Ní bhaineann an t-eolas a thugtar ar an leathanach seo ach le díol leis an tomhaltóir
deiridh (B2C), ní le gnólachtaí eile (B2B).
Tá go leor buntáistí ag baint le ríomhthráchtáil agus díol seacháitribh, ach tá oibleagáidí
áirithe faoi rialacha an Aontais i gceist leis freisin.
Is é an rud is tábhachtaí nach mór d’aon táirge atá ar díol na rialacha a chomhlíonadh,
a bheith sábháilte agus, dá bhrí sin, gan dochar a dhéanamh do shláinte ná do shábháilteacht
tomhaltóirí. De réir rialacha sábháilteachta an Aontais, cuir i gcás an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSR), ní féidir ach táirgí tomhaltais sábháilte a thairiscint do thomhaltóirí an Aontais.
De réir GPSR, ní mór do ghnólachtaí a dhíolann ar líne oibleagáidí sábháilteachta
táirgí a urramú ag brath ar an tseirbhís a sholáthraíonn siad (oibreoirí eacnamaíocha
nó soláthraithe margaí ar líne). Mar shampla, ní mór do sholáthraithe margaí ar líne
a gcomhéadan a dhearadh agus a chinntiú go soláthraíonn trádálaithe an t-eolas riachtanach
maidir le sábháilteacht táirgí nó inrianaitheacht, agus caithfidh siad eolas maidir
le haisghairmeacha táirgí a scaipeadh ar a gcuid tomhaltóirí. Ba cheart do sholáthraithe
margaí ar líne clárú le Safety Gate an Aontais freisin agus a bpointe teagmhála aonair
a chur in iúl.
Idirbhearta atá faoi réir rialacha sin an Aontais, is conarthaí díolacháin agus seirbhíse
le tomhaltóirí iad nuair nach bhfreastalaíonn tú ar do chustaiméir aghaidh ar aghaidh; e.g. comhaontuithe conarthacha ar an idirlíon, ar an teileafón (le hidirghníomhaíocht
dhaonna nó gan idirghníomhaíocht dhaonna), ríomhphost, facs nó litir chaighdeánach
agus conarthaí caighdeánacha nuair a thugann tú conradh i gcrích le custaiméirí lasmuigh de do ghnátháitreabh gnó.
Ní chumhdaítear idirbhearta sna réimsí seo a leanas le rialacha ríomhthráchtála, faid
agus seacháitribh:
seirbhísí sóisialta agus cúraim sláinte
cearrbhachas
táirgí airgeadais, árachais agus infheistíochta
tithe cónaithe agus lóistín ar cíos
taisteal láneagraithe, seirbhísí amroinnte agus seirbhísí saoire áirithe atá faoi
réir rialacha sonracha
iompar paisinéirí (seachas roinnt rialacha sonracha)
conarthaí arna mbunú ag sealbhóirí oifige poiblí áirithe, mar shampla nótairí
bia agus deoch a sholáthraítear trí sheachadadh rialta chuig teach nó ionad oibre
custaiméara
táirgí a dhíoltar i meaisíní díola
I roinnt tíortha den Aontas, níl feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le conarthaí
seacháitribh ar luach níos lú ná €50.
Sula dtugann tú an conradh i gcrích le do chustaiméir, ní mór duit an t-eolas seo
a leanas a chur ar fáil dóibh i bhformáid shoiléir shothuigthe.
