Achainíocha agus comhairliúcháin

Achainíocha

Tá dhá chineál achainíocha ar fáil do shaoránaigh san Aontas ar mian leo aghaidh a thabhairt ar fhadhb nó ar ábhar imní ar leith.

Achainí ar Pharlaimint na hEorpa

Tugann Parlaimint na hEorpa an deis do shaoránaigh an Aontais iarraidh nó gearán a dhéanamh maidir le hábhar imní poiblí nó príobháideach trí achainí. Is féidir na hachainíocha sin a úsáid chun iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa feasacht a mhúscailt i dtaca le sárú ar chearta shaoránaigh na hEorpa, nó seasamh a ghlacadh maidir le saincheist ar leith.

Faigh tuilleadh eolais faoi achainí ar Pharlaimint na hEorpa a sheoladh en

Achainí ar an gCoimisiún Eorpach

Is féidir le saoránaigh an Aontais achainí a sheoladh freisin chun iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlí nua a mholadh. Tugtar tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar an gcineál achainí sin, agus éilítear leis ar a laghad 1 mhilliún síniú a bhailiú.

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a sheoladh

Comhairliúcháin

Tugann an Coimisiún Eorpach deis do shaoránaigh an Aontais aiseolas a thabhairt maidir le dlíthe agus beartais atá á bhforbairt faoi láthair. Maidir le haon dlí nó beartas ar leith atá ar oscailt le haghaidh comhairliúchán ar an ardán Cloisimis uait, is féidir leat do thuairimí a chur isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir leat aiseolas ó dhaoine eile a fheiceáil freisin. Déanann an Coimisiún anailís ansin ar an aiseolas ar fad a fhaightear.

Féach liosta de na comhairliúcháin phoiblí atá ar siúl faoi láthair en

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 01/03/2024
Share this page