Cearta paisinéirí loinge
Cearta i gcás moilleanna agus cealuithe
Is iondúil go mbíonn feidhm ag rialacha an Aontais maidir le cearta paisinéirí loinge nuair a thaistealaíonn tú ar fhormhór na mbád farantóireachta agus na long chúrsála ar muir nó ar uiscebhealaí intíre (aibhneacha, lochanna nó canálacha) sna cásanna seo a leanas:
- imíonn tú ó chalafort de chuid an Aontais
- téann tú chuig calafort san Aontas ó chalafort lasmuigh den Aontas, agus tá an tseirbhís á hoibriú ag cuideachta iompair de chuid an Aontais
- imíonn tú ó chalafort de chuid an Aontais ar chúrsáil phléisiúir/áineasa agus cuirtear cóiríocht ar fáil in éineacht le saoráidí eile, agus caitheann tú níos mó ná 2 oíche ar bord.
Níl feidhm ag na rialacha seo maidir le:
- longa ar féidir leo suas le 12 phaisinéir a iompar
- longa nach bhfuil níos mó ná 3 bhall criú orthu
- longa a chumhdaíonn fad achair is lú ná 500 méadar - treo amháin
- formhór na long stairiúil
- longa turais agus fámaireachta – mura bhfuil áiseanna lóistín orthu nó murar faide an fanacht thar oíche ná 2 oíche ar bord.
Le linn do thurais, ní mór don oibreoir eolas soiléir ceart a chur ar fáil faoin tseirbhís agus faoi do chearta paisinéirí, cuir i gcás coinníollacha rochtana do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ba cheart an t-eolas sin a bheith ar fáil freisin i bhformáid atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Cearta i gcás teagmhais ar muir
I gcás teagmhais ar muir, tá tú féin, do bhagáiste, d’fheithicil agus, más ábhartha, do threalamh soghluaisteachta cumhdaithe ag rialacha an Aontais freisin. Leagtar amach sna rialacha sin freisin dliteanais an iompróra ina leith sin. Féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le turais farraige intíre chomh maith le gach turas idirnáisiúnta sna cásanna seo a leanas:
- tá an long cláraithe i mBallstát den Aontas
- tugadh an conradh turais i gcrích i dtír den Aontas
- imíonn an long agus/nó tagann sí isteach i gcalafort de chuid an Aontais
Sula dtaistealaíonn tú, ní mór don iompróir eolas soiléir iomchuí a chur ar fáil duit faoi do chearta má cheannaíonn tú do thicéad i dtír den Aontas nó ar imeacht duit ar a dhéanaí má fhágann tú ó thír nach tír den Aontas í.
Cad a chuaigh amú?
- Cuireadh trasnú do loinge ar ceal
- Cuireadh moill ar thrasnú do loinge tráth an imeachta
- Bhí moill ar do long nuair a tháinig sí
- Cailleadh do bhagáiste, bhí moill air nó rinneadh damáiste dó le linn turas ar muir
- Gortaíodh thú i dteagmhas ar muir
- Is cleithiúnaí d’íospartach teagmhais mharfaigh ar muir thú
- Níor urramaíodh do chearta mar phaisinéir faoi mhíchumas nó mar phaisinéir a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe
Conas do chearta a éileamh?
Cuireadh trasnú do loinge ar ceal
Má chuirtear an bád farantóireachta nó an chúrsáil atá curtha in áirithe agat ar ceal, ní mór don iompróir nó don chomhlacht a bhainistíonn an críochfort tú a chur ar an eolas faoi na hamanna imeachta agus teachta measta nua a luaithe a bheidh an t-eolas sin ar fáil. Má chuirtear an tseirbhís ar ceal, ní mór don iompróir rogha a thairiscint duit idir:
- aisíocaíocht ar do thicéad laistigh de 7 lá agus, i gcás inar gá, turas fillte saor in aisce ar ais go dtí do chéad phointe imeachta, mar shampla, más rud é nach féidir leat cuspóir do thurais a bhaint amach de bharr an chealaithe sin
nó
- athródú faoi choinníollacha inchomparáide chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir gan aon chostas breise
Má roghnaíonn tú athródú, d’fhéadfadh sé go mbeadh an ceart chun cúitimh agat freisin má bhaineann tú do cheann scríbe deiridh amach go mall.
