Dleachtanna custaim agus nósanna imeachta um iompórtálacha

Conas earraí a iompórtáil isteach san Aontas

Nósanna imeachta custaim um iompórtáil isteach san Aontas

Is éard atá sa chustam rialacha lena rialaítear an dóigh a dtagann earraí isteach i margadh an Aontais Eorpaigh nó an dóigh a bhfágann siad é. Má iompórtálann do ghnólacht earraí isteach san Aontas ó thíortha nach den Aontas iad, ní mór na rialacha seo a leanúint trí roinnt nósanna imeachta éagsúla a chur i gcrích.

Soláthraíonn na nósanna imeachta seo sonraí tábhachtacha faoi na hearraí, an méid seo a leanas ina measc:

  • a dtionscnamh
  • a gcineál
  • a luach

Bunaithe ar an eolas sin, is féidir leis an údarás custaim sa tír den Aontas ina bhfuil tú lonnaithe a chinneadh cé na cánacha agus na dleachtanna is gá a íoc, agus a chinntiú go bhfuil earraí a thagann isteach san Aontas sábháilte agus go gcomhlíonann siad rialacha eile an Aontais.

Warning

Cé go bhfuil comhbheartas iompórtála agus easpórtála ann faoi dhlí an Aontais, tá gach tír freagrach as a córas féin a bhainistiú. Déan a sheiceáil le húdarás do thíre chun tuilleadh eolais a fháil.

Cur chun siúil

Do ghnólacht a bhunú

Chun earraí a iompórtáil, ní mór duit a bheith bunaithe mar ghnólacht san Aontas. Mura bhfuil cónaí san Aontas ort, beidh cead oibre de dhíth ort lena ngabhann an ceart gníomhaíocht tráchtála neamhspleách a dhéanamh. Is féidir leis na rialacha a bheith éagsúil ó thír go tír – faigh tuilleadh eolais maidir le gnólacht a thosú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv .

Uimhir EORI a fháil

uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha (EORI) éigeantach má dhéanann do ghnólacht earraí a easpórtáil, a iompórtáil nó a aistriú isteach san Aontas. Is le do ghnólacht amháin a bhaineann an uimhir agus ní théann sí in éag. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar EORI tríd an údarás náisiúnta custaim AE san áit ina bhfuil tú lonnaithe nó ina bhfuil do ghnólacht bunaithe.

Ullmhú chun iompórtáil

Do chuid earraí a aicmiú

Sanntar do gach earra cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) san Aontas, cód atá bunaithe ar chóid an Chórais Chomhchuibhithe (CC) a úsáidtear ar fud an domhain. Is leis an gcód AC a chinntear na dleachtanna custaim agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le táirge ar leith. Tá aicmiú do chuid earraí le fáil i mbunachar sonraí comhairliúcháin CLASS en .

Srianta iompórtála nó ceadúnais a sheiceáil

D’fhéadfadh sé go gcuirfí srian le roinnt earraí, amhail ceimiceáin, cógais, bia agus airm, sin nó go mbeadh gá le ceadanna speisialta chun iad a iompórtáil isteach san Aontas. Is féidir leat an méid sin a fhíorú le haghaidh na n-earraí is mian leat a iompórtáil trína gcóid AC nó CC a chuardach i mbunachar sonraí TARIC. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás náisiúnta custaim AE san áit a bhfuil tú lonnaithe nó san áit a ndéanfaidh tú an ghníomhaíocht a bhaineann le custam, chun a fhíorú an bhfuil aon toirmeasc nó srian náisiúnta breise ann. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ceadúnais iompórtála bhreise a bheith de dhíth ort.

Deimhnithe agus rialacha tionscnaimh

Is leis na rialacha tionscnaimh a chinntear an tír inar foinsíodh nó ina ndearnadh táirge. Tugtar ‘náisiúntacht eacnamaíoch’ táirge ar an gcóras sin uaireanta, agus cuidíonn sé chun a chinntiú gur féidir le húdaráis chustaim dleachtanna a chur i bhfeidhm i gceart ionas gur féidir le gnólachtaí atá lonnaithe san Aontas tairbhe a bhaint as rátaí laghdaithe i gcás inarb infheidhme. Uaireanta beidh ort cruthúnas a chur ar fáil i leith thionscnamh an táirge atá tú a iompórtáil chun gur féidir tairbhe a bhaint as sin. Féadfaidh an cruthúnas sin a bheith ina dheimhniú tionscnaimh nó ina dhearbhú tionscnaimh a d’eisigh an t-easpórtálaí duit. Is féidir rochtain a fháil air sin tríd an gCóras Onnmhaireoirí Cláraithe (REX).

