Cóir leighis phleanáilte a eagrú thar lear

I gcásanna áirithe, tá sé de cheart agat cóir leighis a eagrú, amhail comhairliúchán le speisialtóir, cóireáil mháinliachta, nó cóireáil le haghaidh riocht sláinte ar leith, i dtír eile san Aontas agus aisíocaíocht a fháil ina leith ó d’institiúid árachais sláinte.

Tá dhá bhealach ann chun cóir leighis phleanáilte a fháil i dtír eile den Aontas:

Rogha 1 – foirm S2 a úsáid

Le foirm S2, is í d’institiúid árachais sláinte a íocann costais na cóireála i dtír eile den Aontas, go díreach.
Má roghnaíonn tú sin, is féidir leat rochtain a fháil ar chúram sláinte a chuirtear ar fáil go poiblí, agus é sin amháin, agus beidh ort iarratas ar réamhúdarú a dhéanamh i gcónaí le d’institiúid náisiúnta árachais sláinte (le foirm ar a dtugtar foirm S2) sula dtéann tú thar lear le haghaidh cóireála. Tá sé d’oibleagáid ar d’árachóir sláinte réamhúdarú a thabhairt má tá an chóireáil a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ina leith san áireamh i do chlúdach árachais sláinte, ach mura féidir í a sholáthar duit i do thír féin laistigh de theorainn ama, rud atá inchosanta ó thaobh leighis de.

Má tá foirm S2 faighte agat, is de réir na rialacha sa tír ina gcuirtear an chóireáil ort a chlúdófar do chostais chóireála. Is iad na hinstitiúidí ábhartha i do thír dhúchais agus sa tír ina gcuirfear an chóireáil ort a dhéileálfaidh leis sin. I bprionsabal ní bheidh ort íoc as an gcóireáil.

Is é d’údarás árachais sláinte a eisíonn foirmeacha S2. Nuair a bheidh an fhoirm líonta isteach agat, ba cheart duit í a sheoladh chuig an údarás árachais sláinte sa tír a bhfuil sé beartaithe agat dul chuici le haghaidh cóireála. Cuardaigh an t-údarás árachais sláinte ábhartha i do thír féin, nó féach leat tuilleadh eolais faoi fhoirmeacha caighdeánacha eile le haghaidh cearta slándála sóisialta a bhaineann le cúram sláinte san Aontas Eorpach.

Warning

Má bhíonn ar dhaoine atá faoi árachas sa tír ina gcuirtear cóireáil ort íoc as an gcóireáil shonrach sin, is amhlaidh a bheidh ortsa íoc aisti agus aisíocaíocht a fháil ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na coinníollacha agus na rátaí aisíocaíochta sa tír sin.

Rogha 2 – aisíocaíocht a éileamh tar éis na cóireála

D’fhéadfá féin íoc as an gcóir leighis phleanáilte agus cuid de na costais nó iad go léir a fháil ar ais mar aisíocaíocht nuair a fhillfidh tú abhaile. Tá feidhm ag an gcóras sin maidir le soláthraithe cúraim sláinte poiblí agus príobháideacha araon i dtír eile den Aontas.


Aisíocfar na costais leat de réir na rátaí aisíocaíochta a cuireadh i bhfeidhm don chóir leighis chéanna sa tír ina bhfuil tú faoi árachas. Má tá tú faoi árachas i dtír nach bhfuil scéim aisíocaíochta aici, aisíocfaidh do chomhlacht náisiúnta árachais sláinte thú de réir taraif atá bunaithe ar chostas na cóireála sin don chóras náisiúnta cúraim sláinte.

Warning

Ag brath ar an gcineál cóireála atá de dhíth ort agus ar na rialacha i do thír féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh réamhúdarú ó d’árachóir sláinte de dhíth ort freisin. Mar sin féin, is ar bhonn náisiúnta a bhunaítear an fhoirm le haghaidh réamhúdarú faoin rogha seo. Tá údarú roimh ré ag teastáil ó go leor tíortha den Aontas le haghaidh cúram lena mbaineann fanacht thar oíche san ospidéal nó trealamh leighis costasach. Ní féidir aon réamhúdarú a éileamh le haghaidh comhairliúchán leighis, cuir i gcás.

