Cuideachta Eorpach (SE) a bhunú

Más mian leat do ghnólacht a leathnú chuig tíortha eile san Aontas, d’fhéadfá smaoineamh ar Chuideachta Eorpach ar a dtugtar SE (Societas Europaea) a chruthú freisin. Is cuideachta poiblí teoranta í Cuideachta Eorpach a ligeann duit do ghnó a reáchtáil i dtíortha éagsúla san Eoraip trí úsáid a bhaint as sraith aonair rialacha. Fágann sé go bhfuil sé níos éasca oibriú i roinnt tíortha, d’oifig a bhogadh, agus ról a thabhairt d’fhostaithe faoi chreat aonair.

Ceanglais maidir le Cuideachta Eorpach a bhunú

Chun Cuideachta Eorpach a bhunú, ní mór duit:

  • D’oifig chláraithe (seoladh dlíthiúil oifigiúil) agus do cheannoifig (áit a ndéantar cinntí bainistíochta) a bheith lonnaithe sa tír amháin den Aontas
  • A bheith gníomhach in dhá thír den Aontas ar a laghad (trí bhrainsí nó fochuideachtaí), nó ní mór gach cuideachta bhunaitheach a bheith á rialú ag dlíthe dhá thír den Aontas ar a laghad
  • Íoschaipiteal suibscríofa €120,000 a bheith agat
  • Teacht ar chomhaontú i dtaca le rannpháirtíocht fostaithe, an dóigh a gcuirtear fostaithe ar an eolas agus a théitear i gcomhairle leo ina measc

Warning

D’fhéadfadh ceanglais éagsúla a bheith i gceist i dtíortha éagsúla, mar shampla d’fhéadfadh ceanglais chaipitil níos airde a bheith ag roinnt tíortha nó d’fhéadfadh sé go gceanglófaí go mbeadh an seoladh amháin ag an gceannoifig agus ag an oifig chláraithe. Seiceáil an bhfuil ceanglais bhreise ag do thír.

Conas Cuideachta Eorpach a bhunú

Tá ceithre bealach ann chun Cuideachta Eorpach a bhunú:

Conas Na rannpháirtithe Cad a chiallaíonn sé Buncheanglais
Cumasc Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta

Cumascann dhá chuideachta nó níos mó ó thíortha éagsúla san Aontas chun SE nua a chruthú.

Dhá chuideachta ar a laghad ó thíortha éagsúla san Aontas
Cuideachta sealbhaíochta Cuideachtaí poiblí nó príobháideacha faoi dhliteanas teoranta

Is éard is cuideachta shealbhaíochta ann cuideachta a bhfuil cuideachtaí eile faoina húinéireacht (a fochuideachtaí) nó a rialaíonn iad in ionad earraí nó seirbhísí a tháirgeadh í féin. Cuireann sé sin ar do chumas roinnt cuideachtaí éagsúla a bhainistiú faoi struchtúr Eorpach amháin.

Dhá chuideachta ar a laghad ó thíortha éagsúla san Aontas nó a bhfuil fochuideachta nó brainse acu i dtír eile den Aontas ar feadh 2 bhliain ar a laghad
Fochuideachta Cuideachtaí, gnólachtaí nó comhlachtaí dlíthiúla eile

Is cuideachta dhlíthiúil ar leithligh í fochuideachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú cuideachta eile (an mháthairchuideachta).

Dhá eintiteas ar a laghad ó thíortha éagsúla san Aontas nó a bhfuil fochuideachta nó brainse acu i dtír eile den Aontas ar feadh 2 bhliain ar a laghad

Tiontú Cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta Is féidir le cuideachta a oibríonn thar theorainneacha cheana féin (mar shampla, trí fhochuideachta i dtír eile san Aontas) Cuideachta Eorpach a dhéanamh di féin. Ní mór fochuideachta a bheith aici i dtír eile san Aontas ar feadh 2 bhliain ar a laghad

Beidh ort doiciméid éagsúla a chur ar fáil de réir an gcaoi a roghnaíonn tú Cuideachta Eorpach a bhunú. Téigh i dteagmháil le d’údarás náisiúnta chun an méid is gá a dhéanamh a fhiosrú. Nuair a bheidh do chlárúchán críochnaithe, cuirfidh d’údarás náisiúnta Oifig Foilseachán Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an eolas laistigh d’aon mhí amháin. Foilseofar sonraí do chuideachta (ainm, sonraí clárúcháin, oifig agus gníomhaíocht) ansin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Warning

Nuair a bheidh do Chuideachta Eorpach cláraithe agat, ná déan dearmad an giorrúchán SE a chur isteach roimh ainm do chuideachta nó ina dhiaidh.

D’oifig chláraithe a aistriú chuig tír eile san Aontas

Is féidir leat d’oifig chláraithe a aistriú chuig tír eile san Aontas – gan iallach a bheith ort do chuideachta a fhoirceannadh – faoi na coinníollacha seo a leanas:

  • Níl do chuideachta ag dul trí imeachtaí dlíthiúla, cuir i gcás foirceannadh, leachtú nó dócmhainneacht
  • Tugann tú fógra poiblí 2 mhí agus faigheann tú formheas ó na scairshealbhóirí
  • Tá na húdaráis náisiúnta sásta gur comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla uile agus go bhfuil creidiúnaithe agus sealbhóirí ceart eile á gcosaint

Warning

D’fhéadfadh roinnt tíortha den Aontas cur i gcoinne an aistrithe ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail laistigh den tréimhse fógra 2 mhí. I measc na dtíortha sin tá an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghréig, an Ísiltír, an Laitvia, an Pholainn, an Phortaingéil, an Spáinn agus an tSualainn.

Rialacha cuntasaíochta agus dócmhainneachta

Ní mór duit cloí leis na rialacha cuntasaíochta agus dócmhainneachta do chuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta sa tír den Aontas ina bhfuil do chuideachta Eorpach cláraithe. Más banc, institiúid airgeadais nó cuideachta árachais do SE, ní mór cloí freisin le rialacha náisiúnta breise agus rialacha breise de chuid an Aontais a bhaineann go sonrach leis na hearnálacha sin.

Tá rialacha an Aontais maidir le Cuideachtaí Eorpacha comhchuibhithe, ach ní mar a chéile atá cuid de na sonraí – cuir i gcás an t-údarás ar gá déileáil leis nó an bealach a n-oibríonn rannpháirtíocht fostaithe. Féach na rialacha sonracha atá i bhfeidhm i do thír féin:

CCanna

CCanna - Cuideachta Eorpach (SE) a bhunú

See also

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 20/11/2025
Share this page