Cuardaitheoirí poist - cearta cónaithe
Mar náisiúnach den Aontas, tá sé de cheart agat dul chun cónaithe agus obair a lorg i mBallstát eile den Aontas.
Má bhí tú ag obair i mBallstát eile agus má chailleann tú do phost, nó má tá tú féinfhostaithe agus mura bhfuil obair agat, is féidir leat do cheart chun cónaí ann a choinneáil faoi choinníollacha áirithe.
Roghnaigh cás:
- Bhog mé go dtí Ballstát eile den Aontas agus tá post á lorg agam.
- D’oibrigh mé cheana féin i mo Bhallstát óstach den Aontas ach chaill mé mo phost ansin.
Nuair a shroicheann tú an Ballstát
Mar shaoránach den Aontas, is féidir leat fanacht i mBallstát eile den Aontas ar feadh suas le 3 mhí sula mbeidh ort d’áit chónaithe a chlárú. Tabhair do d’aire, áfach, go gceanglaíonn roinnt Ballstát den Aontas ort do láithreacht a thuairisciú bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv do na húdaráis ábhartha laistigh de 3 mhí ó theacht isteach duit (go minic i halla an bhaile nó i stáisiún póilíní áitiúil).
Má chláraíonn tú mar chuardaitheoir poist, tabharfaidh na húdaráis tréimhse ama duit chun deis a thabhairt duit post a fháil. Maireann an tréimhse sin 6 mhí de ghnáth, cé go mb’fhéidir go n-iarrfaí ort fianaise a chur ar fáil go bhfuil tú ag lorg poist agus/nó ag glacadh céimeanna chun cabhrú leat post a fháil le linn an ama sin.
Clárú leis na seirbhísí fostaíochta
Má tá sochair dhífhostaíochta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv á n-íoc leat ó do thír dhúchais, beidh ort clárú leis an tseirbhís fostaíochta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv i do thír óstach. Beidh tú féin agus do theaghlach fós clúdaithe ag an gcóras slándála sóisialta i do thír dhúchais, mar shampla le haghaidh costais cúraim sláinte.
Fiú mura bhfaigheann tú sochair dhífhostaíochta ó do thír dhúchais, d’fhéadfadh sé go mbeadh tú fós clúdaithe ag a chóras slándála sóisialta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv: cinntigh é sin leis an údarás slándála sóisialta i do thír dhúchais.
Cé go bhfuil tú clúdaithe ag d’árachas sláinte baile le linn do thréimhse i mBallstát eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh nósanna imeachta cúraim sláinte níos simplí má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl (EHIC) bailí agat.
Scéal samplach
Ní gá d’áit chónaithe a chlárú láithreach
Is Portaingéalach í Marta agus bhog sí go dtí an Spáinn 4 mhí ó shin chun iarracht a dhéanamh post a fháil ansin. Faoi láthair, tá sí ina cónaí i dteach a carad. D’iarr póilíní na Spáinne uirthi a háit chónaithe a chlárú i halla an bhaile agus a chruthú go raibh acmhainní leordhóthanacha aici chun tacú léi féin agus í sa Spáinn.
Mar chuardaitheoir poist, tá Marta i dteideal fanacht sa Spáinn ar feadh 6 mhí ar a laghad gan iallach a bheith uirthi a háit chónaithe a chlárú ansin. Ní gá di a chruthú ach gur cuardaitheoir poist í a bhfuil post á lorg go gníomhach aici. Ní féidir le húdaráis na Spáinne a cheangal uirthi a léiriú gur féidir léi tacú léi féin ó thaobh airgid de.
Post á lorg go fóill tar éis 6 mhí
Measúnú ar do cheart fanachta
Mura bhfuair tú post le linn na chéad 6 mhí de do thréimhse fanachta, is féidir leis na húdaráis náisiúnta measúnú a dhéanamh ar do cheart fanacht ar feadh tréimhse níos faide. Chuige sin, iarrfaidh siad fianaise ar an méid seo a leanas:
- go bhfuil post á lorg agat go gníomhach, agus
- go bhfuil seans maith ann go bhfaighidh tú ceann.
Coinnigh cóipeanna i gcónaí de d’iarratais ar phost, freagraí ó fhostóirí féideartha, cuirí chun agallaimh agus mar sin de.
Ní gá duit clárú leis na seirbhísí fostaíochta i do Bhallstát nua ach amháin má tá sochar dífhostaíochta á fháil agat ó do thír dhúchais. Ach má chláraíonn tú, cuideoidh sé leat a chruthú go bhfuil post á lorg agat go gníomhach.
An féidir thú a dhíbirt nó a iarraidh ort imeacht?
Is féidir le do thír óstach iarraidh ort imeacht mura féidir leat a chruthú go bhfuil seans réalaíoch agat obair a fháil ann.
I gcásanna eisceachtúla, is féidir le do thír óstach tú a dhíbirt ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Ní féidir leo é sin a dhéanamh ach amháin más féidir leo a chruthú gur bagairt thromchúiseach thú.
Ní mór an cinneadh díbeartha nó an iarraidh ar fhágáil a thabhairt duit i scríbhinn. Ní mór na cúiseanna go léir a bhí le do dhíbirt a lua ann agus a shonrú conas is féidir leat achomharc a dhéanamh agus cathain.