Warning
Níl feidhm ag an gceart rogha a dhéanamh idir aisíocaíocht agus athródú maidir le paisinéirí atá ag taisteal ar chúrsáil.
Má chailleann tú nascsheirbhís iompair mar gheall ar chealú, ní mór don iompróir iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun tú a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha. Níl feidhm aige sin má tá tú ag taisteal ar chúrsáil.
Tá tú i dteideal cúnamh a fháil freisin sna foirmeacha seo a leanas:
- sneaiceanna, béilí nó sóláistí, i gcomhréir leis an am feithimh, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil nó gur féidir iad a sholáthar go réasúnta ar an long nó sa chríochfort
- cóiríocht ar bord nó ar tír más gá duit fanacht thar oíche chomh maith le hiompar chuig do chóiríocht agus filleadh ar an gcríochfort. Féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta ar tír a theorannú go €80 in aghaidh na hoíche ar feadh 3 oíche ar a mhéad.
Níl tú i dteideal lóistín más drochaimsir ba chúis leis an gcealú.
Cuireadh moill ar thrasnú do loinge tráth an imeachta
Má chuirtear moill ar an mbád farantóireachta nó ar an gcúrsáil atá curtha in áirithe agat, ní mór don iompróir nó don chomhlacht a bhainistíonn an críochfort tú a chur ar an eolas faoi na hamanna imeachta agus teachta measta nua a luaithe a bheidh an t-eolas sin ar fáil.
Má chuirtear moill níos mó ná 90 nóiméad ar an tseirbhís, tairgfear rogha duit idir:
- aisíocaíocht ar do thicéad laistigh de 7 lá agus, i gcás inar gá, turas fillte saor in aisce ar ais go dtí do chéad phointe imeachta, mar shampla, más rud é nach féidir leat cuspóir do thurais a bhaint amach de dheasca na moille sin
nó
- athródú faoi choinníollacha comhchosúla chuig do cheann scríbe deiridh a luaithe is féidir gan aon chostas breise
Warning
Níl feidhm ag an gceart rogha a dhéanamh idir aisíocaíocht agus athródú maidir le paisinéirí atá ag taisteal ar chúrsáil.
Má chailleann tú nascsheirbhís iompair mar gheall ar mhoill, ní mór don iompróir iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun tú a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha. Níl feidhm aige sin má tá tú ag taisteal ar chúrsáil.
Tá tú i dteideal cúnamh a fháil freisin sna foirmeacha seo a leanas:
- sneaiceanna, béilí nó sóláistí, i gcomhréir leis an am feithimh, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil nó gur féidir iad a sholáthar go réasúnta ar an long nó sa chríochfort
- cóiríocht ar bord nó ar tír más gá duit fanacht thar oíche chomh maith le hiompar chuig do chóiríocht agus filleadh ar an gcríochfort. Féadfaidh an t-iompróir costas iomlán na cóiríochta ar tír a theorannú go €80 in aghaidh na hoíche ar feadh 3 oíche ar a mhéad.
Níl tú i dteideal lóistín más drochaimsir ba chúis leis an moill ar imeacht.
