Íocaíocht dhéanach

Más rud é gur sholáthair do ghnólacht earraí nó seirbhísí do chustaiméir (i gcomhréir le téarmaí an chonartha tráchtála) agus nach bhfuair tú a n-íocaíocht faoin sprioc-am a comhaontaíodh, tá tú i dteideal ús agus cúiteamh a fháil ar an íocaíocht atá dlite duit.

Baineann sé sin le d’idirbhearta tráchtála uile le gnólachtaí eile (trádálaithe aonair ina measc, ar choinníoll go bhfuil siad ag gníomhú le linn a ngníomhaíochta neamhspleáiche eacnamaíche nó gairmiúla) agus le húdaráis phoiblí.

Warning

Níl feidhm ag na rialacha sin ná ag na rialacha sna céimeanna thíos sna cásanna seo a leanas:
  • i gcás imeachtaí dócmhainneachta (imeachtaí atá dírithe ar athstruchtúrú fiachais ina measc)
  • maidir le híocaíochtaí cúitimh ar dhamáistí (mar shampla ó chuideachtaí árachais)

Téigh go díreach chuig an áireamhán úis chun a fháil amach cá mhéad atá dlite duit nó roghnaigh do chás thíos.

Tá airgead dlite dom ó

Tá airgead dlite dom ó ghnólacht eile

Tá airgead dlite dom ó údarás poiblí

Tá airgead dlite dom ó thomhaltóir

Ní féidir leat ús ar íocaíochtaí déanacha a éileamh in idirbhearta le tomhaltóirí. Má tá fadhb agat le tomhaltóir, níl feidhm ag na rialacha thuas sa chás sin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shaincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí, féach:

Tá mo ghnólacht lonnaithe i dtír de chuid an Aontais agus tá airgead dlite dom ó ghnólacht atá ag feidhmiú sa tír chéanna liomsa

An t-ús atá dlite a ríomh

Má tá d’oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla comhlíonta agat agus má tá an cliant freagrach as an moill (is é sin, ní mar gheall ar imthosca nach bhfuil neart acu orthu) tá tú i dteideal ús a éileamh ar íocaíocht dhéanach agus cúiteamh as costais aisghabhála.

Cathain a bhíonn ús dlite?

Tá an t-ús dlite ón lá tar éis an dáta dlite a shocraítear sa chonradh.

Mura bhfuil tréimhse íocaíochta socraithe agat sa chonradh, beidh ús iníoctha go huathoibríoch 30 lá féilire tar éis don chliant do shonrasc nó d’iarratas ar íocaíocht a fháil.

Mura bhfuil a fhios agat cathain a fuarthas an sonrasc, is féidir leat ús a éileamh 30 lá féilire tar éis duit do sheirbhís agus/nó do tháirgí a sheachadadh.

Má sheolann tú an sonrasc chuig do chliant sula seachadann tú do sheirbhís agus/nó do tháirge, ní thosaíonn comhaireamh na laethanta go dtí go mbeidh an seachadadh déanta.

Cé mhéad úis is ceart a chur leis?

Is féidir leat an ráta úis ar íocaíochtaí déanacha a comhaontaíodh sa chonradh a ghearradh. Murar comhaontaíodh aon ráta, beidh feidhm ag an ráta reachtúil.

Ballstát den Aontas 01/07/2025 – 31/12/2025
An Bheilg 10,50
An Bhulgáir 11,91
An Chipir 10,15
An Chróit 10,15
An Danmhairg 9,75
An Eastóin 10,15
An Fhionlainn 10,50
An Fhrainc 12,15
An Ghearmáin 10,27
An Ghréig 10,15
An Iodáil 10,15
An Ísiltír 10,15
An Laitvia 10,15
An Liotuáin 10,15
An Ostair 10,73
An Pholainn (health sector) 13,25
An Pholainn (other public sectors) 15,25
An Phortaingéil 10,15
An Rómáin 14,50
An Spáinn 10,15
An tSeicia 11,50
An tSlóivéin 10,15
An tSlóvaic 10,15
An tSualainn 10,00
An Ungáir 14,50
Éire 10,15
Lucsamburg 10,15
Málta 10,15

Úsáid ár n-áireamhán chun a fháil amach cé mhéad úis atá tú i dteideal a éileamh.

Cúiteamh as costais aisghabhála

Sa bhreis ar an ús atá dlite, tá tú i dteideal táille cúitimh ar ráta comhréidh €40 (nó a coibhéis) a éileamh ar gach sonrasc a íoctar go déanach (i dtíortha áirithe den Aontas d’fhéadfadh an méid a bheith níos airde, arna ríomh de réir luach an tsonraisc).

Má sháraíonn na costais a thabhaigh tú agus d’fhiachas á aisghabháil agat an luach sin, is féidir cúiteamh réasúnta breise a éileamh (i.e. costais riaracháin, táillí bailithe fiach nó costais chun dlíodóir a threorú).

CBL

Gearrtar ús ar ollmhéid an fhéich (CBL san áireamh), ach ní íoctar CBL ar an ús.

Conas d’fhiachas a aisghabháil

  • Sonrasc a sheoladh chuig do chustaiméir a mbeidh an tÚs agus táillí cúitimh san áireamh ann.
  • Teagmháil a dhéanamh le comhlacht náisiúnta a d’fhéadfadh cabhrú leat d’fhiachas a aisghabháil.
  • Gníomhaireacht bailithe fiach a fhostú.
  • Teideal infhorghníomhaithe a fháil ó chúirt náisiúnta.

Tá mo ghnólacht lonnaithe i dtír de chuid an Aontais agus tá airgead dlite dom ó ghnólacht atá ag feidhmiú i dtír eile de chuid an Aontais.

Bíonn conarthaí faoi rialú ag an dlí a roghnóidh na páirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart duit an dlí lena rialaítear do chonradh a fhiosrú.

Mura ndearnadh aon rogha shonrach nuair a shínigh tú an conradh, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcreidiúnaí a rialaíonn na rialacha maidir le híocaíocht dhéanach.

Tá an riail sin mar an gcéanna maidir le díol earraí agus soláthar seirbhísí araon.

Warning

Má tá do chonradh á rialú ag dlíthe tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, d’fhéadfadh sénach mbeadh feidhm ag na rialacha seo a leanas.

An t-ús atá dlite a ríomh

Má tá d’oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla comhlíonta agat agus má tá an cliant freagrach as an moill (is é sin, ní mar gheall ar imthosca nach bhfuil neart acu orthu) tá tú i dteideal ús a éileamh ar íocaíocht dhéanach agus cúiteamh as costais aisghabhála.

Cathain a bhíonn ús dlite?

Tá an t-ús dlite ón lá tar éis an dáta dlite a shocraítear sa chonradh.

Mura bhfuil tréimhse íocaíochta socraithe agat sa chonradh, beidh ús iníoctha go huathoibríoch 30 lá féilire tar éis don chliant do shonrasc nó d’iarratas ar íocaíocht a fháil.

Mura bhfuil a fhios agat cathain a fuarthas an sonrasc, is féidir leat ús a éileamh 30 lá féilire tar éis duit do sheirbhís agus/nó do tháirgí a sheachadadh.

Má sheolann tú an sonrasc chuig do chliant sula seachadann tú do sheirbhís agus/nó do tháirge, ní thosaíonn comhaireamh na laethanta go dtí go mbeidh an seachadadh déanta.

Cé mhéad úis is ceart a chur leis?

Is féidir leat an ráta úis ar íocaíochtaí déanacha a comhaontaíodh sa chonradh a ghearradh. Murar comhaontaíodh aon ráta, beidh feidhm ag an ráta reachtúil.

Ballstát den Aontas 01/07/2025 – 31/12/2025
An Bheilg 10,50
An Bhulgáir 11,91
An Chipir 10,15
An Chróit 10,15
An Danmhairg 9,75
An Eastóin 10,15
An Fhionlainn 10,50
An Fhrainc 12,15
An Ghearmáin 10,27
An Ghréig 10,15
An Iodáil 10,15
An Ísiltír 10,15
An Laitvia 10,15
An Liotuáin 10,15
An Ostair 10,73
An Pholainn (health sector) 13,25
An Pholainn (other public sectors) 15,25
An Phortaingéil 10,15
An Rómáin 14,50
An Spáinn 10,15
An tSeicia 11,50
An tSlóivéin 10,15
An tSlóvaic 10,15
An tSualainn 10,00
An Ungáir 14,50
Éire 10,15
Lucsamburg 10,15
Málta 10,15

Úsáid ár n-áireamhán chun a fháil amach cé mhéad úis atá tú i dteideal a éileamh.

Cúiteamh as costais aisghabhála

Sa bhreis ar an ús atá dlite, tá tú i dteideal táille cúitimh ar ráta comhréidh €40 (nó a coibhéis) a éileamh ar gach sonrasc a íoctar go déanach (i dtíortha áirithe den Aontas d’fhéadfadh an méid a bheith níos airde, arna ríomh de réir luach an tsonraisc).

