Cearta do thaistealaithe atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá do shoghluaisteacht laghdaithe, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar thaisteal aeir, traenach, bus, cóiste nó báid ar nós duine ar bith eile. Nuair a cheannaíonn tú do thicéad, ní mór don díoltóir eolas a thabhairt duit faoi do thuras i bhformáid inrochtana duit, chomh maith le heolas faoi na háiseanna sonracha a bheidh ar fáil duit ar bord an eitleáin, na traenach, an bhus, an chóiste nó na loinge.

I gcás gach modh iompair, tá sé de cheart agat cúnamh saor in aisce a fháil ag críochfoirt agus ar bord feithiclí. Ní féidir iompar a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas nó ar do shoghluaisteacht laghdaithe, ach amháin ar chúiseanna a bhfuil údar leo ar mhaithe leis an tsábháilteacht nó le dearadh na feithicle nó an bhonneagair.

Cad é do chás féin?

Tá tú ag taisteal ar eitleán

Cúnamh

Nuair a bhíonn tú ag taisteal ar eitleán, tá sé de cheart agat cúnamh a fháil, saor in aisce. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin:

  • cúnamh maidir le do bhagáiste
  • cúnamh maidir le dul ar bord an eitleáin agus tuirling den eitleán
  • cúnamh le linn na heitilte agus sna haerfoirt roimh an eitilt/ina diaidh
  • seirbhísí láimhseála ar an talamh má tá tú ag taisteal in éineacht le madra cúnta

Má tá duine eile ag taisteal in éineacht leat ar feadh thréimhse iomlán do thurais, ba cheart go n-éascódh an aerlíne agus baill foirne na haerlíne aon chúnamh ón duine sin a theastaíonn uait. Ina theannta sin, nuair is féidir, ba cheart don aerlíne suíochán in aice leat ar an eitleán a thabhairt don duine sin atá do thionlacan.

Chun an cúnamh is fearr a fháil, déan teagmháil leis an aerlíne, leis an díoltóir ticéad nó leis an tionscnóir turas 48 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras agus mínigh cén cineál cúnaimh atá uait agus cé acu an mbeidh duine eile ag taisteal in éineacht leat. Ba chóir duit iad a chur ar an eolas freisin más amhlaidh a bheidh madra cúnta ag taisteal in éineacht leat. Cuirfidh siad comhairle ar fáil freisin maidir le do chathaoir rothaí nó do ghléas soghluaisteachta agus, i gcás inarb infheidhme, maidir lena gceallraí.

Ní gá d’aerlínte cuidiú a thabhairt maidir le bia a ithecógais leighis a ghlacadh le linn na heitilte. Má tá cuidiú den chineál sin de dhíth ort, cuir i gcás le linn eitilt fhada, d’fhéadfadh na haerlínte a iarraidh go dtiocfadh duine eile in éineacht leat.

Warning

Ní féidir cead bordála a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas ná ar do shoghluaisteacht laghdaithe, ach amháin má tá an t-eitleán róbheag go fisiciúil, nó má tá imní slándála ann, nó má tá cosc ar an aerlíne thú a iompar de bharr rialacha sábháilteachta.

An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?

Má bhíonn fadhbanna agat cúnamh a fháil agus tú ag taisteal ar eitleán, nó má dhéantar do threalamh soghluaisteachta a chailleadh nó a scriosadh, ba cheart duit é sin a chur in iúl do na húdaráis aerfoirt nó don aerlíne lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en sa tír inar tharla an teagmhas.

Cearta eile an Aontais d’aerphaisinéirí

Caith súil ar ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta aerphaisinéirí an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus faoi conas iad a éileamh má dhiúltaítear cead bordála duit, nó má chuirtear d’eitilt ar ceal, nó má chuirtear moill uirthi.

Tá tú ag taisteal ar thraein

Cúnamh

Agus tú ag taisteal ar thraein, tá sé de cheart agat cúnamh a fháil saor in aisce.

Clúdaíonn an cúnamh an méid seo a leanas:

  • cuidiú le dul ar bord na traenach agus tuirling den traein / aistriú chuig seirbhís traenach nasctha (a bhfuil ticéad agat ina leith)
  • cuidiú ar bord (rochtain ar sheirbhísí ar bord san áireamh) agus ag an stáisiún roimh do thuras agus ina dhiaidh.

Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an cúnamh is fearr, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta iarnróid, an bainisteoir stáisiúin, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas 24 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras agus míniú a thabhairt ar an gcúnamh atá uait. Chun an chabhair a iarradh a chur ar fáil, féadfaidh an chuideachta iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin iarraidh ort dul chuig pointe ainmnithe sa stáisiún tráth nach déanaí ná 1 uair an chloig roimh an imeacht sceidealaithe nó roimh an am deiridh seiceáil isteach le haghaidh na traenach. Más amhlaidh nár insíodh duit cén uair le dul chuig an bpointe ainmnithe, ba cheart duit dul chuige 30 nóiméad ar a laghad roimh an am imeachta sceidealaithe nó roimh an am a iarrtar ar gach paisinéir seiceáil isteach.

Murar cuireadh an chuideachta iarnróid, an bainisteoir stáisiúin, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas ar an eolas faoin ngá le cúnamh 24 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras, ní mór dóibh gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun cabhrú leat ionas gur féidir leat taisteal mar a bhí beartaithe.

Ní féidir le hoibreoirí iarnróid a cheangal go dtaistealóidh tú in éineacht le duine eile ach amháin má tá fíorghá leis sin chun rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana atá i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh (mar shampla, mar gheall ar an dóigh a bhfuil an traein nó bonneagar an stáisiúin deartha). Tá an duine atá do thionlacan i dteideal taisteal saor in aisce agus, nuair is féidir, suíochán a fháil in aice leat. Má tá madra cúnta agat, tá cead ag an madra dul in éineacht leat de réir aon rialacha áitiúla sa tír ina bhfuil tú ag taisteal.

Warning

Éilíonn roinnt tíortha den Aontas nach mór iarrataí ar chúnamh chuig cuideachtaí iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad nó tionscnóirí turas a dhéanamh 36 uair an chloig ar a laghad roimh ré, seachas 24 uair an chloig roimh ré.Féach leat liosta na dtíortha a bhfuil an tréimhse fógra níos faide sin i bhfeidhm acu bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv . Ní féidir cead bordála a dhiúltú duit mar gheall ar do mhíchumas nó do shoghluaisteacht laghdaithe, mura gcuireann imní slándála, nó rialacha sábháilteachta cosc ar an gcuideachta iarnróid thú a iompar.

An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?

Má bhíonn fadhbanna agat cúnamh a fháil agus tú ag taisteal ar thraein, ba cheart duit é sin a chur in iúl d’údaráis an stáisiúin nó don chuideachta iarnróid lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en sa tír inar tharla an teagmhas.

Cearta eile an Aontais do phaisinéirí iarnróid

Féach leat ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta paisinéirí iarnróid an Aontais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta (cúiteamh as trealamh soghluaisteachta caillte/damáiste san áireamh) agus tú ag taisteal ar thraein agus conas iad a éileamh más gá.

Tá tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste

Cúnamh

Tá tú i dteideal cúnamh a fháil saor in aisce má tá turas fadraoin á phleanáil agat (sa chás gur 250 km nó níos mó atá i bhfad sceidealta na seirbhíse, murab ionann agus do thuras aonair féin). Tá sé de cheart agat cúnamh a fháil ag críochfoirt ainmnithe en PDF , agus maidir le dul ar an mbus nó an cóiste agus tuirling díobh. Ina theannta sin, ní mór don chuideachta ligean don duine is rogha duit taisteal saor in aisce, dá réiteodh an méid sin aon imní slándála nó sábháilteachta a chuirfeadh cosc ort taisteal.

Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an cúnamh atá uait, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta bus/cóiste, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas 36 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras chun an chabhair atá de dhíth ort a chur in iúl dóibh. Féadfaidh an t-oibreoir nó an bainisteoir críochfoirt iarraidh ort teacht chuig pointe ainmnithe tráth nach déanaí ná uair an chloig roimh an imeacht sceidealaithe.

Warning

Ní féidir cosc a chur ort ticéad a cheannach, áirithint a dhéanamh nó dul ar bord mar gheall ar mhíchumas nó soghluaisteacht laghdaithe ach amháin má tá sé riachtanach chun ceanglais dhlíthiúla sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh, nó i gcás nach féidir leis an mbonneagar iompar sábháilte a ráthú.

An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?

Má bhíonn fadhbanna agat cabhair a fháil agus tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste, ba cheart duit é sin a chur in iúl do na húdaráis críochfoirt nó don chomhlacht bus/cóiste lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta en PDF sa tír inar tharla an teagmhas.

Cearta eile an Aontais do phaisinéirí bus agus cóiste

Féach leat ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta an Aontais do phaisinéirí bus agus cóiste bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus tú ag taisteal ar bhus nó ar chóiste agus conas iad a éileamh más gá.

Tá tú ag taisteal ar long

Cúnamh

Tá tú i dteideal cúnamh a fháil, saor in aisce, maidir le dul ar bord loinge nó tuirling di, aistriú ó long go long, agus ar bord agus ag an gcalafort. Chun deimhin a dhéanamh de go bhfaighidh tú an cúnamh is fearr, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an iompróir, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas 48 uair an chloig ar a laghad roimh do thuras, agus míniú a thabhairt ar na cineálacha cúnaimh atá de dhíth ort. Fiú mura bhfuil sé sin déanta agat, caithfidh an t-iompróir agus an t-oibreoir críochfoirt gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun cabhrú leat.

Má tá riachtanais speisialta agat maidir le cóiríocht, suíocháin, cúnamh, nó más gá duit trealamh leighis a thabhairt leat, cuir an méid sin in iúl don díoltóir ticéad agus an áirithint á déanamh agat.

Is féidir le hiompróirí a iarraidh go dtionlacfadh duine eile thú más gá sin ar chúiseanna sábháilteachta, nó mar gheall ar an dóigh a bhfuil an long nó an bonneagar calafoirt deartha. Taistealóidh an compánach sin saor in aisce.

An bhfuil tuilleadh cabhrach de dhíth ort?

Má bhíonn fadhbanna agat cabhair a fháil agus tú ag taisteal ar long, ba cheart duit é sin a chur in iúl do na húdaráis chalafoirt nó don iompróir lena mbaineann. Mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta sa tír inar tharla an teagmhas.

Cearta eile an Aontais do phaisinéirí loinge

Féach leat ár n-uirlis idirghníomhach maidir le cearta an Aontais do phaisinéirí loinge bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv chun tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta agus tú ag taisteal ar long, agus conas iad a éileamh más gá.

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 25/04/2024
Share this page