Páirtnéireachtaí cláraithe
I roinnt tíortha den Aontas, is féidir leat do pháirtnéireacht a dhéanamh oifigiúil gan pósadh trí bhíthin páirtnéireacht chláraithe, nó páirtnéireacht shibhialta mar a thugtar uirthi uaireanta.
Ceadaíonn páirtnéireachtaí cláraithe do bheirt a chónaíonn le chéile mar lánúin a gcaidreamh a chlárú leis an údarás poiblí ábhartha ina dtír chónaithe san Aontas.
Is mór idir dlíthe tíortha éagsúla an Aontais sa réimse sin, i gcás an mhéid seo, mar shampla:
- cé acu is féidir nó nach féidir leat dul i mbun páirtnéireacht chláraithe
- an méid atá tú i dteideal a fháil de bhun páirtnéireacht chláraithe
- cé acu a aithníonn nó nach n-aithníonn tír ar leith san Aontas páirtnéireacht chláraithe a fuarthas i dtír eile
Faigh eolas faoi pháirtnéireachtaí cláraithe i dtír an Aontais a bhaineann leatsa.
Roghnaigh tír
Cé na rialacha is infheidhme maidir leatsa?
An bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó le do pháirtnéireacht chláraithe — mar shampla toisc gur bhog tú tar éis clárú, nó gur chláraigh tú i dtír eile?
Ní hionann cearta maoine agus cearta cothabhála na ndaoine i bpáirtnéireacht chláraithe i ngach tír san Aontas. D’fhéadfadh na cearta a thagann ó do pháirtnéireacht chláraithe i dtír amháin den Aontas a bheith an-éagsúil i dtír eile.
Eolas faoi cén tír a bhfuil feidhm ag a dlíthe maidir le do pháirtnéireacht chláraithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl — beidh iarmhairtí tábhachtacha acu ar do chearta agus ar d’oibleagáidí mar pháirtnéirí cláraithe.
Páirtnéireachtaí cláraithe a aithint
Meastar go bhfuil páirtnéireachtaí cláraithe coibhéiseach nó inchomparáide leis an bpósadh bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv i roinnt tíortha den Aontas.
Is iondúil go n-aithníonn tíortha uile an Aontais a cheadaíonn póstaí comhghnéis páirtnéireachtaí cláraithe comhghnéis a tugadh i gcrích i dtíortha eile den Aontas.
I dtíortha den Aontas nach gceadaíonn póstaí comhghnéis, ach a bhfuil páirtnéireacht chláraithe de chineál éigin tugtha isteach acu, is iondúil go dtugann pósadh comhghnéis a rinneadh i dtír eile na cearta céanna duit agus atá ag páirtnéireacht chláraithe.
Mar sin féin, ní dhéantar foráil i ndlíthe na mBallstát seo maidir le páirtnéireachtaí cláraithe:
- An Bhulgáir
- An Liotuáin
- An Pholainn
- An Rómáin
- An tSlóvaic
Bogadh go tír eile le do pháirtnéir cláraithe
I gcás ina meastar go bhfuil páirtnéireachtaí cláraithe coibhéiseach nó inchomparáide leis an bpósadh, tugtar na cearta bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv céanna duit ó thaobh cónaithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv de: beidh do pháirtnéir cláraithe i dteideal teacht leat má lonnaíonn tú sna Ballstáit sin.
Más mian leat bogadh go tír den Aontas nach n-aithníonn páirtnéireachtaí cláraithe in n aon chor, measfar do pháirtnéireacht a bheith ina caidreamh fadtéarmach atá fianaithe go cuí. Ní mór don Bhallstát a bheidh ina óstach agat teacht isteach agus cónaí do pháirtnéara a éascú.
Tuilleadh eolais faoi do cheart cónaithe i dtír eile bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Scéal samplach
In ann fanacht — a bhuí le páirtnéireacht chláraithe
Is fiontraí í Nina ó Bhallstát ar a dtabharfaimid tír ‘A’ a bhí ag fiosrú deis ghnó i mBallstát ar a dtabharfaimid tír ‘B’ agus theastaigh óna páirtnéir cláraithe Hans — dífhostaithe ag an am — teacht isteach chun bheith léi sa tír sin.
Cé nach n-aithníonn tír ‘B’ páirtnéireachtaí cláraithe, bhí an pháirtnéireacht i dtír ‘A’ ina cruthúnas go raibh caidreamh fadtéarmach idir an bheirt, agus bhí cead ag Hans bogadh go tír ‘B’ le Nina, fiú gan acmhainní airgeadais dá chuid féin.