Árachas creidmheasa easpórtála
Cad is árachas creidmheasa easpórtála ann?
Cabhraíonn árachas creidmheasa easpórtála le heaspórtálaithe íocaíochtaí agus conarthaí tráchtála le ceannaitheoirí eachtracha a urrú agus leanúint de bheith iomaíoch i margaí idirnáisiúnta tríd an easpórtálaí nó an institiúid airgeadais a mhaoiníonn an t-idirbheart a chosaint. Cumhdaítear leis rioscaí tráchtála (mar shampla féimheacht, dócmhainneacht, nó íocaíochtaí déanacha) agus rioscaí polaitiúla (mar shampla cogadh, smachtbhannaí, nó aistrithe airgeadra blocáilte).
Níl an t-árachas creidmheasa easpórtála éigeantach san Aontas, ach i gcleachtas, d’fhéadfadh páirtithe leasmhara, mar shampla bainc nó infheisteoirí, é a dhéanamh riachtanach chun a riosca a laghdú má infheistíonn siad i ngnó easpórtála. Rialaítear le dlí an Aontais an dóigh a dtairgtear árachas creidmheasa easpórtála.
An dóigh a n-oibríonn árachas creidmheasa easpórtála
Nuair a dhíolann gnólacht earraí lasmuigh den Aontas, is minic a íocann an ceannaitheoir níos déanaí faoi chreidmheas. Chun laghdú a dhéanamh ar an mbaol go mbeadh fadhb ann leis an íocaíocht, is féidir le gnólacht árachas creidmheasa easpórtála a fháil. Má íocann an ceannaitheoir in am, ní tharlaíonn aon rud. Ach mura n-íocann an ceannaitheoir mar gheall ar dhócmhainneacht, teagmhais pholaitiúla nó fadhbanna eile, glacann an t-árachóir páirt agus aisíocann sé an chuid is mó den chaillteanas, thart ar 80-95% den idirbheart de ghnáth. Tá dhá chineál árachais creidmheasa easpórtála ann: árachas príobháideach agus árachas le taca rialtas.
Árachas príobháideach creidmheasa easpórtála san Aontas
Is iad na cuideachtaí árachais tráchtála a chuireann árachas príobháideach creidmheasa easpórtála ar fáil, agus úsáidtear é go príomha le haghaidh idirbhearta trádála gearrthéarmacha, suas le 2 bhliain de ghnáth. Cosnaíonn sé easpórtálaithe ar rioscaí ceannaitheora coiteanna, amhail:
- dócmhainneacht;
- féimheacht;
- íocaíocht dhéanach.
Tá sé ar fáil go forleathan le haghaidh easpórtáil laethúil earraí. Sainmhínítear na rioscaí indíolta sin i ndáil le margaí sábháilte forbartha ina meastar na hárachóirí príobháideacha a bheith in ann cumhdach a sholáthar. Oibríonn árachóirí príobháideacha gan bhac i margadh an Aontais faoi chreat ginearálta dhlí árachais an Aontais. De ghnáth, ní féidir na rioscaí sonracha sin a árachú le scéimeanna le taca rialtais, toisc go gcumhdaítear le rialacha éagsúla iad.
Árachas creidmheasa easpórtála le taca rialtais san Aontas
Is iad na gníomhaireachtaí creidmheasa easpórtála stáit en a sholáthraíonn nó a ráthaíonn árachas creidmheasa easpórtála le taca rialtais. Cumhdaíonn an t-árachas sin dhá chineál, mar atá: easpórtálacha meántéarmacha agus fadtéarmacha, lena mbaineann téarmaí aisíocaíochta 2 bhliain nó níos faide. Is minic a bhíonn easpórtáil mheántéarmach agus fhadtéarmach nasctha le tionscadail mhóra chasta amhail orduithe aerárthaí nó bonneagar. Murab ionann agus árachóirí príobháideacha, cumhdaíonn na gníomhaireachtaí creidmheasa easpórtála stáit rioscaí polaitiúla agus tráchtála nach gcumhdófaí leis an margadh príobháideach, mar shampla
- cogadh,
- smachtbhannaí,
- srianta ar aistriú airgeadra.
Meastar gur margaí ardriosca iad sin a bhíonn an earnáil phríobháideach a sheachaint de ghnáth. Tá tacaíocht le taca rialtais faoi réir rialacha an Aontais maidir le státchabhair. Ina theannta sin, maidir le heaspórtálacha meántéarmacha agus fadtéarmacha, tá feidhm ag an gcreat idirnáisiúnta ar a dtugtar ‘Socrú ECFE’, lena soláthraítear comhthuiscint maidir le creidmheasanna easpórtála a úsáid agus lena gcinntítear cothrom na Féinne i measc a 11 rannpháirtí (an tAontas san áireamh) (ar a dtugtar ‘sínitheoirí’ freisin). Cé gur ceapadh mar shraith treoirlínte é, tá an socrú éigeantach do thíortha an Aontais.
Warning
Bí cinnte go ndéanann tú a sheiceáil an gníomhaireacht creidmheasa easpórtála oifigiúil nó árachóir ceadúnaithe de chuid an Aontais é an soláthraí.Ní mór do sholáthraithe príobháideacha a bheith ceadúnaithe mar árachóirí i dtír den Aontas agus feidhmiú faoi rialacha sócmhainneachta an Aontais. Is féidir leat é sin a sheiceáil trí do rialtóir árachais náisiúnta (e.g. BaFin sa Ghearmáin, ACPR sa Fhrainc).
Scéal samplach
Turas easpórtála Anna
Reáchtálann Anna déantóir beag soilsithe tionsclaíocha LED sa Ghearmáin a easpórtálann chuig dáileoirí meánmhéide ar fud na hEorpa agus na hAfraice Thuaidh. Thosaigh sí trí mhapáil a dhéanamh ar na ceannaitheoirí lena n-oibríonn sí agus ar na tíortha ina bhfuil siad lonnaithe. Nuair a rith sé léi gur lastais fhadtéarmacha iad an chuid is mó dá díolacháin, lorg sí meastacháin ó árachóirí príobháideacha agus sheiceáil sí an bhféadfadh gníomhaireacht creidmheasa easpórtála na Gearmáine cuidiú a thabhairt i gcás margaí a bhféadfadh riosca níos mó a bheith ag baint leo de réir mar a leathnaíonn sí a gnó. Rinne Anna iarratas ar líne ar an bpolasaí ab fhearr a d’oir do riachtanais na gconarthaí easpórtála a bhí i bhfeidhm aici. Is féidir léi easpórtáil anois agus níos mó slándála aici, agus leathnú isteach i margaí nua nach mbeadh rochtain orthu gan tacaíocht oifigiúil murach sin.
Féach leat conas a oibríonn árachas creidmheasa easpórtála i do thír féin: