Seirbhísí a chur ar fáil thar lear

Má tá gnólacht cláraithe agat a chuireann seirbhísí ar fáil (mar ailtire nó mar threoraí turasóireachta, mar shampla) sa tír ina bhfuil cónaí ort, is féidir leat na seirbhísí sin a thairiscint i dtír eile den Aontas gan cuideachta nó brainse a chur ar bun ansin.

D’fhéadfadh sé sin a bheith úsáideach más mian leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an tseirbhís a chur ar fáil ansin go sealadach
  • an tseirbhís a chur ar fáil do chliant ar leith atá ina chónaí ansin, agus dó sin amháin
  • an margadh a thástáil sula méadaíonn tú do chuideachta ansin.

I bprionsabal, ba cheart duit a bheith in ann seirbhísí a chur ar fáil i tír eile den Aontas gan iallach a bheith ort nósanna imeachta agus rialacha riaracháin uile na tíre sin a chomhlíonadh (cuir i gcás réamhúdarú a fháil chun gnó a dhéanamh). Ach d’fhéadfadh sé go mbeadh ort a chur in iúl do na húdaráis phoiblí go mbeidh tú ag cur seirbhísí ar fáil ina dtírsean. Ní mór cúiseanna bailí a bheith ag an tír eile lena ceanglais a fhorchur.

Má bhíonn deacrachtaí agat le húdaráis phoiblí, is féidir leat cúnamh a iarraidh ar ár seirbhísí cabhrach agus comhairle bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk Open as an external link .

Tabhair do d’aire: Má thairgeann tú seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus leictreonacha, gearrfar cáin i gcónaí ar na seirbhísí sin sa tír ina bhfuil an custaiméir. I gcás duine neamh-inchánach, is é sin an áit ina bhfuil sé bunaithe, ina bhfuil seoladh buan aige nó ina bhfuil cónaí air de ghnáth. I gcás custaiméir gnó, is é sin an tír ina bhfuil an gnólacht bunaithe nó ina bhfuil áitreabh seasta aige ina bhfaigheann an bhunaíocht sin seirbhís.

In ainneoin an phrionsabail sin, ní fhéadfaidh tú díreach glacadh leis gur féidir leat seirbhísí a chur ar fáil gan cuideachta a chur ar bun go háitiúil. Cibé acu is féidir nó nach féidir leat déanamh amhlaidh, tá sé ag brath go príomha ar cé chomh minic, cé chomh fada agus cé chomh rialta is mian leat seirbhísí a chur ar fáil.

Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag rialacha éagsúla maidir le hearnálacha áirithe, mar shampla:

Má roghnaíonn tú cuideachta a chlárú i dtír eile den Aontas, beidh ort cloí leis na rialacha náisiúnta maidir le fochuideachta, brainse nó gníomhaireacht a chorprú/a chlárú agus cloí le formhór rialacha na tíre sin maidir le gnólacht a chur ar bun (ina measc sin do cháilíochtaí gairmiúla a aithint en agus iarratas a dhéanamh ar na ceadanna is gá). D’fhéadfadh sé gur ghá caighdeáin bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta a chomhlíonadh freisin.

Chun a fháil amach cad is ceart a dhéanamh i do chás féin, iarr ar an bpointe teagmhála aonair bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl Open as an external link sa tír inar mian leat seirbhísí a chur ar fáil. Cuireann na pointí teagmhála aonair eolas ar fáil i dteanga náisiúnta a dtíre. Cuireann go leor acu eolas ar fáil i dteangacha eile chomh maith. Is féidir leis an leibhéal eolais agus seirbhíse a thairgtear a bheith éagsúil ó phointe teagmhála go chéile.

Tá eolas le fáil freisin ar shuíomhanna gréasáin na rialtas náisiúnta ach tír a roghnú thíos:

Seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus leictreonacha

Má chuireann tú seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta agus leictreonacha ar fáil, de ghnáth gearrfar cáin ar na seirbhísí sin sa tír ina bhfuil an custaiméir.

Custaiméirí gnó

I gcás custaiméir gnó, is é sin an tír ina bhfuil an gnólacht bunaithe nó ina bhfuil áitreabh seasta aige ina bhfaigheann an bhunaíocht sin seirbhís.

Custaiméirí neamh-inchánacha

I gcás daoine neamh-inchánacha, is é sin an áit ina bhfuil siad bunaithe, ina bhfuil seoladh buan acu nó ina bhfuil cónaí orthu de ghnáth.

Rialacha speisialta maidir le láimhdeachais bhliantúla ísle

Tá roinnt eisceachtaí ann; ciallaíonn na rialacha simplithe sin gur féidir leat a roghnú rialacha CBL do Bhallstáit féin a chur i bhfeidhm (i.e. an áit ina bhfuil tú bunaithe, ina bhfuil do sheoladh buan nó ina bhfuil gnáthchónaí ort) má chomhlíonann tú na critéir seo a leanas:

  • tá tú bunaithe, tá do sheoladh buan agat nó tá gnáthchónaí ort in aon Bhallstát amháin,
  • cuireann tú seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta nó leictreonacha ar fáil do thomhaltóirí neamh-inchánacha atá bunaithe, a bhfuil a seoladh buan nó a bhfuil gnáthchónaí orthu i dtír eile den Aontas,
  • nach mó luach iomlán do sholáthairtí seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta nó leictreonacha ná €10,000 (gan CBL a bheith san áireamh) sa bhliain féilire reatha, ná nár mhó a luach iomlán ná an méid sin sa bhliain féilire roimhe sin,

Sa chás sin, ní bheidh ort clárú, tuairisceáin CBL a chomhdú ná íocaíochtaí a dhéanamh i ngach ceann de thíortha an Aontais ina bhfuil cónaí ar do chustaiméirí. Gearrann tú CBL ar do chustaiméirí ar an ráta atá ann i do thír féin, agus íocann tú agus dearbhaíonn tú an CBL sin leis na húdaráis chánach i do thír féin. Is féidir leat clárú fós do scéim ionaid ilfhreastail (OSS) an Aontais, más mian leat. Má chinneann tú na rialacha speisialta sin a chur i bhfeidhm, ní mór duit déanamh amhlaidh go ceann dhá bhliain.

Má bhaineann tú tairbhe as scéim speisialta do ghnólachtaí beaga i do thír lenar féidir leat do sholáthairtí a dhíolmhú ó CBL suas le tairseach áirithe, is amhlaidh a bhaineann sé sin freisin le do sholáthairtí seirbhísí teileachumarsáide, craoltóireachta nó leictreonacha.

Níl aon difríocht idir custaiméirí in aon áit ar bith san Aontas

Cé go bhfuil sé de shaoirse agat do théarmaí agus coinníollacha ginearálta díolacháin a shainiú, ní mór do do chustaiméirí uile atá lonnaithe san Aontas an rochtain chéanna a bheith acu ar sheirbhísí (seirbhísí a chuirtear ar fáil ag d’áitreabh féin nó seirbhísí a chuirtear ar fáil go leictreonach) agus atá ag do chustaiméirí áitiúla. Má thairgeann tú praghas, margadh nó coinníollacha díolacháin ar leith, ba cheart an méid sin a chur ar fáil do do chustaiméirí uile gan beann ar an tír den Aontas ina bhfuil siad lonnaithe, ar a náisiúntacht, a n-áit chónaithe nó a suíomh gnó.

Tá feidhm ag na rialacha maidir le hidirbhearta ar líne agus as líne araon fad is leis an úsáideoir deiridh a dhéantar na díolacháin (duine aonair nó gnólacht nach bhfuil sé ar intinn aige a cheannacháin a athdhíol, a athrú, a phróiseáil, a ligean ar cíos ná a ligean ar fochonradh). Níl feidhm ag na rialacha maidir le seirbhísí closamhairc. I gcás ábhar eile atá faoi chosaint cóipchirt ar líne, d’fhéadfadh feidhm a bheith fós ag srianta mar gheall ar shrianta críochacha cóipchirt.

Rochtain ar chomhéadain ar líne

Ní mór do do chustaiméirí a bheith in ann rochtain a fháil ar aon leagan de do shuíomh gréasáin atá uathu, mar shampla, má chuireann siad isteach an URL Spáinneach de do shuíomh gréasáin agus más ón Iodáil atá siad ag nascadh, níor cheart iad a atreorú go huathoibríoch chuig an leagan Iodálach. Ní mór dóibh a dtoiliú a thabhairt sula n-atreoróidh tú iad agus beidh sé de cheart acu a dtoiliú a tharraingt siar tráth ar bith.

Díolacháin seirbhísí a chuirtear ar fáil go leictreonach

Más i dtír eile den Aontas atá do chustaiméir lonnaithe agus más mian leis seirbhísí a chuirtear ar fáil go leictreonach a cheannach uait (amhail néalseirbhísí, stórasú sonraí nó óstáil suíomhanna gréasáin), ba cheart dó a bheith in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí sin agus clárú lena n-aghaidh ar an mbealach céanna le do chustaiméirí atá bunaithe go háitiúil.

Más gá duit teorainn a thrasnú chun do sheirbhís a thairiscint do chustaiméir i dtír eile, d’fhéadfá dul faoi chostais bhreise, mar shampla le haghaidh stórála nó chun nósanna imeachta riaracháin a chomhlíonadh. D’fhéadfadh costais bhreise den sórt sin a bheith ina n-údar le praghsanna níos airde do chliant i dtíortha eile.

Níl tú cinnte cad is idirdhealú ann?

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil trádálaí ag déanamh idirdhealú neamhdhleathach ort nó an bhfuil tú féin ag cur coinníollacha idirdhealaitheacha i bhfeidhm ar do chustaiméirí, cuir ceist ar an bpointe teagmhála bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl Open as an external link ábhartha i do thír féin.

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 20/11/2025
Share this page