Ceanglais an Aontais a chomhlíonadh

Ní mór d’fhormhór na n-earraí agus na dtáirgí a thagann isteach san Aontas na ceanglais theicniúla maidir le táirgí tionsclaíocha agus na ceanglais sláinte agus sláinteachais maidir le bia agus táirgí talmhaíochta a chomhlíonadh.

Tá cuid de na ceanglais éigeantach, cuid eile díobh deonach. Tuilleadh eolais i ndáil le ceanglais i leith táirgí, marcálacha CE san áireamh. Mura bhfuil tú cinnte faoi na ceanglais a bhaineann leis an táirge is mian leat a iompórtáil, is féidir leat tagairt a dhéanamh do Mo Chúntóir Trádála trí úsáid a bhaint as na cóid AC chun cuardach a dhéanamh sa bhunachar sonraí.

Do chuid earraí a iompórtáil

Ní mór duit dearbhú custaim a chur ar fáil do d’údarás náisiúnta custaim le gur féidir le do tháirgí iompórtáilte teacht isteach san Aontas. Tá roinnt céimeanna le leanúint, agus is féidir leat féin na doiciméid sin a chur isteach nó ionadaí a ainmniú, amhail bróicéir custaim, chun na foirmiúlachtaí a chur i gcrích thar do cheann.

Dearbhú Iontrála Achomair

Ní mór duit Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) a chur i láthair ar dtús roimh theacht isteach na n-earraí ag an gcéad phointe iontrála san Aontas. Tá sin riachtanach ionas gur féidir leis na húdaráis fíorú agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na táirgí is mian leat a iompórtáil.

Ní mór duit féin nó d’ionadaí (an bróicéir custaim nó an t-iompróir) an ENS a chur i láthair. Braitheann an sprioc-am chun an ENS a logáil ar mhodh iompair na n-earraí atá i gceist. Is féidir leat an t-eolas sin a dhearbhú tríd an gComhchóras Rialaithe Iompórtála (ICS2), líonra uile-Aontais a bhfuil rialuithe spriocdhírithe níos inláimhsithe dá bharr.

Dearbhú custaim a chomhlánú

Is doiciméad oifigiúil é dearbhú custaim ina dtugtar sonraí na n-earraí atá á n-iompórtáil isteach san Aontas. Ag brath ar na cineálacha earraí atá á n-iompórtáil agat, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort tuilleadh doiciméad a chur ar fáil do na húdaráis, na cinn seo ina measc:

  • sonraisc thráchtála
  • doiciméid iompair
  • deimhnithe tionscnaimh
  • ceadúnais iompórtála
  • deimhnithe cigireachta.

Is leis an eolas a chuireann tú leis an dearbhú custaim a chinnfear na dleachtanna (más ann dóibh), CBL, nó na taraifí a bheidh ort a íoc. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na doiciméid agus na próisis atá i gceist, déan teagmháil le d’údarás náisiúnta custaim.

Seiceálacha iontrála agus scaoileadh

Nuair a thagann do chuid earraí chomh fada leis an teorainn, ní mór fógra cur i láthair a thabhairt do na húdaráis chustaim. Is faoi mhaoirseacht an údaráis custaim a fhanann na hearraí (ar a dtugtar stóráil shealadach). Is féidir iad a stóráil go dtí go n-imréitítear iad, go ceann tréimhse nach faide ná 90 lá. Féadfar iad a imréiteach ar roinnt bealaí:

Ciallaíonn sé sin gur chomhlíon do chuid earraí na ceanglais uile i leith iompórtála, bunaithe ar an doiciméadacht a soláthraíodh, ar sheiceáil bhreise ar dhoiciméid, nó ar sheiceáil fhisiceach ar na hearraí. Nuair a scaoiltear an t-earra, ciallaíonn sé go bhfuil na dleachtanna iompórtála custaim, na cánacha agus na muirir mháil uile is infheidhme íoctha agat, agus go meastar an stádas céanna a bheith ag an earra agus a bhíonn ag táirge a rinneadh san Aontas; tugtar ‘stádas an Aontais’ air sin. Ón bpointe sin, is féidir do tháirge a dhíol gan srian áit ar bith i margadh an Aontais.

