Téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le fostaíocht

Nuair a fhostaíonn tú baill foirne, ní mór duit na ceanglais íosta a urramú atá leagtha síos i ndlí fostaíochta an Aontais maidir le téarmaí fostaíochta ball foirne, mar aon le hathruithe ar chonarthaí oibre.

Mar fhostóir, ní mór duit a bheith ar an eolas faoi chaighdeáin íosta an Aontais maidir le huaireanta oibre agus scíth, sosanna agus obair oíche. Is féidir maoluithe a dhéanamh ar chuid de na hoibleagáidí ama oibre má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta.

Chomh maith le bunteidlíochtaí saoire bliantúla, bunaítear le rialacha an Aontais maidir le cearta i ndáil le cothromaíocht oibre is saoil caighdeáin íosta maidir le saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí, ar a dtugtar saoire teaghlaigh i dteannta a chéile. Cuimsítear leis na rialacha sin freisin cearta breise, cuir i gcás an ceart chun socruithe solúbtha oibre a iarraidh agus an ceart chun am saor ón obair a fháil ar fhorais force majeure.

Nuair a scaoileann tú baill foirne chun bealaigh nó nuair a bhriseann tú as a bpost iad, tá oibleagáidí sonracha ort le hurramú. Mar fhostóir, ba cheart duit a bheith ar an eolas faoi rialacha an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, cearta fostaithe le linn táthcheangail ghnó, deireadh a chur le conarthaí téarma shocraithe agus gearrthéarmacha, neamh-idirdhealú i ndífhostú a chinntiú, agus caighdeáin cosanta sonraí a choinneáil le linn dífhostaithe.

Warning

D’fhéadfadh roinnt Ballstát den Aontas leibhéil níos airde cosanta a thabhairt d’oibrithe. Chun a chinntiú go dtuigeann tú go hiomlán na hoibleagáidí atá ort mar fhostóir, déan teagmháil leis an údarás náisiúnta fostaíochta i do thír féin.

Last checked: 15/03/2025
Share this page