Rialacha maidir le máthairionadaíocht

Is éard is máthairionadaíocht ann ná socrú trína n-aontaíonn bean (an mháthair ionaid) leanbh a iompar agus a bhreith thar ceann duine nó lánúin eile (an tuismitheoir/na tuismitheoirí beartaithe). I ndiaidh na breithe, tugann an mháthair ionaid an leanbh don tuismitheoir beartaithe/do na tuismitheoirí beartaithe, a bheidh mar thuismitheoir dlíthiúil/tuismitheoirí dlíthiúla an linbh.

Ní rialaítear máthairionadaíocht le dlí an Aontais, mar sin sainmhíníonn gach Ballstát den Aontas a bheartas agus a chleachtais féin maidir leis an ábhar sin. Déanann roinnt Ballstát den Aontas máthairionadaíocht a cheadú agus a rialáil, cuireann roinnt Ballstát den Aontas cosc ar an gcleachtas, agus níl aon rialacha sonracha i bhfeidhm ag Ballstáit eile den Aontas. Is gnách go gcumhdaíonn na rialacha lena rialaítear máthairionadaíocht i mBallstát den Aontas an cineál socruithe máthairionadaíochta a cheadaítear, na coinníollacha faoinar féidir máthairionadaíocht a dhéanamh, agus cearta agus stádas dlíthiúil an tuismitheora bheartaithe nó na dtuismitheoirí beartaithe.

Tá athruithe á ndéanamh faoi láthair ar an reachtaíocht sa réimse sin i mBallstáit den Aontas. Faigh tuilleadh eolais (má tá sé le fáil) faoi mháthairionadaíocht i mBallstáit den Aontas.

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 08/04/2025
Share this page