Is féidir leat do chuid earraí a aistriú tríd an Aontas freisin gan dul trí na nósanna imeachta iompórtála ag an bpointe iontrála tríd an nós imeachta idirthurais custaim a úsáid. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh tú na hearraí a aistriú go dtí an tír is ceann scríbe seachas an pointe iontrála chun na foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích ansin. Is féidir do chuid earraí a stóráil freisin, ar a dtugtar stórasú custaim. Leis an nós imeachta sin, is féidir le gnólachtaí earraí a iompórtáil sula ndéanann siad cinneadh iomlán i dtaca leis an méid a dhéanfar leo. Má chuirtear na hearraí i spás atá údaraithe ag na húdaráis chustaim, ní íocann tú na dleachtanna custaim, na cánacha ná na muirir mháil is infheidhme go dtí go scaoilfear i saorchúrsaíocht iad, mar a luaitear thuas.

Má roghnaíonn tú earra a iompórtáil chun leanúint dá mhonarú nó é a dheisiú d’fhonn é a dhíol san Aontas nó é a atheaspórtáil, is féidir d’earra a údarú don nós imeachta próiseála isteach. Ní mór duit tréimhse na próiseála sin a shonrú, agus ag deireadh na tréimhse sin, féadfaidh tú an t-earra a atheaspórtáil nó an nós imeachta thuas a leanúint chun é a scaoileadh i saorchúrsaíocht. Sa chás sin, ní mór duit na dleachtanna, na cánacha agus na muirir mháil uile is infheidhme a íoc.

Scéal samplach

Turas iompórtála Anna: ó dhuilleoga tae go seilfeanna na hEorpa

Tá siopa beag speisialtachta tae ag Anna sa Fhrainc agus is mian léi meascán ar leith de thae orgánach a iompórtáil ó Shrí Lanca. Ar dtús, cinntíonn sí go bhfuil a gnó cláraithe san Aontas agus déanann sí iarratas ar uimhir EORI trí údarás custaim na Fraince.


Sula gcuireann Anna an t-ordú isteach, seiceálann sí bunachar sonraí CLASS chun an cód AC ceart a aimsiú le haghaidh tae. Léiríonn an cód aicmiúcháin seo do lucht custaim cé na rialacha agus na dleachtanna a bhfuil feidhm acu. Úsáideann sí bunachar sonraí TARIC freisin chun a fháil amach an bhfuil aon srian nó ceanglas speisialta ann. Cé nach bhfuil ceadúnas de dhíth uirthi chun tae a iompórtáil, faigheann sí amach go bhfuil gá le deimhniú sláintíochta ós rud é gur táirge bia é tae.


Aontaíonn a soláthraí i Srí Lanca deimhniú tionscnaimh a chur san áireamh, rud a chiallaíonn gur féidir le Anna tairbhe a bhaint as dleachtanna custaim níos ísle faoi chomhaontú trádála an Aontais le Srí Lanca. Agus na hullmhúcháin uile i bhfeidhm, socraíonn Anna go seolfar an t-ordú.


Sula sroicheann na hearraí an calafort in Marseille, cuireann a gníomhaire custaim Dearbhú Iontrála Achomair (ENS) isteach chun na húdaráis a chur ar an eolas agus chun gur féidir seiceálacha sábháilteachta agus riosca slándála a dhéanamh. Nuair a shroicheann an lastas an tAontas, comhdaíonn a gníomhaire dearbhú custaim leis na húdaráis chustaim. In éineacht leis an dearbhú, cuireann Anna an sonrasc tráchtála, na doiciméid iompair, an deimhniú tionscnaimh agus an deimhniú sláintíochta is gá ar fáil.


A luaithe a ghlacfar leis an dearbhú, íocfaidh Anna an dleacht chustaim agus CBL. Déanann oifigigh chustaim iniúchadh ar roinnt boscaí agus deimhníonn siad go bhfuil gach rud in ord. Imréitítear agus scaoiltear an tae lena sheachadadh.
Go gairid ina dhiaidh sin, faigheann Anna a lastas agus cuireann sí a meascán nua tae orgánaigh ar na seilfeanna, rud is féidir léi a dhíol ar fud an Aontais a bhuí lena siopa ar líne.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi dhleachtanna custaim agus nósanna imeachta iompórtála i do thír féin thíos:

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 29/04/2026
Share this page