Cóir chomhionann
Mar chuardaitheoir poist, tá tú i dteideal go gcaithfear leat ar an mbealach céanna le náisiúnaigh do thíre óstaí maidir leis an méid seo a leanas:
- rochtain ar obair
- tacaíocht ó sheirbhísí fostaíochta chun post a fháil
D’fhéadfadh do thír óstach fanacht go dtí go mbeidh fíornasc bunaithe agat leis an margadh fostaíochta áitiúil sula dtabharfaidh sí cineálacha áirithe tacaíochta airgeadais duit chun cabhrú leat obair a aimsiú, cuir i gcás iasachtaí ar ús íseal do dhaoine dífhostaithe chun cúrsaí oiliúna a dhéanamh. D’fhéadfaí a mheas gur fíornasc é a bheith sa tír agus obair á lorg agat ar feadh tréimhse réasúnta ama.
Mar sin féin, le linn do thréimhse fanachta mar chuardaitheoir poist, níl sé de cheart agat sochair leasa shóisialta neamhranníocacha a fháil.
Má bhí tú ag obair i mBallstát eile agus má chailleann tú do phost, nó má tá tú féinfhostaithe agus mura bhfuil obair agat, is féidir leat do cheart chun cónaí ann a choinneáil faoi choinníollacha áirithe.
Braithfidh an fad is féidir leat fanacht ar an bhfad a bhí tú ag obair i do thír nua agus ar an gcineál conartha a bhí agat sular chaill tú do phost.
Mura bhfuil tú in ann a bheith ag obair go sealadach mar thoradh ar thinneas nó ar thimpiste, is féidir leat fanacht chomh fada agus a mhaireann an fhadhb sin agus a chuireann sí cosc ort a bheith ag obair.
Cóir chomhionann
Agus tú ag fanacht i do thír óstach tar éis duit do phost a chailleadh, ba cheart duit leanúint de na cearta céanna a bheith agat agus atá ag náisiúnaigh na tíre sin bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv, a cearta seo a leanas ina measc:
- sochair leasa shóisialta (sochar dífhostaíochta san áireamh)
- rochtain ar fhostaíocht
- cúnamh ó sheirbhísí fostaíochta poiblí
An féidir iarraidh ort imeacht nó thú a dhíbirt?
I gcásanna eisceachtúla, is féidir le do thír óstach tú a dhíbirt ar fhorais an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí. Ní féidir leo é sin a dhéanamh ach amháin más féidir leo a chruthú gur bagairt thromchúiseach thú. Ní mór an cinneadh díbeartha a thabhairt duit i scríbhinn. Ní mór na cúiseanna go léir a bhí le do dhíbirt a lua ann agus a shonrú conas is féidir leat achomharc a dhéanamh agus cathain.
Cinntigh do chearta fanachta de réir do cháis:
- D’oibrigh mé i mo thír óstach ar feadh níos lú ná bliain amháin
- D’oibrigh mé i mo thír óstach ar feadh níos mó ná bliain amháin
- Tá mé ag tabhairt faoi ghairmoiliúint
Má bhí conradh buan nó conradh ar théarma seasta agat ar feadh níos lú ná bliain amháin agus má chaill tú do phost roimh dheireadh na tréimhse bliana, tá an ceart agat fanacht i do thír óstach ar feadh 6 mhí eile ar a laghad, ar choinníoll go bhfuil tú ag lorg oibre.
Cuirtear tús leis an tréimhse 6 mhí sin láithreach bonn nuair a thagann deireadh le do chonradh.
Ní mór duit clárú leis an tseirbhís phoiblí fostaíochta mar dhuine dífhostaithe go neamhdheonach agus obair a lorg.
Scéal samplach
Is féidir leat fanacht i mBallstát eile fiú má chailleann tú do phost
Is náisiúnach Gearmánach í Sabrina a chuaigh go dtí an Ghréig chun dul ag obair in óstán beag. Bhí conradh 9 mí aici, ach chinn a fostóir deireadh a chur lena conradh tar éis na chéad 4 mhí. Tar éis di clárú mar dhuine dífhostaithe go neamhdheonach le seirbhísí dífhostaíochta na Gréige, bhí cead aici fanacht ar feadh 6 mhí eile agus post nua á lorg aici.
Má chailleann tú do phost tar éis duit oibriú i do thír óstach ar feadh níos mó ná bliain amháin, tá sé de cheart agat leanúint de bheith i do chónaí inti, ar choinníoll go bhfuil tú cláraithe mar chuardaitheoir poist agus go leanann tú de na coinníollacha is gá a chomhlíonadh chun go measfar gur cuardaitheoir poist thú.
Chun an ceart chun fanacht i do thír óstach a choinneáil nuair a chailleann tú do phost nó nuair nach bhfuil tú gníomhach go gairmiúil (féinfhostaithe), ní mór duit clárú mar chuardaitheoir poist leis an tseirbhís fostaíochta i do thír óstach.
Is féidir leat fanacht chomh fada agus atá tú cláraithe mar chuardaitheoir poist leis an tseirbhís phoiblí fostaíochta agus go leanann tú de na coinníollacha is gá do chuardaitheoirí poist a chomhlíonadh.
Má bhíonn tú dífhostaithe go neamhdheonach agus má chuireann tú tús le gairmoiliúint, tá sé de cheart agat fanacht i do thír nua ar feadh thréimhse iomlán do chuid oiliúna.
Má bhíonn tú dífhostaithe go deonach, tá sé de cheart agat fanacht i do thír óstach ar feadh thréimhse iomlán do chuid oiliúna ach amháin má bhaineann an oiliúint sin le d’fhostaíocht roimhe sin.
Mura bhfuil, is féidir leat fanacht i do thír nua faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le mic léinn.
Faigh tuilleadh eolais faoi chearta agus coinníollacha mac léinn bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Chun an ceart chun fanacht i do thír nua a choinneáil ar feadh thréimhse iomlán do chuid gairmoiliúna, ní mór duit clárú mar chuardaitheoir poist leis na húdaráis i do thír óstach. Beidh feidhm aige sin freisin má tá tú dífhostaithe go deonach.