Obair dheonach a dhéanamh san Aontas agus níos faide i gcéin

Is bealach iontach í an obair dheonach chun rannchuidiú le pobail áitiúla sa bhaile nó i dtíortha eile, agus ag an am céanna taithí úsáideach a fháil, scileanna nua a fhorbairt agus cairde a dhéanamh. Cuireann an tAontas a lán cineálacha éagsúla deiseanna oibre deonaí ar fáil leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach san Eoraip agus, i gcás tionscadail cabhrach daonnúla, i dtíortha eile. Ní fhaightear íocaíocht as gníomhaíochtaí oibre deonaí a dhéanamh, ach cumhdaítear gach costas.

Má tá tú idir 18 mbliana d’aois agus 30 bliain d’aois, agus má tú tú réidh agus toilteanach, is féidir leat idir 2 sheachtain agus 12 mhí a chaitheamh mar oibrí deonach, sa bhaile nó i dtír eile. Is féidir leat obair dheonach a dhéanamh freisin ar thionscadail i réimse na cabhrach daonnúla má tá tú idir 18 mbliana d’aois agus 35 bliana d’aois. Tuilleadh eolais:

Last checked: 02/10/2025
Share this page