Bhí moill ar do long nuair a tháinig sí
Má bhaineann tú do cheann scríbe amach go mall, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúitimh. Ríomhtar an méid a fhaigheann tú de réir fhad na moille, is é 25 % de phraghas an ticéid an t-íosmhéid cúitimh agus is é 50 % de phraghas an ticéid an t-uasmhéid.
| Fad an turais sceidealta | Cúiteamh 25 % de phraghas an ticéid (an t-íosmhéid) | Cúiteamh 50 % de phraghas an ticéid |
|---|---|---|
| Suas le 4 uair an chloig | Moill 1 uair an chloig ar a laghad | Moill 2 uair an chloig ar a laghad |
| Moill níos faide ná 4 n-uair an chloig ach nach faide ná 8 uair an chloig | Moill 2 uair an chloig ar a laghad | Moill 4 uair an chloig ar a laghad |
| Moill níos faide ná 8 n-uair an chloig ach nach faide ná 24 uair an chloig | Moill 3 uair an chloig ar a laghad | Moill 6 uair an chloig ar a laghad |
| Moill níos faide ná 24 uair an chloig | Moill 6 uair an chloig ar a laghad | Moill 12 uair an chloig ar a laghad |
Ní mór don oibreoir an cúiteamh sin a íoc laistigh de mhí amháin tar éis d’iarratas a fháil.
Warning
Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil más drochaimsir nó cúinsí eisceachtúla, mar shampla tubaistí nádúrtha (dóiteáin nó creathanna talún) nó bagairtí slándála, ba chúis leis an moill, rud nach bhféadfaí a sheachaint fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta.
Níl feidhm ag an gceart chun cúitimh maidir le paisinéirí atá ag taisteal ar chúrsáil.
Cailleadh do bhagáiste, bhí moill air nó rinneadh damáiste dó mar gheall ar theagmhas ar muir
Má chailltear do bhagáiste nó d’fheithicil, má tá moill orthu nó má dhéantar damáiste dóibh mar gheall ar theagmhas loingseoireachta, tá sé de cheart agat cúiteamh suas le €2,700 a fháil ón iompróir i gcás bagáiste cábáin agus €15,500 i gcás d’fheithicle - cumhdaíonn sé sin aon bhagáiste san fheithicil. Níl tú i dteideal cúitimh más féidir leis an iompróir a chruthú nach raibh locht air. I gcás caillteanas earraí luachmhara eile nó i gcás ina ndéantar damáiste dóibh (mar shampla airgead, seodra, saothair ealaíne, etc.) tá tú i dteideal cúiteamh de thart ar €4,100 ar an gcoinníoll gur chuir tú i dtaisce leis an iompróir iad le go gcoimeádfaí slán iad.
Má dhéantar damáiste do do chathaoir rothaí nó má chailltear í, tá tú i dteideal cúiteamh a fháil chun an costas a bhaineann lena hathsholáthar nó lena deisiú a chumhdach.
Warning
Tá feidhm ag rialacha speisialta maidir le caillteanas airgid, urrús soshannta, óir, earraí airgid, seodra, ornáidí, saothar ealaíne, nó earraí luachmhara eile nó maidir le damáiste a dhéanamh dóibh.
Gortaíodh thú i dteagmhas ar muir
Má ghortaítear thú i dteagmhas ar muir, tá tú i dteideal cúiteamh suas le huasmhéid €300,000 a fháil ón iompróir nó óna árachóir. I gcásanna inar mó an caillteanas nó an damáiste ná an méid sin, féadfar an cúiteamh a mhéadú go huasteorainn de thart ar €490,000. Tá sé de cheart agat freisin réamhíocaíocht a fháil, i gcomhréir leis an damáiste a fulaingíodh, chun aon riachtanais láithreacha a chumhdach más longbhriseadh, iompú bunoscionn, imbhualadh, tráchur na loinge, pléascadh nó dóiteán ar an long, nó fabht sa long ba chúis leis an díobháil a rinne tú.
Warning
Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil más féidir leis an iompróir a chruthú gur cúinsí eisceachtúla, mar shampla tubaistí nádúrtha nó bagairtí slándála, nach raibh neart aige orthu, ba chúis leis an teagmhas.
