Caingean dlí do thomhaltóirí
Má cheapann tú gur sáraíodh do chearta mar thomhaltóir san Aontas agus más mian leat caingean dlí a thionscnamh, tá roinnt roghanna ar fáil duit. Ina measc sin tá nós imeachta cúirte, caingean ionadaíoch, nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga agus sásraí simplithe um éilimh thrasteorann, mar atá an t-ordú íocaíochta Eorpach.
Nós imeachta cúirte
Má chreideann tú gur sáraíodh do chearta faoi dhlí an Aontais agus má chinneann tú nós imeachta cúirte a thionscnamh. Má dhéanann tú amhlaidh, tá tú i dteideal:
- éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de theorainn ama réasúnach os comhair cúirt neamhspleách neamhchlaonta,
- seirbhísí dlíodóra chun comhairle a chur ort, tú a chosaint agus ionadaíocht a dhéanamh duit.
Fiú má tá an soláthraí seirbhíse nó an trádálaí lonnaithe i dtír eile, is féidir leat éisteacht a fháil do do chás i do thír féin má tá an chuideachta gníomhach ar bhonn tráchtála nó ar bhonn gairmiúil i do thír féin nó i leith do thíre.
Mura bhfuil tú in ann íoc as caingean dlí fhoirmiúil, ba cheart go mbeifeá i dteideal cúnamh dlíthiúil. Ní mór duit an fhoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv i dtír eile den Aontas a líonadh isteach agus í a chur faoi bhráid na cúirte mar a bhfuil tú. Ansin seolfaidh sí ar aghaidh í chuig an gcúirt inniúil sa tír eile den Aontas.
Warning
Má chreideann tú go bhfuil tú ar dhuine de ghrúpa tomhaltóirí a bhfuil údar imní orthu faoin gcleachtas neamhdhleathach céanna, d’fhéadfadh sé go mbeifeá in ann páirt a ghlacadh i gcaingean ionadaíoch.
Caingean ionadaíoch (gníomhaíocht chomhchoiteann)
Má sáraíodh do chearta tomhaltóirí agus má tá an fhadhb chéanna ag go leor tomhaltóirí, is féidir le heintitis cháilithe (eagraíochtaí tomhaltóirí, mar shampla) dul chun na cúirte thar do cheann nó ar a dtionscnamh féin. ‘Caingean ionadaíoch’ a thugtar ar an gcineál seo gníomhaíochta comhchoitinne.
Is féidir leis na heintitis cháilithe sin bearta urghaire a lorg (amhail iallach a
chur ar an trádálaí deireadh a chur leis an ngníomhaíocht neamhdhleathach) agus sásamh
a lorg (amhail cúiteamh, aisíocaíocht nó deisiú) in aghaidh trádálaí de réir mar is
iomchuí don chás sonrach. Féadfaidh eintiteas cáilithe ionadaíocht a dhéanamh, i gcás
dlíthiúil amháin, do thomhaltóirí óna thír féin nó do na tomhaltóirí uile a bhfuil
údar imní orthu faoin gcleachtas neamhdhleathach céanna ó thíortha uile an Aontais.
Má cheapann tú go bhfuil tú ar dhuine den iliomad tomhaltóirí atá thíos le cleachtas neamhdhleathach trádálaí:
- déan teagmháil le ceann de na heintitis cháilithe i do thír féin en,
- déan a sheiceáil leis an eintiteas an bhfuil caingean ionadaíoch ar siúl faoi láthair a bhféadfadh baint a bheith aici leat,
- déan a sheiceáil conas is féidir leat páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht sin.
Faigh tuilleadh eolais faoi chaingne ionadaíocha.
An Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga
Cén uair ba cheart é a úsáid?
Is féidir leat an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a úsáid chun éileamh a dhéanamh i gcoinne duine, eagraíocht nó gnólacht atá lonnaithe i dtír eile den Aontas ar luach uasta €5,000.
Warning
Níl an nós imeachta sin ar fáil i gcás na n-éileamh sa Danmhairg.
Is féidir leat an nós imeachta a úsáid chun aisíocaíocht a éileamh i leith earraí nó seirbhísí. Mar shampla, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar tháirge lochtach a cheannaigh tú i dtír eile den Aontas, nó a cheannaigh tú ar líne ó dhuine a bhfuil cónaí air i dtír eile den Aontas. Ní gá duit dlíodóir a úsáid chun éileamh a chur isteach.
Bíodh a fhios agat nach gcumhdaítear roinnt ábhair shibhialta agus thráchtála leis an nós imeachta, ina measc sin:
- ábhair ioncaim, chustaim nó riaracháin
- cearta teaghlaigh a eascraíonn as pósadh (amhail cothabháil), uachtanna agus comharbais
- teidlíochtaí slándála sóisialta agus fostaíochta
- dliteanas an stáit
Conas éileamh a dhéanamh
Den chuid is mó, is nós imeachta i scríbhinn é an Nós Imeachta um Éilimh Bheaga. Chun éileamh a dhéanamh, ní mór duit foirm A bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl a líonadh isteach agus aon doiciméad a fhéadfaidh tacú le d’éileamh a chur isteach. Nuair a bheidh an fhoirm líonta isteach agat ba cheart duit í a sheoladh, in éineacht le haon doiciméad tacaíochta, amhail admhálacha nó sonraisc, chuig cúirt inniúil i do thír bhaile nó sa tír eile den Aontas lena mbaineann.
