Páirtnéireachtaí sibhialta agus páirtnéireachtaí cláraithe
Más saoránach den Aontas thú atá i do chónaí i mBallstát eile, is féidir le do theaghlach, do pháirtí cláraithe san áireamh, teacht leat.
Warning
Más saoránach den Aontas thú nár chónaigh riamh i mBallstát eile, ní bheidh feidhm ach ag na rialacha náisiúnta.
Má tá tú i bpáirtnéireacht chláraithe idir beirt den ghnéas chéanna, ba cheart do do thír óstach cearta cónaithe a dheonú do do pháirtí faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le páirtithe cláraithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv nó gaolta eile bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Is náisiúnach den Aontas Eorpach é do pháirtí
Mar náisiúnach den Aontas, féadfaidh do pháirtí cláraithe cónaí i do thír óstach den Aontas faoina cheart nó faoina ceart féin, de réir na gcoinníollacha a bhaineann le náisiúnaigh den Aontas. Má tá do pháirtí cláraithe ag obair nó ag lorg poist, má fhaigheann sé/sí pinsean nó má tá sé/sí ag déanamh staidéir, féach na coinníollacha agus na foirmiúlachtaí maidir leis an méid seo a leanas:
- oibrithe bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
- cuardaitheoirí poist bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
- mic léinn bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
- pinsinéirí bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv
Fanacht mar chleithiúnaí
Mura bhfuil sé beartaithe ag do pháirtí a bheith ag obair, post a lorg nó staidéar a dhéanamh, agus mura bhfaigheann sé/sí pinsean, is féidir leis/léi teacht in éineacht leat mar bhall teaghlaigh. Caitheann roinnt tíortha san Aontas le páirtnéireachtaí cláraithe ar an dóigh chéanna a gcaitheann siad le lánúineacha pósta. Sa chás sin, ba cheart duit seiceáil a dhéanamh ar na cearta cónaithe agus na coinníollacha is infheidhme maidir le céilí bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Tá tíortha eile san Aontas nach n-aithníonn gurb ionann páirtnéireachtaí cláraithe agus pósadh. Féach na cearta cónaithe agus na coinníollacha is infheidhme do ghaolta eile bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv nó faigh tuilleadh eolais faoi aitheantas a thabhairt do pháirtnéireachtaí cláraithe san Eoraip bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Ní náisiúnach den Aontas Eorpach é do pháirtí
Caitheann roinnt tíortha san Aontas le páirtnéireachtaí cláraithe ar an dóigh chéanna a gcaitheann siad le lánúineacha pósta. Déan seiceáil ar na cearta cónaithe agus na coinníollacha is infheidhme do chéilí nach saoránaigh den Aontas iad bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv. Tá tíortha eile ann san Aontas nach n-aithníonn gurb ionann páirtnéireachtaí cláraithe agus pósadh, ach d’fhéadfadh do pháirtí cláraithe teacht in éineacht leat faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le baill teaghlaigh eile. Déan seiceáil ar na cearta cónaithe agus na coinníollacha is infheidhme do ghaolta eile nach saoránaigh den Aontas iad bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.
Tuilleadh eolais faoin aitheantas a thugtar do pháirtnéireachtaí cláraithe san Eoraip bg cs da de el en es et fi fr hr hu it lt lv mt nl pl pt ro sk sl sv.