Do chuid sonraí
do chéannacht
do sheoltaí fisiciúla agus ríomhphoist
d’uimhir theileafóin (más ann di)
Earraí agus seirbhísí
príomhthréithe na n-earraí nó na seirbhísí
Seachadadh agus earraí a thabhairt ar ais
Baineann na rialacha maidir le hearraí a thabhairt ar ais sa chomhthéacs sin le ceart
an tomhaltóra chun tarraingt siar (ní le neamh-chomhréireacht an táirge)
cé acu atá nó nach bhfuil srianta seachadta i bhfeidhm
socruithe seachadta
an oibleagáid atá ar an gcustaiméir íoc as earraí a thabhairt ar ais agus meastachán
ar an gcostas a bhaineann lena dtabhairt ar ais mura féidir iad a thabhairt ar ais
tríd an bpost de ghnáth (e.g. earraí téagartha) (mura gcuireann tú an custaiméir ar
an eolas roimh ré, beidh ort an costas a bhaineann leis na hearraí a thabhairt ar
ais a sheasamh)
Praghsáil, íocaíochtaí agus táillí
praghas na n-earraí nó na seirbhísí – aon táillí breise san áireamh, cuir i gcás cánacha,
costais seachadta agus postas, etc.
modhanna íocaíochta inghlactha
socruithe maidir le híocaíocht
táillí ar an gcustaiméir – nuair a théann sé i dteagmháil leat chun deireadh a chur
leis an gconradh – má tá siad os cionn an bhunráta (e.g. táillí ar ghlaonna ar phréimhráta
le haghaidh conarthaí atá le tabhairt i gcrích ar an teileafón)
coinníollacha maidir le haon éarlaisí atá le híoc
coinníollacha maidir le haon ráthaíocht airgeadais a thugtar
Más mian leat táille a ghearradh ar an gcustaiméir as modh íocaíochta ar leith a úsáid,
cuir i gcás cárta creidmheasa, ní féidir an táille a bheith níos airde ná an fíorchostas
a bhíonn ort an íocaíocht a phróiseáil. I roinnt tíortha, d’fhéadfaí cosc iomlán a
chur ar tháillí den sórt sin.
Cód iompair agus coinníollacha conarthacha
conas rochtain a fháil ar aon chód iompair atá i bhfeidhm
fad an chonartha agus na coinníollacha chun deireadh a chur leis
An ceart chun tarraingt siar as an gconradh
coinníollacha, teorainneacha ama agus nósanna imeachta
foirm aistarraingthe shonrach
an oibleagáid atá ar an gcustaiméir íoc as aon seirbhísí (nó fóntais phoiblí) a soláthraíodh
cheana féin le linn na tréimhse aistarraingthe, e.g. má d’iarr siad go soláthrófaí
na seirbhísí díreach tar éis an conradh a thabhairt i gcrích agus ansin gur chinn
sé tarraingt siar as an gconradh
an oibleagáid atá ar an gcustaiméir íoc as earraí a thabhairt ar ais agus meastachán
ar an gcostas a bhaineann le hearraí a thabhairt ar ais nach féidir a thabhairt ar
ais tríd an bpost de ghnáth (e.g. earraí téagartha)
gníomhartha dtugtar suas an ceart chun tarraingt siar (e.g. an séala a bhaint de DVD
nó CD séalaithe)
gníomhartha nach bhfuil feidhm ag an gceart chun tarraingt siar ina leith (e.g. rialacha
maidir le hearraí meatacha). I gcás den sórt sin, ní gá duit eolas a thabhairt don
chustaiméir faoi na rialacha thuas maidir leis an gceart chun tarraingt siar.
Is féidir leat teacht ar théacsanna samplachabgcsdadeelenesetfifrhrhuitltlvmtnlplptrosksl a léiríonn conas eolas a thabhairt faoi choinníollacha aistarraingthe in Iarscríbhinn
1 a ghabhann leis an Treoir.
Ráthaíochtaí agus díospóidí a réiteach
Socruithe chun gearáin a láimhseáil
scéimeanna ‘lasmuigh den chúirt’ atá ar fáil chun díospóidí a réiteach
coinníollacha maidir le haon seirbhís iardhíola nó ráthaíochtaí tráchtála
Cén chaoi ar cheart duit an t-eolas sin a chur ar fáil?
Ní mór duit an t-eolas thuasluaite go léir a chur ar fáil ar bhealach soiléir sothuigthe.
Díreach sula ndéanann an custaiméir a ordú (nuair a chliceálann sé ar chnaipe pá/ceannaigh)
agus i gcóngar an chnaipe pá/ceannaigh, ní mór duit an méid seo a leanas a léiriú
go soiléir feiceálach freisin:
príomhthréithe na n-earraí nó na seirbhísí
praghas iomlán, táillí breise san áireamh
an fad agus na coinníollacha chun deireadh a chur leis an gconradh
fad íosta oibleagáidí an tomhaltóra faoin gconradh (más ann dóibh)
Ní mór an deis a thabhairt do chustaiméirí freisin a aithint go gcuirtear d’oibleagáid orthu íoc as an ordú a luaithe a dhéanann siad an t-ordú
sin. Mar shampla: ní mór feidhm an chnaipe ‘Deimhniúchán d’Ordaithe’ a léiriú go soiléir
ar an gcnaipe féin, e.g. an téacs ‘Ordaigh agus Íoc’ a bheith scríofa air.
Boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré
Ní féidir boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré a úsáid agus tú ag iarraidh íocaíochtaí
breise le haghaidh seirbhísí breise, e.g. árachas taistil agus eitilt á cur in áirithe
agat. Ní mór an deis a thabhairt do chustaiméirí i gcónaí aontú go sainráite le haon íocaíocht bhreise.
Díolacháin ábhair dhigitigh
Má dhíolann tú ábhar digiteach mar shampla ceol, físeáin nó bogearraí ar líne, ní
mór duit do chustaiméirí a chur ar an eolas freisin faoi na nithe seo a leanas:
idir-inoibritheacht an ábhair le crua-earraí agus bogearraí ábhartha;
feidhmiúlacht an ábhair – mar shampla aon srianta geografacha ar úsáid agus má cheadaítear duit cóipeanna a dhéanamh le haghaidh úsáid phearsanta.
A luaithe a bhíonn teacht ag an gcustaiméir ar an ábhar – trí íoslódáil, sruthú nó eile – ní féidir leis tarraingt siar as an gconradh leat a thuilleadh.
Mar sin féin, ní mór duit an deis a thabhairt don tomhaltóir aontú go sainráite leis an méid sin agus a aithint go gcailleann siad a gceart chun tarraingt siar a
luaithe a thosaíonn siad ag íoslódáil, etc.
Ní mór duit deimhniú ar an gcomhaontú sin agus admháil a chur isteach sa deimhniú conartha a sheolann
tú.
Cumarsáid iardhíola ar an teileafón
Má chuireann tú beolíne theileafóin ar fáil le haghaidh fiosruithe/gearáin ó chustaiméirí
faoi chonarthaí atá tugtha i gcrích acu, ní mór duit a chinntiú go ngearrtar an bunráta
ar na glaonna.
Ní féidir leat línte teileafóin ardráta a úsáid chun na críche sin.
Réamheolas do chustaiméirí
Sula dtugann tú an conradh i gcrích le do chustaiméir, ní mór duit an t-eolas seo
a leanas a chur ar fáil dóibh i bhformáid shoiléir shothuigthe.
Do chuid sonraí
do chéannacht
do sheoltaí fisiciúla agus ríomhphoist
d’uimhir theileafóin (más ann di)
Earraí agus seirbhísí
príomhthréithe na n-earraí nó na seirbhísí
Seachadadh agus earraí a thabhairt ar ais
cé acu atá nó nach bhfuil srianta seachadta i bhfeidhm
socruithe seachadta
an oibleagáid atá ar an gcustaiméir íoc as earraí a thabhairt ar ais agus meastachán
ar an gcostas a bhaineann le hearraí a thabhairt ar ais mura féidir iad a thabhairt
ar ais tríd an bpost de ghnáth (go háirithe earraí téagartha)
Praghsáil, íocaíochtaí agus táillí
praghas na n-earraí nó na seirbhísí – aon táillí breise san áireamh, cuir i gcás cánacha,
costais seachadta agus postas, etc.
modhanna íocaíochta inghlactha
socruithe maidir le híocaíocht
táillí ar an gcustaiméir – nuair a théann sé i dteagmháil leat chun deireadh a chur
leis an gconradh – má tá siad os cionn an bhunráta (e.g. táillí ar ghlaonna ar phréimhráta
le haghaidh conarthaí atá le tabhairt i gcrích ar an teileafón)
coinníollacha maidir le haon éarlaisí atá le híoc
coinníollacha maidir le haon ráthaíocht airgeadais a thugtar
Más mian leat táille a ghearradh ar an gcustaiméir as modh íocaíochta ar leith a úsáid,
cuir i gcás cárta creidmheasa, ní féidir an táille a bheith níos airde ná an fíorchostas
a bhíonn ort an íocaíocht a phróiseáil. I roinnt tíortha, d’fhéadfaí cosc iomlán a
chur ar tháillí den sórt sin.
Cód iompair agus coinníollacha conarthacha
conas rochtain a fháil ar aon chód iompair atá i bhfeidhm
fad an chonartha agus na coinníollacha chun deireadh a chur leis
An ceart chun tarraingt siar as an gconradh
teorainneacha ama agus nósanna imeachta
foirm aistarraingthe shonrach
an oibleagáid atá ar an gcustaiméir íoc as aon seirbhísí (nó fóntais phoiblí) a soláthraíodh
cheana féin le linn na tréimhse aistarraingthe, e.g. má d’iarr siad go soláthrófaí
na seirbhísí díreach tar éis an conradh a thabhairt i gcrích agus ansin gur chinn
sé tarraingt siar as an gconradh
aon eisceacht ón gceart chun tarraingt siar (e.g. earraí meatacha) nó gníomhartha
lena dtugtar suas an ceart (e.g. an séala a bhaint de DVD séalaithe nó CD séalaithe)
Is féidir leat teacht ar théacsanna samplachabgcsdadeelenesetfifrhrhuitltlvmtnlplptrosksl a léiríonn conas eolas a thabhairt faoi choinníollacha aistarraingthe in Iarscríbhinn
1 a ghabhann leis an Treoir.
Ráthaíochtaí agus díospóidí a réiteach
Socruithe chun gearáin a láimhseáil
scéimeanna ‘lasmuigh den chúirt’ atá ar fáil chun díospóidí a réiteach
coinníollacha maidir le haon seirbhís iardhíola nó ráthaíochtaí tráchtála
Cén chaoi ar cheart duit an t-eolas sin a chur ar fáil?
Ní mór duit an t-eolas thuasluaite go léir a chur ar fáil ar bhealach soiléir sothuigthe.
Sula gcuirfidh an custaiméir a ordú isteach, ní mór duit an méid seo a leanas a léiriú
go soiléir feiceálach:
príomhthréithe na n-earraí nó na seirbhísí
praghas iomlán, táillí breise san áireamh
an fad agus na coinníollacha chun deireadh a chur leis an gconradh
fad íosta oibleagáidí an tomhaltóra faoin gconradh (más ann dóibh)
Ní mór duit an deis a thabhairt do chustaiméirí freisin a aithint go gcuirtear d’oibleagáid orthu íoc as an ordú a luaithe a dhéanann siad an t-ordú
sin.
Díolacháin teileafóin
Ag tús do ghlao, ní mór duit do chéannacht a nochtadh i gcónaí agus a chur in iúl
do dhaoine go bhfuil rud éigin á dhíol agat. Ní mór duit eolas a thabhairt freisin
faoi na táillí a bheidh ar an gcustaiméir a íoc (má tá siad os cionn an bhunráta)
nuair a théann sé i dteagmháil leat chun an conradh a thabhairt i gcrích e.g. táillí
ar ghlaonna ardráta le haghaidh conarthaí atá le tabhairt i gcrích ar an teileafón.
Agus conarthaí á dtabhairt i gcrích ar an teileafón i roinnt Ballstát den Aontas,
ní gá duit an tairiscint a dheimhniú don chustaiméir atá faoi cheangal ag an gconradh
go dtí go mbíonn an tairiscint sínithe aige.
