Dliteanas i leith táirgí
Is tusa atá faoi dhliteanas as locht a bhaineann le do tháirí. Má dhéanann siad dochar do do chuid custaiméirí, cuir i gcás bás, díobháil phearsanta, nó damáiste do mhaoin phearsanta (ar mó é ná €500), d’fhéadfadh do chuideachta a bheith faoi dhliteanas.
Braitheann lochtacht do tháirgí ar an easpa sábháilteachta a bhfuil tomhaltóirí i dteideal a bheith ag súil, ní ar an oiriúnacht lena n-úsáid.
Bí cúramach sna cásanna nuair a dhéanann tú an méid seo a leanas:
- táirge deiridh a mhonarú
- páirteanna a mhonarú atá le cur le táirge eile
- táirge a iompórtáil isteach san Aontas lena dhíol.
Má tá níos mó ná gnólacht amháin freagrach as sábháilteacht an táirge chéanna, féadfaidh an duine díobhálaithe aon cheann díobh a thabhairt chun na cúirte.
Tá feidhm ag rialacha dliteanais maidir le leictreachas agus táirgí talmhaíochta freisin. D’fhéadfadh sé nach mbeadh téarmaí i do chonradh díolacháin a laghdaíonn do fhreagracht as táirge lochtach.
Éilimh ar chúiteamh
Chun cúiteamh a éileamh i leith damáiste a fulaingíodh, ní mór don pháirtí díobhálaithe an méid seo a leanas a chruthú:
- rinneadh damáiste
- bhí do tháirge lochtach
- bhí nasc idir an locht agus an damáiste.
Scéal samplach
Éileamh ar chúiteamh do scútair lochtacha
Tá cuideachta ag Zephir a mhonaraíonn scútair leictreacha. Gortaíodh custaiméir amháin nuair a theip ar choscáin an scútair le linn úsáide. Tar éis dó éileamh ar chúiteamh a dhéanamh, chruthaigh an custaiméir gur tharla an díobháil, go raibh na coscáin lochtach, agus gurbh é an locht ba chúis leis an timpiste go díreach. Dearbhaíodh trí imscrúdú go raibh an locht ann nuair a cuireadh an táirge ar an margadh, agus bhí cuideachta Zephir faoi dhliteanas i leith cúitimh.
Tá 3 bliana ag an bpáirtí díobhálaithe chun cúiteamh a éileamh, ag tosú ar an lá a cuireadh ar an eolas é faoi na nithe seo a leanas:
- an damáiste;
- an fabht;
- aitheantas an táirgeora.
Níl tú freagrach a thuilleadh as damáiste a rinne do tháirge i gcás ina bhfuil sé go fóill ar an margadh tar éis 10 mbliana, ach amháin má tá cúiteamh éilithe ag duine uait le linn na tréimhse sin.
Cásanna nach bhfuil tú faoi dhliteanas astu
Ní bheidh tú faoi dhliteanas más féidir leat an méid seo a leanas a chruthú:
- níor chuir tú an táirge ar an margadh
- níor mhonaraigh tú an táirge lena chur ar an margadh
- ní raibh ann don locht ba chúis leis an damáiste nuair a cuireadh an táirge ar an margadh
- níor tháinig an locht chun cinn ach amháin toisc go raibh ar do tháirge ceanglais theicniúla éigeantacha a chomhlíonadh
- de réir na gcaighdeán eolaíoch agus teicniúil is déanaí, níorbh fhéadfadh aon duine an locht a thuar nuair a chuir tú an táirge ar an margadh
- ní dhearna tú ach aon chomhpháirt amháin a mhonarú, agus ba é dearadh an táirge deiridh ba chúis leis an locht
Scéal samplach
Neamhdhliteanas a chruthú: Nuair nach ortsa atá an locht
Monaraíonn Anaïs comhpháirteanna criosanna sábhála. Tar éis timpiste ghluaisteáin, mhaígh an tiománaí gortaithe go raibh mífheidhm leis an gcrios sábhála.
Chinn imscrúdaitheoirí gurbh é dearadh an chairr ba chúis leis an locht, ní comhpháirt Anaïs. Chruthaigh sí nach raibh a táirge lochtach nuair a cuireadh ar an margadh é, agus gur eascair an locht as tosca nach raibh neart aici orthu. Mar thoradh air sin, níor cuireadh Anaïs faoi dhliteanas.
Is féidir rochtain a fháil ar eolas náisiúnta thíos.