CBL – Cáin bhreisluacha

CBL a íoc sa tír ina bhfuil tú ag siopadóireacht

Mar dhuine príobháideach a bhíonn ag siopadóireacht san Aontas, níor cheart duit CBL a íoc ach aon uair amháin, sa tír ina ndéanann tú do cheannachán.

Is féidir leat aon rud a cheannaíonn tú i mBallstát eile a thabhairt abhaile, gan stopadh ag an teorainn ná dearbhú custaim a dhéanamh. Is é an t-aon choinníoll atá ann, ní mór do do cheannacháin a bheith ar mhaithe le d’úsáid phearsanta féin nó le haghaidh úsáid phearsanta do theaghlaigh, agus nach bhfuil sé beartaithe iad a athdhíol.

Aisíocaíochtaí CBL

Má tá cónaí ort lasmuigh den Aontas, tá tú i dteideal aisíocaíocht CBL a fháil ar earraí a cheannaigh tú le linn do thréimhse fanachta san Aontas má thaispeántar na hearraí do chustam ar imeacht duit laistigh de 3 mhí óna gceannach in éineacht leis na doiciméid aisíocaíochta CBL.

Níl an próiseas féin (i.e. an t-éileamh agus an aisíocaíocht) comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Ciallaíonn sin go bhféadfaidh tíortha an Aontais nósanna imeachta éagsúla a chur i bhfeidhm, ag brath ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil díoltóir an táirge agus/nó tríú páirtí (‘oibreoir aisíocaíochta CBL’) páirteach ann (tráth an cheannacháin nó ina dhiaidh).

Ní mór don údarás custaim gach éileamh a bhailíochtú (go digiteach nó go fisiciúil) sula bhfágfaidh tú an tAontas Eorpach. Bí ar an eolas go socraíonn roinnt tíortha íosluach ceannachán nó critéir eile chun cáiliú le haghaidh aisíocaíochta.

Siopadóireacht a dhéanamh ar líne ó thír eile den Aontas

Tá rialacha speisialta i bhfeidhm nuair a cheannaíonn tú earraí ó thír eile san Aontas lena seachadadh chuig do thír chónaithe. An chuideachta a cheannaíonn tú uaithi, má dhíolann sí earraí chuig do thír féin ar mó ná luach áirithe iad agus, i gcás ina seachadann sí na hearraí sin, ní féidir léi CBL a ghearradh sa tír a bhfuil sí bunaithe.

Ina ionad sin, ní mór di CBL a ghearradh sa tír ina seachadtar na hearraí – CBL cinn scríbe. Tá tairseach na ndíolachán trasteorann ar líne sin socraithe ag €10,000 do gach tír san Aontas. Ciallaíonn sin go mbeidh ar an gcuid is mó de na miondíoltóirí móra ar líne a sheachadann laistigh den Aontas an riail maidir le CBL cinn scríbe a chur i bhfeidhm.

Scéal samplach

Uaireanta féadfaidh tú ráta níos airde CBL a íoc

D’ordaigh Katrien, ón Ísiltír, leabhar ó mhiondíoltóir mór ar líne in Éirinn. Nuair a d’íoc sí as an ordú agus nuair a chuir sí isteach a seoladh baile, thug sí faoi deara go raibh an praghas imithe suas go tobann. Sheiceáil sí an chúis agus fuair sí amach gur ghearr an chuideachta CBL na hÍsiltíre uirthi ag ráta 9% in ionad CBL na hÉireann ag ráta 0% (tá rátaí CBL ar leith ag an dá thír i leith díolachán leabhar).

Is é €10,000 an uasteorainn atá ann le bheith in ann earraí a sheachadadh gan CBL áitiúil a íoc. Aon chuideachta a dhíol níos mó ná €10,000 in earraí le Ballstáit eile le linn na bliana airgeadais roimhe sin, ní mór di ráta CBL na tíre cinn scríbe a chur i bhfeidhm. An chuideachta a d’ordaigh Katrien a leabhar uaithi, seachadann sí go minic go dtí an Ísiltír agus, dá bhrí sin, ní mór di CBL na hÍsiltíre a ghearradh uirthi, cé go bhfuil a hordú á seoladh ó Éirinn.

Warning

Níl feidhm ag an riail sin maidir le hearraí athláimhe, saothair ealaíne, earraí inbhailithe ná seandachtaí.

Dleacht mháil

cheannaíonn tú táirgí tobac nó deochanna alcólacha ar líne ó thír eile den Aontas, beidh dleachtanna máil san áireamh sa phraghas, beag beann ar chainníocht na dtáirgí agus fiú más bronntanas iad na hearraí.

Is é an trádálaí atá freagrach as an dleacht mháil atá dlite sa tír is ceann scríbe den Aontas a íoc.

Dá bhrí sin, ba cheart duit a bheith ag súil go léireoidh an praghas ar na cineálacha earraí sin costas na dleachta máil. Má tá an praghas an-íseal, déan cinnte go ndéanann tú seiceáil leis an díoltóir má íocadh an dleacht sula ndéanann tú do cheannachán. Mura bhfuil an dleacht mháil íoctha ag an díoltóir, is féidir le custam do chuid earraí a ghabháil ar theacht isteach dóibh nó b’fhéidir go mbeidh ort an dleacht mháil a íoc tú féin. Ba cheart duit a chinntiú i gcónaí go n-íocfaidh an díoltóir an dleacht mháil is gá sa tír den Aontas is ceann scríbe.