Aimsigh cúirt inniúil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl agus seiceáil na rialacha i dtír bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv na cúirte maidir le conas d’éileamh a chur isteach.
Warning
Cuimhnigh nach féidir níos mó ná €5,000 a bheith sa mhéid a éilítear, gan ús ná speansais a áireamh.
A luaithe a gheobhaidh an chúirt d’éileamh, déanfaidh sí an fhoirm agus na doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus cinnfidh sí an bhfuil d’éileamh laistigh de raon feidhme an nós imeachta. Féadfaidh siad a iarraidh ort foirm B bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl a líonadh isteach má tá aon eolas riachtanach in easnamh.
Má tá do chás inghlactha faoin Nós Imeachta um Éilimh Bheaga, rachaidh an chúirt i dteagmháil leis an gcosantóir (an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh agat ina aghaidh). Tá 30 lá ag an gcosantóir chun freagra a thabhairt.
Laistigh de 30 lá tar éis don chúirt freagra a fháil ón gcosantóir (má chinneann sé freagra a thabhairt), déanfaidh sí ceann de na gníomhartha seo a leanas:
- breithiúnas a thabhairt i leith d’éilimh,
- tuilleadh sonraí i scríbhinn a iarraidh ort féin nó ar an gcosantóir, nó
- iarraidh ort freastal ar éisteacht.
Conas é a fhorfheidhmiú
Aithnítear cinneadh na cúirte go huathoibríoch i dtíortha eile den Aontas. Mar sin féin, mura gcomhlíonann an cosantóir an cinneadh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis forfheidhmiúcháin ina thír féin.
Beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- cóip bhunaidh den bhreithiúnas,
- an deimhniú breithiúnais (ar a dtugtar foirm D bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl freisin), agus d’fhéadfadh sé gur ghá é a aistriú.
Déanfaidh na húdaráis forfheidhmiúcháin an cinneadh a fhorfheidhmiú de réir na rialacha náisiúnta.
Costas an nós imeachta
De ghnáth, beidh ort táille chúirte bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv a íoc, rud a aisíocfar más rud é go n-éireoidh le do chás. Braitheann an méid a íocann tú ar thír na cúirte.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar an Tairseach Eorpach um Ríomhsheirbhísí Ceartais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Ordú Íocaíochta Eorpach (ordú maidir le nós imeachta íocaíochta)
Cén uair ba cheart é a úsáid?
Is féidir leat an tOrdú Íocaíochta Eorpach a úsáid chun éilimh airgeadaíochta a aisghabháil i dtír eile den Aontas. Is le héilimh shibhialta agus thráchtála gan chonspóid a bhaineann sé, mar shampla, i gcás ina bhfuil éileamh réitithe cheana féin sa chúirt agus é comhaontaithe ag an bhféichiúnaí.
Warning
Níl an nós imeachta sin ar fáil i gcás na n-éileamh sa Danmhairg.
Conas éileamh a dhéanamh
Is nós imeachta i scríbhinn amháin atá an tOrdú Íocaíochta Eorpach, mar sin ní gá duit dul chun na cúirte chun é a úsáid.
Chun tús a chur leis an nós imeachta, ní mór duit foirm A bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl a líonadh isteach ar dtús, agus ní mór sonraí na bpáirtithe lena mbaineann, cineál agus méid d’éilimh a chur ar fáil. Nuair a bheidh an fhoirm líonta isteach agat, ba cheart duit í a sheoladh chuig cúirt inniúil bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Déanfaidh an chúirt d’éileamh a sheiceáil ansin. Má tá do chás inghlactha faoin nós imeachta um Ordú Íocaíochta Eorpach, eiseoidh an chúirt an tOrdú Íocaíochta Eorpach faoi cheann 30 lá.
Warning
San Ungáir, is nótairí a eisíonn an tOrdú Íocaíochta Eorpach, ach i ngach Ballstát eile is iad na cúirteanna a eisíonn é.
Conas é a fhorfheidhmiú
A luaithe a fhaigheann an féichiúnaí (an duine óna bhfuil tú ag éileamh an airgid) an tOrdú Íocaíochta Eorpach, tá 30 lá aige chun glacadh le d’éileamh nó cur ina aghaidh.
Má chuireann an féichiúnaí in aghaidh an Ordaithe Íocaíochta Eorpaigh, aistreofar do chás chuig na gnáthchúirteanna sibhialta agus déileálfar leis faoin dlí náisiúnta. Mura gcuireann sé in aghaidh an éilimh, beidh an tOrdú Íocaíochta Eorpach in-fhorfheidhmithe go huathoibríoch.
Chun an t-ordú a fhorfheidhmiú, ní mór duit cóip den Ordú Íocaíochta Eorpach, agus an t-aistriúchán a ghabhann leis más gá, a sheoladh chuig na húdaráis forfheidhmiúcháin sa tír ábhartha den Aontas.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin Ordú Íocaíochta Eorpach ar an Tairseach Eorpach um Ríomhsheirbhísí Ceartais bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.