Má sháraíonn na costais a thabhaigh tú agus d’fhiachas á aisghabháil agat an luach sin, is féidir cúiteamh réasúnta breise a éileamh (i.e. costais riaracháin, táillí bailithe fiach nó costais chun dlíodóir a threorú).

Conas d’fhiachas a aisghabháil

Tá mo ghnólacht lonnaithe i dtír de chuid an Aontais agus tá airgead dlite dom ó údarás poiblí atá ag feidhmiú sa tír chéanna liomsa

An t-ús atá dlite a ríomh

Má tá d’oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla comhlíonta agat agus má tá an cliant freagrach as an moill (is é sin, ní mar gheall ar imthosca nach bhfuil neart acu orthu) tá tú i dteideal ús a éileamh ar íocaíocht dhéanach agus cúiteamh as costais aisghabhála.

Cathain a bhíonn ús dlite?

Tá an t-ús dlite ón lá tar éis an dáta dlite a shocraítear sa chonradh.

Mura bhfuil tréimhse íocaíochta socraithe agat sa chonradh, beidh ús iníoctha go huathoibríoch 30 lá féilire tar éis don chliant do shonrasc nó d’iarratas ar íocaíocht a fháil.

Mura bhfuil a fhios agat cathain a fuarthas an sonrasc, is féidir leat ús a éileamh 30 lá féilire tar éis duit do sheirbhís agus/nó do tháirgí a sheachadadh.

Má sheolann tú an sonrasc chuig do chliant sula seachadann tú do sheirbhís agus/nó do tháirge, ní thosaíonn comhaireamh na laethanta go dtí go mbeidh an seachadadh déanta.

Cé mhéad úis is ceart a chur leis?

Is féidir leat an t-ús a ghearradh ag an ráta reachtúil.

Ballstát den Aontas 01/07/2025 – 31/12/2025
An Bheilg 10,50
An Bhulgáir 11,91
An Chipir 10,15
An Chróit 10,15
An Danmhairg 9,75
An Eastóin 10,15
An Fhionlainn 10,50
An Fhrainc 12,15
An Ghearmáin 10,27
An Ghréig 10,15
An Iodáil 10,15
An Ísiltír 10,15
An Laitvia 10,15
An Liotuáin 10,15
An Ostair 10,73
An Pholainn (health sector) 13,25
An Pholainn (other public sectors) 15,25
An Phortaingéil 10,15
An Rómáin 14,50
An Spáinn 10,15
An tSeicia 11,50
An tSlóivéin 10,15
An tSlóvaic 10,15
An tSualainn 10,00
An Ungáir 14,50
Éire 10,15
Lucsamburg 10,15
Málta 10,15

Úsáid ár n-áireamhán chun a fháil amach cé mhéad úis atá tú i dteideal a éileamh.

Cúiteamh as costais aisghabhála

Sa bhreis ar an ús atá dlite, tá tú i dteideal táille cúitimh ar ráta comhréidh €40 (nó a coibhéis) a éileamh ar gach sonrasc a íoctar go déanach (i dtíortha áirithe den Aontas d’fhéadfadh an méid a bheith níos airde, arna ríomh de réir luach an tsonraisc).

Má sháraíonn na costais a thabhaigh tú agus d’fhiachas á aisghabháil agat an luach sin, is féidir cúiteamh réasúnta breise a éileamh (i.e. costais riaracháin, táillí bailithe fiach nó costais chun dlíodóir a threorú).

Conas d’fhiachas a aisghabháil

N.B. Má fhaightear íocaíochtaí ó údarás poiblí déanach go córasach, is féidir leat gearán oifigiúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh freisin.

Tá mo ghnólacht lonnaithe i dtír de chuid an Aontais agus tá airgead dlite dom ó údarás poiblí atá ag feidhmiú i dtír eile de chuid an Aontais.

Áireamhán úis

Tuilleadh eolais faoi íocaíochtaí déanacha i do thír féin:

Mandatory field
** Níl an ráta don tréimhse seo deimhnithe ag an mBallstát go fóill

EU legislation

Need support from assistance services?

Get in touch with specialised assistance services

Do you have questions on operating a business cross-border, for example exporting or expanding to another EU country? If so, the Enterprise Europe Network can give you free advice.

You can also use the assistance service finder to find the right help for you.

Last checked: 12/12/2025
Share this page