Warning

Má cheannaíonn tú earraí ar líne ó lasmuigh den Aontas, bíonn CBL, custam agus dleacht mháil dlite i gcónaí.

CBL ar sheirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus leictreonacha

I gcás seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta nó leictreonacha, tá feidhm ag na rialacha CBL céanna agus atá i bhfeidhm maidir le hearraí. Má dhíolann an chuideachta níos mó ná €10,000 in aghaidh na bliana le Ballstáit eile, gearrtar CBL sa tír ina gcónaíonn tú mar cheannaitheoir (an tír ina bhfuil tú bunaithe, ina bhfuil do sheoladh buan nó ina bhfuil ghnáthchónaí ort), agus ní sa tír ina bhfuil an soláthraí cláraithe. Tá feidhm ag na rialacha sin maidir le seirbhísí a cheannaítear laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.

Scéal samplach

Is ón tír chónaithe de ghnáth a thagann CBL ar ábhar digiteach

Is sa tSualainn a chónaíonn Senta, agus is minic a cheannaíonn sí ríomhleabhair ó mhórdhíoltóir leabhar ar líne de chuid na Fionlainne. Ní mór don soláthróir Fionlannach CBL na Sualainne, seachas CBL na Fionlainne, a ghearradh uirthi.

Eisceachtaí i gcás seirbhísí eile a cheannaítear ar líne

Nuair a cheannaíonn tú seirbhísí ar líne ó thrádálaí atá bunaithe san Aontas, íocann tú ráta CBL na tíre ina bhfuil an trádálaí bunaithe. Tá feidhm ag an riail sin freisin má tá cónaí ort i dtír san Aontas nach ionann é agus an trádálaí.

Scéal samplach

CBL a íoc sa tír ina bhfuil an trádálaí bunaithe

Tá cuideachta comhairliúcháin á reáchtáil ag Joao atá lonnaithe i Liospóin. Cuireann sé seirbhísí comhairliúcháin ar fáil do dhuine príobháideach a bhfuil cónaí air i gCóbanhávan. Toisc go bhfuil cuideachta Joao cláraithe sa Phortaingéil, ní mór dó CBL na Portaingéile a ghearradh ar a chustaiméir sa Danmhairg.

Mar sin féin, tá roinnt eisceachtaí ann maidir leis an riail sin. Is iad seo a leanas cuid de na heisceachtaí is coitianta:

  • Seirbhísí a chuireann idirghabhálaí ar fáil: Gearrtar CBL sa tír ina ndéantar an príomh-idirbheart leis an idirghabhálaí. Mar shampla, más mian le húinéir teachín samhraidh sa Fhrainc roinnt troscán a bhogadh go dtí a teach sa tSualainn agus iarrann sí ar idirghabhálaí cuideachta a aimsiú a thabharfaidh aire don aistriú. Beidh CBL na Fraince dlite ar tháille coimisiúin an idirghabhálaí toisc go dtarlaíonn an príomhsholáthar (i.e. iompar earraí idir 2 thír den Aontas) ag an bpointe imeachta.
  • Gearrtar cáin ar sheirbhísí atá nasctha le maoin dhochorraithe san áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe. Mar shampla, má tá ailtire atá lonnaithe sa Fhrainc fostaithe chun teach a dhearadh sa Spáinn. Beidh táille an ailtire faoi réir CBL na Spáinne.
  • Gearrtar cáin ar iompar paisinéirí de réir an achair a chumhdaítear. Mar shampla, má áirítear CBL na Polainne, na Gearmáine agus na Fraince, i gcomhréir leis an bhfad a chumhdaítear i ngach tír, i bpraghas ticéid bhus le haghaidh turas ón bPolainn go dtí an Fhrainc tríd an nGearmáin. Má thaistealaíonn an bus tríd an Eilvéis freisin, ní bheidh aon CBL AE ar an gcuid sin den turas, toisc nach tír den Aontas í an Eilvéis.
  • Gearrtar cáin ar sheirbhísí bialainne agus lónadóireachta (seachas na seirbhísí sin ar bord long, aerárthaí nó traenacha) san áit a gcuirtear na seirbhísí i gcrích go fisiciúil. Mar shampla, má sholáthraíonn cuideachta atá lonnaithe i Lucsamburg an bia agus na deochanna le haghaidh imeacht i bhFlórans. Ní mór don chuideachta CBL na hIodáile a ghearradh.

Tabhair do d’aire nach liosta uileghabhálach é seo.

Eisceacht i gcás carranna

I gcás carranna nua a cheannaítear i mBallstát eile, íoctar CBL sa tír ina n-iompórtálann tú do charr agus ina gcláraíonn tú é (do thír chónaithe). Tá feidhm ag an scéim CBL sin freisin maidir le modhanna iompair nua eile, amhail gluaisrothair mhóra, báid agus aerárthaí.

Faigh tuilleadh eolais faoi CBL a íoc nuair a cheannaíonn tú feithicil i dtír eile den Aontas.

FAQs

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 30/04/2024
Share this page