Díolacháin trí theachtaireacht téacs (agus a macasamhail)
Má fhágann an cainéal díola go bhfuil sé deacair go teicniúil duit an fhaisnéis sin
ar fad a thabhairt – e.g. conarthaí arna dtabhairt i gcrích le teachtaireacht téacs
fóin phóca – is féidir leat méid teoranta eolais a thabhairt, mar shampla:
do chéannacht
príomhthréithe na n-earraí nó na seirbhísí
an praghas iomlán
an ceart chun tarraingt siar
an fad agus na coinníollacha chun deireadh a chur leis an gconradh
nasc chuig foinse eile (e.g. suíomh gréasáin) chun an liosta eolais iomlán a fháil
Cumarsáid iardhíola ar an teileafón
Má chuireann tú beolíne theileafóin ar fáil le haghaidh fiosruithe/gearáin ó chustaiméirí
faoi chonarthaí atá tugtha i gcrích acu, ní mór duit a chinntiú go ngearrtar an bunráta
ar na glaonna.
Ní féidir leat línte teileafóin ardráta a úsáid chun na críche sin.
An conradh a dheimhniú
Ní mór duit an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil i scríbhinn nuair a dheimhníonn
tú an conradh. Ní mór an deimhniú a bheith i bhformáid bhuan (litir, ríomhphost, etc.),
ach is féidir leat deimhniú a sheoladh chuig cuntas pearsanta ar do shuíomh gréasáin
a bhfuil rochtain eisiach ag do chustaiméir air.
Ní mór duit an conradh a dheimhniú a luaithe is féidir – tráth seachadta na n-earraí
ar a dhéanaí nó sula dtosaíonn an tseirbhís.

Tarraingt siar as conradh
Cathain is féidir le do chustaiméir tarraingt siar as an gconradh?
Má tá an t-eolas uile is gá tugtha agat faoin gceart chun tarraingt siar, beidh 14 lá ag do chustaiméir tarraingt siar as an gconradh – gan aon phionós agus gan aon chúis a thabhairt:
I gcás earraí – ciallaíonn sé sin 14 lá tar éis an tseachadta
I gcás seirbhísí – ciallaíonn sé sin 14 lá tar éis an conradh a thabhairt i gcrích
Conarthaí measctha
I gcás conarthaí measctha, cuir i gcás iad siúd ina bhfuil béim ar earraí – le seirbhísí
breise – is ar an gceart chun tarraingt siar le haghaidh earraí a bheidh an dualgas,
i.e. suas le 14 lá tar éis an tseachadta. I gcás conarthaí ina bhfuil béim ar sheirbhísí
– le hearraí breise – is ar an gceart chun tarraingt siar le haghaidh seirbhísí a
bheidh an dualgas, i.e. suas le 14 lá tar éis an an conradh a thabhairt i gcrích.
I ngach cás, cuirtear síneadh leis an tréimhse go dtí an chéad lá oibre eile má chríochnaíonn
an tréimhse ar dheireadh seachtaine nó ar lá saoire bainc.
Más rud é nár chuir tú ar fáil an t-eolas uile is gá, beidh bliain amháin sa bhreis ag an gcustaiméir chun tarraingt siar as an gconradh. Má sholáthraíonn
tú an t-eolas sin ag pointe ama éigin le linn na tréimhse bliana sin, tosaíonn an
tréimhse tarraingthe siar 14 lá ag an bpointe ama sin.
Cad iad na hoibleagáidí atá ort tar éis don tomhaltóir tarraingt siar as an gconradh?
Ní mór duit an t-airgead a fuair tú ó do chustaiméir a aisíoc (nó a íocaíocht a chur ar ceal) laistigh de 14 lá tar éis fógra a fháil go bhfuil sé ag tarraingt siar.
Féadfaidh tú an aisíocaíocht sin a choinneáil siar go dtí go mbeidh na hearraí faighte
ar ais agat ón gcustaiméir, nó ar a laghad go dtí go bhfaighidh tú fianaise gur sheol
siad iad i ndáiríre.
Cé a íocann céard?
