bagáiste na traenach.

Má chailltear do bhagáiste cláraithe nó má dhéantar damáiste dó, tá sé de cheart agat cúiteamh a fháil seachas i gcúinsí áirithe, amhail i gcás nach raibh do bhagáiste pacáilte go leordhóthanach nó go raibh sé neamhoiriúnach lena iompar. Má bhíonn moill ar sheachadadh do bhagáiste cláraithe, tá sé de cheart agat cúiteamh a fháil freisin, ach amháin más botún ar do thaobhsa ba chúis leis an moill nó más cúinsí nach raibh neart ag oibreoir na traenach orthu ba chúis léi.

Má dhéanann an chuideachta iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin do chathaoir rothaí nó áis soghluaisteachta eile de do chuid a dhamáistiú nó a chailleadh, tá tú i dteideal cúitimh chun an costas a bhaineann le ceann nua a cheannach nó lena dheisiú a chlúdach. Cumhdaítear an costas a bhaineann le ceann sealadach a fháil chomh maith, i gcás ina bhfuil na costais sin réasúnta. Tá cúiteamh dlite freisin as do mhadra cúnta a bheith caillte nó gortaithe ag an gcuideachta iarnróid nó ag an mbainisteoir stáisiúin.

Méideanna cúitimh

  • Suas le €1,200 in aghaidh gach píosa bagáiste chláraithe más féidir leat luach a ábhair a chruthú
  • €300 in aghaidh gach píosa bagáiste chláraithe mura féidir leat luach a ábhair a chruthú

Má gortaíodh i dtimpiste traenach thú, nó más cleithiúnaí thú ag duine a cailleadh de dheasca timpiste mharfach thraenach, tá tú i dteideal cúiteamh suas le huasmhéid €1,400 as bagáiste láimhe caillte nó damáistithe (baineann sé sin freisin le hainmhí ar bith a thug tú leat).

Gortaíodh i dtimpiste traenach thú

Má gortaíodh i dtimpiste traenach thú, tá tú i dteideal cúitimh, agus déanfar réamhíocaíocht laistigh de 15 lá ón timpiste chun do riachtanais láithreacha a chlúdach.

Is cleithiúnaí thú ag duine a cailleadh de dheasca timpiste mharfach thraenach

Más cleithiúnaí thú ag duine a cailleadh de dheasca timpiste mharfach thraenach, tá sé de cheart agat cúiteamh a fháil, agus déanfar réamhíocaíocht laistigh de 15 lá ón timpiste chun do riachtanais láithreacha a chlúdach. €21,000 ar a laghad an réamhíocaíocht do gach íospartach.

FAQs

EU legislation

Need more information on rules in a specific country?

Ask national administrations

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 08/04/2024
Share this page