Is cleithiúnaí thú d’íospartach teagmhais mharfaigh ar muir
Más cleithiúnaí thú d’íospartach teagmhais mharfaigh ar muir, tá sé de cheart agat cúiteamh suas le huasmhéid €300,000 a fháil ón iompróir nó óna árachóir. I gcásanna áirithe, féadfar an cúiteamh a mhéadú go huasteorainn de thart ar €490,000. Tá sé de cheart agat freisin réamhíocaíocht nach lú ná €21,000 a fháil chun aon riachtanais láithreacha a chumhdach más longbhriseadh, iompú bunoscionn, imbhualadh, tráchur na loinge, pléascadh nó tine ar an long nó fabht sa long ba chúis le bás an íospartaigh.
Warning
Níl tú i dteideal cúiteamh a fháil más féidir leis an iompróir a chruthú gur cúinsí eisceachtúla, mar shampla tubaistí nádúrtha nó bagairtí slándála, nach raibh neart aige orthu, ba chúis leis an teagmhas.
Gearáin a bhaineann le cearta paisinéirí loinge
Má cheapann tú nár urramaíodh do chearta, ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an iompróir nó leis an oibreoir críochfoirt laistigh de 2 mhí tar éis na seirbhíse sceidealta ar tharla an fhadhb lena linn. Ní mór don iompróir freagairt laistigh de mhí amháin agus freagra deiridh a thabhairt duit tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis do ghearán a fháil. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, is féidir leat gearán a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta ábhartha en i do thír féin. Ba cheart don údarás náisiúnta tuairim dhlíthiúil neamhcheangailteach a thabhairt duit maidir le conas dul ar aghaidh le d’éileamh.
Is féidir leat iarracht a dhéanamh do dhíospóid a réiteach trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta lasmuigh den chúirt nó as eintiteas um réiteach malartach díospóide. Is do chónaitheoirí an Aontais Eorpaigh atá réiteach malartach díospóide ar fáil, agus dóibhsean amháin.
B’fhéidir gur mhian leat dul i muinín caingean dlí foirmiúil agus éileamh ar chúiteamh a chur isteach faoi rialacha an Aontais trí úsáid a bhaint as an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Féadfaidh tú an t-ábhar a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa tír ina bhfuil an iompróir cláraithe chomh maith. Na teorainneacha ama maidir le caingean a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta i gcoinne iompróra, sainítear iad i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le teorannú caingne i ngach tír den Aontas.
Féadfaidh tú dul i gcomhairle freisin le do Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí áitiúil chun cabhair agus comhairle a fháil faoi fhadhbanna a bhaineann le cearta paisinéirí loinge.
Éilimh a bhaineann le teagmhais ar muir
Bagáiste agus feithiclí a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dó
Má chailltear nó má dhéantar damáiste do bhagáiste cábáin nó d’fheithicil mar gheall ar theagmhas loingseoireachta, ní mór duit an t-iompróir nó a ghníomhaire a chur ar an eolas i scríbhinn. Go hidéalach, ba cheart duit é sin a dhéanamh sula bhfágann tú an long, nó nuair a sheachadtar do bhagáiste ar deireadh. Ar a dhéanaí, ní mór duit an t-iompróir a chur ar an eolas laistigh de 15 lá tar éis duit an long a fhágáil nó tar éis do bhagáiste a bheith seachadta, nó caillfidh tú do cheart chun cúitimh.
Ní mór duit d’éileamh a thabhairt os comhair na gcúirteanna laistigh de 2 bhliain ón dáta a d’fhág tú an long nó 2 bhliain ón dáta ar cheart duit é a fhágáil -cibé dáta is déanaí.
Is féidir leat éileamh ar chúiteamh as aon chaillteanas nó damáiste de dheasca teagmhais ar muir a chur faoi bhráid cúirte:
- sa tír ina bhfuil príomháit ghnó an iompróra nó ina bhfuil an t-iompróir lonnaithe go príomha, nó
- san áit imeachta nó sa cheann scríbe atá agat, nó
- san áit a bhfuil buanchónaí ort, má tá áit ghnó ag an iompróir ansin agus má tá sé faoi réir dhlínse na tíre sin, nó
- san áit inar tugadh an conradh taistil i gcrích, má tá áit ghnó ag an iompróir ansin agus má tá sé faoi réir dhlínse na tíre sin.