Fiafraigh de d’árachóir sláinte nó de do Phointe Teagmhála Náisiúnta an bhfuil réamhúdarú de dhíth ort. Is féidir leat naisc a fháil freisin chuig liostaí de chóireálacha atá faoi réir réamhúdarú i do thír féin anseo. Ní mór d’iarratas a dheonú más rud é go mbeadh ort fanacht ró-fhada le haghaidh cóireála sa bhaile seachas sin. Agus machnamh á dhéanamh ag do chomhlacht árachais sláinte ar d’iarratas, tá sé d’oibleagáid air a mheas an féidir foirm S2 a eisiúint duit.

Is iondúil go mbeidh Rogha 1 (foirm S2 a úsáid) níos tairbhiúla duit i gcás nach gá do na daoine atá faoi árachas sa tír ina gcuirtear cóireáil ort íoc as an gcóireáil chéanna, nó i gcás ina bhfuil rialacha aisíocaíochta do thíre baile níos fabhraí ná na rialacha sa tír ina ndéantar an chóireáil. Sa dara cás sin, beidh tú i dteideal breisiú a fháil ó d’árachóir sláinte. Mar sin féin, ní féidir ach Rogha 2 a dhéanamh más amhlaidh atá cúram sláinte príobháideach de dhíth ort.

Léigh tuilleadh faoi chostais agus aisíocaíochtaí i leith do chóireála leighis pleanáilte.

Scéal samplach

Déan seiceáil le do Phointe Teagmhála Náisiúnta agus le d’árachóir sláinte sula n-eagraí tú an chóireáil

Tá Aurélie ina cónaí sa Fhrainc. Ní mór di dul faoi scian agus tá sainchlinic aimsithe aici i Lucsamburg, mar a bhfuil cónaí ar a tuismitheoirí. Fuair sí speisialtóir oiriúnach in ospidéal poiblí gar do theach a tuismitheoirí, ach níl sí cinnte cén dóigh leis an gcóir leighis a eagrú ansin.

Chinn Aurélie scairt a chur ar an bPointe Teagmhála Náisiúnta sa Fhrainc agus ar an institiúid árachais sláinte áitiúil di. Thug siad an t-eolas go léir a bhí de dhíth uirthi chun iarratas a dhéanamh ar réamhúdarú agus líon Aurélie an fhoirm riachtanach isteach. Má fhaigheann sí údarú, is féidir léi an chóir leighis a shocrú go díreach san ospidéal i Lucsamburg.

Conas cóir leighis a eagrú thar lear, mura bhfuil réamhúdarú ó d’árachóir sláinte de dhíth ort

1. Déan seiceáil ar do chlúdach sláinte

  • déan seiceáil an bhfuil an chóir leighis i measc na sochar a bhfuil tú ina dteideal sa bhaile
  • déan seiceáil cé na doiciméid a éilíonn d’árachóir sláinte le haghaidh aisíocaíochta
  • déan seiceáil an éilíonn d’árachóir sláinte go gcomhlíonfaí aon choinníollacha speisialta chun costais na cóireála atá de dhíth ort a aisíoc
  • déan seiceáil ar an ráta aisíocaíochta don chóireáil atá de dhíth ort

2. Aimsigh áit chun an chóireáil a fháil

Beidh ort soláthraí cúraim sláinte (ospidéal, bunaíocht leighis, etc.) a aimsiú a thairgeann an chóireáil atá de dhíth ort i dtír eile den Aontas. Chun an méid sin a dhéanamh, is féidir leat:

  • iarraidh ar do Phointe Teagmhála Náisiúnta i do thír bhaile nó sa tír a bhfuil tú ag machnamh ar chóir leighis a fháil inti
  • soláthraí a aimsiú go díreach as do stuaim féin

Bíodh a fhios agat go bhféadfadh sé nach n-oibreodh córais cúraim sláinte i dtíortha eile san Aontas ar an dóigh céanna le cúram sláinte i do thír bhaile. Ina theannta sin, agus tú ag rochtain cóir leighis phleanáilte gan foirm S2 i dtír eile den Aontas, d’fhéadfadh sé go gcaithfí leat mar othar príobháideach agus praghsanna príobháideacha a ghearradh ort, ach is ar leibhéal na bpraghsanna poiblí i do thír féin a dhéanfar d’aisíocaíocht i gcónaí. Dá bhrí sin, is ort féin a bheidh sé aon difríocht sa chostas a chlúdach.

FAQs

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 04/09/2024
Share this page