Is é an Custaiméir a íocann an costas a bhaineann leis na hearraí a thabhairt ar ais (ach amháin murar chuir tí sin in iúl dóibh roimh ré – agus sa chás sin is tusa a
bheidh freagrach as na costais sin).
Is í do ghnólacht a chaithfidh na costais seachadta bhunaidh a aisíoc, ach ní gá aon chostais bhreise a aisíoc má roghnaigh an custaiméir rogha
seachadta níos costasaí (e.g. mearsheachadadh) seachas gnáthsheachadadh.
Oibleagáidí an Chustaiméara
Sula dtarraingíonn sé siar, ní féidir leis an gcustaiméir ach na hearraí a sheiceáil mar a dhéanfaidís dá mbeidís i siopa, rud a ligeann dóibh a dheimhniú gurb é an t-earra
a d’ordaigh siad agus an ceann a bhí siad a lorg atá ann.
Má d’úsáid an custaiméir na hearraí sular seoladh ar ais iad, is féidir leat cúiteamh a éileamh as an luach laghdaithe
a eascraíonn as iad a bheith úsáidte.
Tarraingt siar as seirbhísí
Más rud é, arna iarraidh sin don chustaiméir, gur thosaigh tú ag déanamh na seirbhíse
a ordaíodh – e.g. córas aláraim a shuiteáil – roimh dhul in éag na tréimhse aistarraingthe,
agus go gcinneann an custaiméir ansin tarraingt siar, ní mór dóibh tú a íoc as na
seirbhísí a sholáthair tú go dtí an pointe sin.
Cathain nach féidir le custaiméir tarraingt siar?
Is iad seo a leanas na príomheisceachtaí ó na rialacha maidir le tarraingt siar:
seirbhís atá déanta agat cheana féin (le comhaontú do chustaiméara) sula gcinneann
an custaiméir tarraingt siar
earraí meatacha (e.g. earraí bia áirithe)
earraí séalaithe nach féidir a thabhairt ar ais ar chúiseanna sláinteachais tar éis
a n-oscailte
earraí saincheaptha arna bhforbairt de réir shonraíochtaí an chustaiméara nó atá pearsantaithe
ar bhealach soiléir
meáin shéalaithe (taifeadtaí fuaime, taifeadtaí físe nó bogearraí) ar bhain an custaiméir
an séala díobh
nuachtáin nó irisí (ach is féidir tarraingt as síntiúis)
lóistín saoire, carr ar cíos, lónadóireacht nó seirbhísí fóillíochta má tá gealltanas
tugtha agat na seirbhísí sin a dhéanamh ar dháta sonrach nó laistigh de thréimhse
shonrach)

Na hearraí a sheachadadh
Mura gcomhaontaítear a mhalairt sa chonradh, ní mór duit na hearraí a sheachadadh
gan moill mhíchuí tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an conradh a thabhairt i gcrích.
Mura bhfuil tú in ann earraí a sheachadadh laistigh de 30 lá nó an t-am a comhaontaíodh, is féidir leis an gcustaiméir a iarraidh
ort iad a sheachadadh laistigh de thréimhse bhreise ama.
Mura seachadann tú na hearraí laistigh den tréimhse bhreise sin, féadfaidh an custaiméir
deireadh a chur leis an gconradh agus aisíocaíocht a iarraidh.
Eisceacht
I gcásanna ina bhfuil an dáta seachadta sonraithe fíor-thábhachtach (e.g. feisteas
bainise), is féidir leis an gcustaiméir deireadh a chur leis an gconradh láithreach
agus tá sé i dteideal aisíocaíocht iomlán mura seachadtar an t-earra ar an dáta a
comhaontaíodh ar dtús.
Is tusa a sheasfaidh aon damáiste do na hearraí le linn an tseachadta, murab é an
custaiméir a shocraigh an seachadadh agus a choimisiúnaigh an t-iompróir. Is tusa i gcónaí atá freagrach as an méid a tharlaíonn d’earraí nuair atá siad á n-iompar ag iompróir atá ar conradh agat.

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.