Ceimiceáin a chlárú (REACH)

Más rud é go ndéanann tú tona amháin nó níos mó in aghaidh na bliana de shubstaint cheimiceach a mhonarú nó a iompórtáil sa LEE, ní mór duit an méid sin a thaifeadadh i mbunachar sonraí REACH. Is éard is brí le REACH ‘Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán’.

Tá feidhm ag REACH maidir le gach substaint cheimiceach, iad siúd atá ag teastáil le haghaidh próisis thionsclaíocha agus iad siúd a úsáidimid inár saol laethúil araon, cuir i gcás i bpéinteanna, i dtáirgí glantacháin, in éadaí, i dtroscán agus i bhfearais leictreacha, mar shampla. Dá bhrí sin, bíonn tionchar aige ar fhormhór na ngnólachtaí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

Níor cheart substaintí neamhchláraithe a chur ar an margadh ná a úsáid.

Tá feidhm ag REACH maidir leatsa más rud é:

  • gur monaróir é do ghnólacht – is é sin go ndéanann tú ceimiceáin a ndíolfaidh nó a soláthróidh do chuideachta iad do dhaoine eile.
  • gur iompórtálaí é do ghnólacht – is é sin go gceannaíonn tú ceimiceáin aonair, meascáin de cheimiceáin nó táirgí amhail éadaí, troscán nó earraí plaisteacha as lasmuigh den Aontas.
  • gur dáileoir é do ghnólacht – is é sin go ndéanann tú ceimiceáin nó meascáin de cheimiceáin a stóráil agus a chur ar an margadh.
  • gur úsáideoir iartheachtach é do ghnólacht – is é sin go n-úsáideann tú ceimiceáin nó meascáin ceimiceán i do thionscal nó i do shlí bheatha.

Chun an rialachán a chomhlíonadh, ní mór duit na rioscaí a bhaineann leis na substaintí a mhonaraíonn tú agus a mhargaíonn tú san Aontas/sa LEE a aithint agus a bhainistiú.

Mar mhonaróir nó iompórtálaí a chláraíonn substaintí den sórt sin, ní mór duit a thaispeáint don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt nl pl pt ro sk sl sv an dóigh ar féidir iad a úsáid go sábháilte agus bileog sonraí sábháilteachta a úsáid chun úsáideoirí ionchasacha sa slabhra soláthair a chur ar an eolas maidir le haon bheart bainistithe riosca a d’fhéadfadh a bheith le déanamh.

Más úsáideoir iartheachtach é do ghnólacht, ní mór duit oibleagáidí éagsúla a chomhlíonadh. An phríomhoibleagáid atá ann ná aon bheart bainistithe riosca a shonraítear sna bileoga sonraí sábháilteachta a dhéanamh. Déan seiceáil go bhfuil d’úsáidí clúdaithe sna sainchomhaid chlárúcháin agus déan teagmháil le do sholáthraithe agus d’úsáideoirí sa slabhra soláthair.

Brabhsáil an rannán tacaíochta do FBManna ar ECHA bg cs da de el en es et fi fr hr hu lt lv nl pl pt ro sk sl sv chun foghlaim faoi na saincheisteanna atá ábhartha do ghnólachtaí beaga.

An chaoi a n-oibríonn REACH

Tá rialacha margaíochta tugtha isteach ag REACH maidir le substaintí a chumhdach ina n-aonar, mar mheascáin, agus substaintí a úsáidtear in earraí. Cinntíonn sé go mbíonn an tionscal freagrach as an méid seo a leanas:

  • bainistiú a dhéanamh ar aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint le ceimiceáin don tsláinte agus don chomhshaol
  • eolas sábháilteachta iomchuí a sholáthar d’úsáideoirí sa slabhra soláthair.

Chomh maith leis sin, cuireann sé ar a chumas don Aontas Eorpach bearta breise a dhéanamh má tá gá le gníomhaíocht chomhlántach ar leibhéal an Aontais. Cuidíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt nl pl pt ro sk sl Open as an external link chun na céimeanna uile is gá a chomhordú agus a chur i bhfeidhm:

  • clárú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nb nl pl pt ro sk sl Open as an external link éigeantach sa chás ina mbeartaíonn cuideachta tona nó níos mó in aghaidh na bliana de shubstaint áirithe a mhonarú nó a iompórtáil.
  • Mar chuid den mheastóireacht bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nb nl pl pt ro sk sl Open as an external link , scrúdaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) eolas sna sainchomhaid chlárúcháin agus sna tograí tástála uile chun tástáil nach bhfuil gá léi a sheachaint, go háirithe tástáil ar ainmhithe. Déanann údaráis náisiúnta measúnú ar shubstaintí i bhfianaise ábhair imní shonracha i leith shláinte an duine agus an chomhshaoil.
  • Tá gá le húdarú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl Open as an external link le haghaidh substaintí áirithe ar ábhar imní ar leith iad, chun a chinntiú go ndéanfar rialú cuí ar aon riosca a bhaineann leo, agus go ndéanfar roghanna malartacha níos sábháilte a chur in ionad na substaintí sin de réir a chéile a luaithe a bheidh siad inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil.
  • Le srianadh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl Open as an external link is féidir srian nó cosc a chur ar tháirgeadh, margú nó úsáid substaintí áirithe má tá riosca do-ghlactha don tsláinte nó don chomhshaol ag baint leo.

Táillí agus muirir

Éilíonn REACH go n-íocfar táillí agus muirir. Na méideanna a ghearrtar agus na sprioc-amanna le haghaidh íocaíochta, braitheann siad ar an gcineál aighneachta lena mbaineann. Íocann fiontair bheaga agus mheánmhéide táillí laghdaithe. Beidh ar do ghnólacht costais eile a bhaineann le REACH a chur san áireamh freisin, an méid seo a leanas ina measc:

  • comhroinnt sonraí
  • measúnuithe ar shábháilteacht ceimiceán
  • taighde ar shubstaintí ionadacha le haghaidh substaintí áirithe

Is féidir leat do chostais a laghdú go suntasach trí dhlúthchomhar leis na páirtithe eile atá i gceist, ullmhú in am trátha san áireamh.

Féach freisin:

CCanna

CCanna - Ceimiceáin a chlárú (REACH)

See also

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 29/07/2024
Share this page