Ceanglais táirgí a shainaithint
Tá caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla uile-Aontais ann le haghaidh roinnt catagóirí táirgí. Ní mór duit a chinntiú go gcomhlíonann do tháirgí aon rialacha ábhartha de chuid an Aontais sular féidir iad a thrádáil gan bhac san Aontas.
I gcás nach ann do rialacha uile-Aontais, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag sonraíochtaí éagsúla i dtíortha éagsúla an Aontais. I gcásanna den sórt sin, ní mór duit cloí leis na rialacha atá bailí i do Bhallstát féin, agus na rialacha sin amháin.
Cad iad na ceanglais táirgí?
Leagtar síos i ndlí an Aontais Eorpaigh ceanglais riachtanacha lena chinntiú go gcomhlíonann táirgí a thrádáiltear san Aontas caighdeáin arda sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil.
Is féidir an méid seo a leanas a chumhdach leis na ceanglais:
- an táirge féin: mar shampla, inadhainteacht, airíonna leictreachais nó sláinteachas
- próiseas monaraíochta an táirge
- feidhmíocht an táirge: mar shampla, an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaineann leis.
I bhformhór cásanna, sainítear sa dlí na torthaí a bheidh le baint amach nó na guaiseacha a gcaithfear déileáil leo, ach ní shonraítear na réitigh theicniúla sa dlí.
Uaireanta is féidir le caighdeáin bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv cuidiú leat comhréireacht leis an dlí a léiriú.
An áit le ceanglais táirgí an Aontais a aimsiú
Faoi láthair, is ar dhlí an Aontais atá formhór na rialacha maidir le táirgí bunaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna i ngach Ballstát. Cuirtear rialacha i bhfeidhm maidir le grúpaí táirgí, amhail bréagáin, nó saintréithe táirgí, amhail comhoiriúnacht leictreamaighnéadach.
Is faoin rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí en a thagann táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an Aontais, nó rioscaí.
Is féidir leat na ceanglais le haghaidh do tháirge a sheiceáil ar Access2Markets. Cuireann an bunachar sonraí sin eolas ar fáil faoin méid seo a leanas:
- rialacha agus rialacháin le haghaidh do tháirge
- údaráis inniúla ar féidir teagmháil a dhéanamh leo maidir le ceanglais shonracha táirgí
- CBL agus rátaí dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar do tháirge i dtír a dhíola san Aontas.
Is ar chóid chustaim atá bunachar sonraí Access2Markets bunaithe: chun na riachtanais maidir le do tháirge a fheiceáil, beidh ort a chód custaim a shainaithint ar dtús. Mura bhfuil an cód custaim ar eolas agat, is féidir leat a chuardach ach ainm do tháirge a úsáid san inneall cuardaigh ionsuite.
An áit le ceanglais náisiúnta táirgí a aimsiú
Tá rialacha maidir le táirgí ann freisin nach bhfuil comhchuibhithe san Aontas, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sonraíochtaí a bheith éagsúil i ngach Ballstát. Sna cásanna sin, ní mór duit cloí leis na rialacha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe agat do tháirge a chur ar an margadh, agus na rialacha sin amháin.
Má chomhlíonann do tháirgí na ceanglais sin i do thír féin san Aontas, ní féidir le tíortha eile den Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cosc a chur ar do chuid táirgí a dhíol
- iallach a chur ort iad a mhodhnú
- iallach a chur ort tástáil bhreise a dhéanamh
ach amháin más féidir leo a chruthú nach gcomhlíonann do tháirgí ceanglais theicniúla agus cháilíochta do thíre agus nach mbaineann leibhéal comhchosúil sábháilteachta leo. Prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a thugtar air sin.
Má tá fadhb agat a bhaineann le rialacha táirgí i dtír eile den Aontas a bheith ar neamhréir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, féadfaidh tú cúnamh a iarraidh ar SOLVIT bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl .
Rialacha náisiúnta
Tá sé d’oibleagáid ar rialtais na mBallstát a rialacha náisiúnta a fhoilsiú. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi rialacha náisiúnta agus faoi phrionsabal an ‘aitheanta fhrithpháirtigh’ i mbunachar sonraí TRIS bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl le haghaidh rialacha táirgí neamh-chomhchuibhithe.
Go háirithe, d’fhéadfadh na ceanglais faoi rialacha náisiúnta a bheith éagsúil maidir leis an méid seo a leanas:
- méid/toisí
- meáchan
- comhdhéanamh
- lipéadú
- pacáistiú
- tástáil.
Chun a fháil amach cé na rialacha teicniúla a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí sonracha i ngach tír den Aontas nó sonraí na n-údarás inniúil laistigh den Bhallstát sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na Pointí Teagmhála do Tháirgí .
Srianta bunaithe ar rialacha náisiúnta
Má tá riosca ag baint le do tháirgí do leas an phobail, bunaithe ar na dlíthe atá i bhfeidhm i dtíortha eile den Aontas a dhéanann difear don mhéid seo a leanas:
- sláinte agus beatha daoine, ainmhithe nó plandaí
- cosaint an chomhshaoil
- an tslándáil phoiblí nó an mhoráltacht phoiblí
d’fhéadfadh sé nach mbeadh cead agat iad a easpórtáil gan bhac.
D’fhéadfaí do tháirgí a thoirmeasc más féidir leis an tír den Aontas ar mian leat iad a easpórtáil chuici a chruthú go bhfuil a riachtanais theicniúla féin riachtanach nó éigeantach, agus nach bhfuil do tháirgí coibhéiseach ó thaobh an leibhéil sábháilteachta atá ag teastáil de.
Chun a fháil amach cé na rialacha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí sonracha i ngach tír den Aontas nó sonraí na n-údarás inniúil laistigh den tír sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na Pointí Teagmhála do Tháirgí .