Obair a dhéanamh agus tú i mbun staidéir
Má tá sé beartaithe agat bogadh go tír eile den Aontas chun staidéar a dhéanamh, ní mór ioncam leordhóthanach a bheith agat chun cónaí ann gan tacaíocht ioncaim a bheith de dhíth ort. Is féidir le hioncam teacht ó fhoinsí éagsúla, cuir i gcás do thuismitheoirí, do chéile nó do chuid oibre.
Mar shaoránach den Aontas, beidh an ceart céanna agat obair a dhéanamh agus tú i mbun staidéir agus atá ag náisiúnaigh na tíre ina bhfuil tú. Ní theastóidh cead oibre uait, fiú chun obair lánaimseartha a dhéanamh.
Warning
Cé go gceadaíonn roinnt tíortha duit líon neamhtheoranta uaireanta an chloig a dhéanamh in aghaidh na seachtaine, cuireann tíortha eile teorainneacha i bhfeidhm in aghaidh an téarma nó in aghaidh na bliana. Faigh tuilleadh eolais faoi bheith ag obair i dtír eile den Aontas.Cánacha agus slándáil shóisialta
Má tá cónaí ort i mBallstát eile ar feadh níos mó ná 6 mhí in aghaidh na bliana san iomlán, measfar mar chónaitheoir cánach thú. Dá bhrí sin, má oibríonn tú agus tú i mbun staidéir, beidh ort cánacha ioncaim agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc sa tír ina bhfuil tú i mbun staidéir.
D’fhéadfadh an tír ina ndéanann tú staidéar cáin a ghearradh freisin ar ioncam a thuilleann tú i dtír eile, mar shampla má fhaigheann tú post samhraidh i do thír thionscnaimh. B’fhéidir go mbeadh ort an t-ioncam sin a chur in iúl agus, i gcásanna áirithe, cáin a íoc air sa tír ina ndéanann tú staidéar.
Tabhair do d’aire go bhfuil comhaontuithe ag tíortha áirithe de chuid an Aontais chun cánachas dúbailte a sheachaint. Is de réir na gcomhaontuithe sin a dhéanfar an cinneadh, i gcásanna áirithe, cén tír ar cheart duit cáin a íoc léi.
Scéal samplach
Is mac léinn Ísiltíreach é Joost a bhog go dtí an Bheilg. Oibríonn sé go páirtaimseartha i mbialann ar chonradh faoi dhlí na Beilge. Baineann a fhostóir cánacha agus slándáil shóisialta óna thuarastal míosúil agus íocann sé ranníocaíochtaí ar a shon le húdaráis na Beilge.
Le linn laethanta saoire an tsamhraidh, oibríonn Joost go lánaimseartha ina bhaile dúchais san Ísiltír. Íocann a fhostóir ranníocaíochtaí ar a shon le húdaráis chánach na hÍsiltíre. Tá dhá rogha ag Joost, ar cónaitheoir cánach de chuid na Beilge é. Rogha amháin is ea aisíocaíocht a iarraidh ar údaráis na hÍsiltíre agus ansin na cánacha ioncaim atá i gceist a íoc sa Bheilg. An rogha eile is ea an t-ioncam a thuill sé agus na cánacha a d’íoc sé cheana san Ísiltír a dhearbhú agus lascaine cánach a fháil ó údaráis na Beilge. I gcás ar bith, seachnaíonn Joost cánachas dúbailte.